An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cumhachtaí agus Dualgais Ilghnéitheacha an Aire.) Ar Aghaidh (CUID IV. Boird Choimeádaithe.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID III.

Ceantair Iascaigh agus Toghranna.

Ceantair iascaigh agus toghranna.

19. —(1) Faoi réir ordú faoi alt 20, beidh gach limistéar dá luaitear i gcolún (4) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha ina cheantar iascaigh chun críocha an Achta seo agus tabharfar air an uimhir agus an t-ainm a luaitear i gcolúin (2) agus (3) faoi seach den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(2) Faoi réir ordú faoi alt 20, beidh gach ceann de na huiscí éagsúla a luaitear i gcolún (6) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha ina thoghroinn, chun críocha an Achta seo, den cheantar iascaigh a luaitear a ainm i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, agus tabharfar ar gach toghroinn díobh sin an t-ainm a luaitear os a coinne i gcolún (5) den Sceideal sin.

(3) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar léarscáileanna (dá ngairtear na léarscáileanna oifigiúla san fho-alt seo) a thaispeánfaidh, ar cibé modh is cuí leis an Aire agus a chuirfidh sé in iúl orthu, teorainneacha gach ceann de na ceantair iascaigh éagsúla.

(b) Cuirfear séala oifigiúil an Aire ar na léarscáileanna oifigiúla.

(c) Chun críocha aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh na léarscáileanna oifigiúla ina bhfianaise dhochloíte ar theorainneacha (mar thaispeánfar sin orthu) gach ceantair iascaigh.

(d) Taiscfear na léarscáileanna oifigiúla in oifig an Aire i mBaile Atha Cliath agus beidh siad ar fáil ansin lena n-iniúchadh ag aon duine leasmhar in aisce cibé tráthanna a ordóidh an tAire.

(e) In aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh léarscáil a dheimhnigh oifigeach don Aire a bheith ina cóip dhílis de na léarscáileanna oifigiúla, nó d'aon chuid díobh, ina fianaise prima facie ar na léarscáileanna oifigiúla nó ar an gcuid sin díobh (de réir mar a bheidh) agus ní gá cruthúnas ar shíniú an duine a dheimhnigh an léarscáil sin ná cruthúnas gurbh oifigeach don Aire é.

Ceantair iascaigh nua agus toghranna nua a cheapadh.

20. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) ceantair iascaigh nua a cheapadh (trí chónascadh, foroinnt nó eile),

(b) toghranna nua a cheapadh (trí chónascadh, fo-roinnt nó eile),

(c) an líon coimeádaithe (nach mó ná naonúr agus nach lú na triúr) a cheapadh a bheidh le toghadh d'aon toghroinn nua a cheapfar faoin alt seo.

(2) Aon uair a cheapfaidh an tAire toghroinn nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé—

(a) socrú a dhéanamh leis an ordú chun daoine a thoghadh le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán tríbhliantúil eile, nó

(b) daoine a ainmniú le gníomhú mar choimeádaithe don toghroinn sin go dtí an chéad toghchán tríbhliantúil eile.

(3) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar iascaigh nua le hordú faoin alt seo, ceapfaidh sé leis an ordú sin teorainneacha an cheantair iascaigh sin agus cuirfidh sé i gceangal leis an ordú sin léarscáil oiriúnach a thaispeánfaidh na teorainneacha sin.

(4) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar nua iascaigh le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, a ordú go ndéanfar an t-iomlán nó aon chuid shonraithe den airgead agus de na sócmhainní eile is le bord coimeádaithe aon cheantar iascaigh lena mbainfidh an t-ordú, ar dháta an ordaithe, a dhiúscairt, faoi réir dhliteanais an bhoird sin, ar cibé cuma is cuí leis an Aire a ordú agus a shonrú san ordú sin, agus, nuair a dhéanfar aon ordú den sórt sin, déanfar an t-airgead agus na sócmhainní eile lena mbainfidh sé a dhiúscairt amhlaidh faoi réir na ndliteanas sin.

(5) Aon uair a cheapfaidh an tAire ceantar iascaigh nua le hordú faoin alt seo, féadfaidh sé, leis an ordú céanna nó le hordú ina dhiaidh sin, socrú a dhéanamh chun an chéad chruinniú den bhord coimeádaithe don cheantar iascaigh nua sin a thionól.

(6) A luaithe is féidir tar éis a dhéanta, foilseofar gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo (gan an léarscáil (más ann) i gceangal leis, ach le ráiteas á insint cá bhféadfar an léarscáil sin (más ann) a iniúchadh) san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sna ceantair iascaigh lena mbainfidh an t-ordú, agus déanfar cóip den ordú sin agus den léarscáil a bheidh i gceangal léi (má bhíonn) a thaisceadh le Cláraitheoir Contae gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbainfidh an t-ordú leis nó léi nó le haon chuid de nó di, agus i gach stáisiún Garda Síochána sna ceantair iascaigh lena mbainfidh an t-ordú.