An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIV. Oisrí.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Orduithe um Iascach Oisrí.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil II.

Ceadúnais Leaba Oisrí.

Ceadúnais leaba oisrí.

245. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi reir alt 11 agus forálacha na Caibidile seo—

(a) ceadúnas a dheonú d'úinéir aon iascaigh eisiataigh nó d'úinéir leaba agus grinneall aon inbhir chun leaba oisrí a dhéanamh nó a phlandáil laistigh de theorainneacha an iascaigh eisiataigh sin nó thar an leaba agus an grinneall sin taobh thíos nó taobh thuas de dhiathrá rabhartaí,

(b) ceadúnas a dheonú d'úinéir nó d'áititheoir aon talún atá ag críochantacht leis an bhfarraige nó le haon inbhear nó, le toiliú an áititheora sin, do dhuine ar bith, chun leaba oisrí a dhéanamh nó a phlandáil ar an gcladach tadhlach leis an talamh sin taobh thuas nó taobh thíos de dhiathrá rabhartaí,

(c) ceadúnas a dheonú d'aon duine chun leaba oisrí a dhéanamh nó a phlandáil taobh thíos de dhiathrá rabhartaí.

(2) Ní dheonófar aon cheadúnas leaba oisrí chun leaba oisrí a chur ná a phlandáil—

(a) in aon áit ar dóigh leis an Aire iascaireacht oisrí as a bhfuil cion maith brabúis a bheith á fheidhmiú agus ar sealúchas bona fide ag an bpobal, ná

(b) laistigh de theorainneacha aon leaba oisrí nó aon iascach oisrí le haon duine príobháideach, ná

(c) laistigh de theorainneacha aon iascaigh eisiataigh gan toiliú i scríbhinn ó úinéir an iascaigh sin.

(3) Má dheonaítear ceadúnas leaba oisrí d'aon áititheoir ar thalamh atá ag críochantacht leis an bhfarraige nó le haon inbhear, nó d'aon duine le toiliú an áititheora sin, ní fhanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ach fad a bheidh áitíocht na talún sin ag an duine a bhí á áitiú tráth an ceadúnas sin a dheonú.

(4) Má dheonaítear ceadúnas d'aon duine le toiliú aon úinéara, ní fhanfaidh an ceadúnas sin i bhfeidhm ach ar feadh na tréimhse a ainmneofar sa toiliú sin.

(5) Ní dhéanfaidh ceadúnas leaba oisrí difir, ach amháin chun leapacha oisrí a dhéanamh nó a phlandáil, d'aon chearta i gcladach nó i ngrinneall nó ar chladach nó grinneall na farraige.

Foirm cheadúnas leaba oisrí.

246. —Sonróidh gach ceadúnas leaba oisrí, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile de réir mar is dóigh leis an Aire is fearr, suíomh agus teorainneacha na leapa oisrí lena mbainfidh sé agus féadfar coinníollacha agus teorainneacha a chur leis, agus, faoi réir fhorálacha fho-ailt (3) agus (4) d'alt 245, féadfaidh sé a bheith buan nó infhoirceanta, de réir mar is cuí leis an Aire.

Fiosrúchán i dtaobh iarratais ar cheadúnas leaba oisrí.

247. —I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire ar cheadúnas leaba oisrí á údarú leaba oisrí a phlandáil nó a chur i láthair áirithe—

(a) cuirfidh an tAire faoi deara fiosrúchan poiblí a dhéanamh féachaint arbh fhóirstineach géilleadh don iarratas agus socrófar an t-am i gcaoi go bhféadfar fógra a thabhairt faoin bhfiosrúchán agus faoin áit i gceantar na láithreach sin chun a fiosrúchán sin a dhéanamh,

(b) cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar, de réir alt 322, fógra (ina luafar go bhfuair sé an t-iarratas) faoi am agus áit an fhiosrúcháin sin,

(c) ceapfaidh an tAire oifigeach don Aire chun an fiosrúchán sin a dhéanamh,

(d) ní thabharfaidh an tAire aon bhreith ar an iarratas go dtí go mbeidh breithniú déanta aige ar thuarascáil an oifigigh sin.

Fógra i dtaobh ceadúnas, etc., a dheonú.

248. —I gcás ina ndéanfar ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959) a dheonú—

(a) foilseofar fógra faoina dheonú i nuachtán éigin a léitear sa cheantar ina mbeidh an ceadúnas le feidhm a bheith aige,

(b) taiscfear cóip dhílis den cheadúnas le cláraitheoir contae an chontae ina mbeidh an ceadúnas le feidhm a bheith aige,

(c) beidh cóip den cheadúnas arna dheimhniú faoi láimh an chláraitheora chontae sin ina fhianaise ar an gceadúnas.

Eifeacht ceadúnas leaba oisrí.

249. —Beidh gach ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959), mura ndéantar achomharc ina choinne faoi alt 11 nó má dhaingnítear é ar an achomharc sin, ina cheangal ar an Stát agus ar gach uile dhuine eile agus oibreoidh sé chun cibé cearta agus pribhléidí a thabharfar leis a dhílsiú sa cheadúnaí, a oidhrí, a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a shannaithe, de réir a bhrí, saor ó gach ceart, teideal, eastát nó leas i dtosaíocht orthu nó de chineál ar bith eile.

Ceadúnais a fhoirceannadh le deimhniú ón Aire.

250. —(1) D'ainneoin aon ní in aon cheadúnas leaba oisrí, féadfar an ceadúnas sin a fhoirceannadh le deimhniú ón Aire á dheimhniú nach bhfuil sé sásta go bhfuil an láthair oisrí, laistigh de theorainneacha an cheadúnais sin, á shaothrú i gceart ag an gceadúnaí, agus, ar aon deimhniú den sórt sin a dhéanamh, foirceannfar go hiomlán an ceart a tugadh leis an gceadúnas sin.

(2) Chun críocha an ailt seo féadfaidh an tAire, ó am go ham maidir le haon cheadúnas leaba oisrí nó aon iascach oisrí ceadúnaithe, cibé fiosrúcháin agus scrúdúcháin a dhéanamh agus a cheangal ar an gceadúnaí cibé faisnéis a thabhairt is dóigh leis an Aire is gá, agus tabharfaidh an ceadúnaí gach saoráid le haghaidh na bhfiosrúchán agus na scrúdúchán sin agus tabharfaidh sé an t-eolas sin dá réir sin.

Ceadúnais leaba oisrí a chúlghairm.

251. —(1) Má fheictear don Aire nach ndearna an ceadúnaí faoi aon cheadúnas leaba oisrí nó a shannaithe laistigh den tréimhse trí bliana ó dháta an cheadúnais na bearta is cuí leis an Aire chun an leaba oisrí a luaitear sa cheadúnas sin a dhéanamh, féadfaidh an tAire, le hordú, an ceadúnas sin a chúlghairm.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ag cúlghairm ceadúnas leaba oisrí, cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar fógra i scríbhinn go bhfuil sé chun an t-ordú sin a dhéanamh a sheir-bheáil ar an duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal an cheadúnais sin nó, mura féidir an duine sin a aimsiú, cuirfidh sé faoi deara an fógra sin a chur isteach mar fhógrán trí huaire ar a laghad i nuachtán éigin a léitear sa cheantar ina bhfuil an leaba oisrí a luaitear sa cheadúnas sin, agus ní dhéanfar aon ordú den sórt sin go ceann míosa tar éis an fógra sin a sheirbheáil nó ó dháta an fhógráin dheiridh acu sin.

Athrú ar cheadúnais leaba oisrí chun éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú.

252. —Féadfaidh an tAire aon cheadúnas leaba oisrí (Acht 1845) nó aon cheadúnas leaba oisrí (Acht 1850) a athrú nó aon cheadúnas leaba oisrí (Acht 1959) a dheonú ina ionad don cheadúnaí nó dá ionadaí chun éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú nó gealltanas a thug aon cheadúnaí den sórt sin nó a tugadh thar a cheann, nó a rinne sé nó a rinneadh thar a cheann, le duine ar bith tar éis dáta an cheadúnais sin.

Pionós mar gheall ar dhíobháil a dhéanamh do leapacha oisrí ceadúnaithe.

253. —Má dhéanann duine ar bith (seachas an ceadúnaí nó a shannaithe, a ghníomhairí, a sheirbhísigh agus a oibrithe) go feasach, laistigh de theorainneacha leaba oisrí cheadúnaithe, aon ní acu seo a leanas:—

(a) aon acra iascaireachta a úsáid, seachas ruaim agus duán nó líon atá cóirithe d'aontoisc le hiasc saor-shnáimh a ghabháil agus a úsáidtear ar chuma nach gcorrófar ná nach ndéanfar díobháil ar dhóigh ar bith d'aon leaba oisrí ná d'aon oisrí ná don iascach oisrí,

(b) dreidireacht le haghaidh aon bhallasta nó ábhair eile ach amháin faoi údarás dleathach chun loingseoireacht a fheabhsú,

(c) aon bhallasta, truflais nó substaint eile a chur síos,

(d) aon acra nó goireas, nó aon ní a bheidh dochrach nó ar dóigh dó bheith dochrach d'aon leaba oisrí nó d'aon oisrí nó d'álmhach nó sceith oisrí, nó don iascach oisrí, ach amháin le haghaidh críoch dhleathach loingseoireachta nó ancaireachta,

(e) aon leaba oisrí nó aon oisrí nó a n-álmhach nó a sceith sin, nó an t-iascach oisrí, a chorraí nó a dhíobhálú ar dhóigh ar bith, ach amháin mar a luaitear i mír (d) den alt seo,

(f) a bhainfidh le haon oisrí sa leaba sin nó a thógfaidh aon oisrí aisti gan toiliú cheadúnaí nó úinéir nó áititheoir na leapa sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(1) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(i) i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air,

(ii) i gcás an dara cion, fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air,

(iii) i gcás an tríú cion nó aon chiona ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air;

(2) Dlífidh an duine sin, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh é a ionchúiseamh nó a chiontú sa chion sin, cúiteamh iomlán a dhéanamh leis an gceadúnaí sa damáiste go léir a bhain don cheadúnaí mar gheall ar ghníomh neamhdhleathach an duine sin, agus féadfar an cúiteamh sin a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla.

Éifeacht ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845) agus ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850).

254. —Gach ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845) nó ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850) a bheidh i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith, measfar éifeacht a bheith aige chun an ceart eisiatach oisrí a chur agus a phlandáil agus oisrí a iascaireacht sa leaba oisrí a údaraíodh a dhéanamh leis an gceadúnas sin a dhílsiú sa cheadúnaí, ina oighrí agus ina shannaithe, de réir bhrí agus éifeacht an cheadúnais sin agus saor ó gach ceart, teideal, eastát nó leas i dtosaíocht orthu nó de chineál eile.

Pionós mar gheall ar fhoghail a dhéanamh ar leaba oisrí cheadúnaithe.

255. —Duine ar bith a dhéanfaidh go toiliúil foghail ar aon leaba oisrí cheadúnaithe (ar dámhadh ceadúnas ina leith roimh an 7ú lá de Lúnasa, 1884) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.