|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Forálacha eile maidir le hIascaigh Mhara.) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Ceadúnais Leaba Oisrí.) |
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID XIV. Oisrí. | |
[EN] |
Caibidil I. Mínithe. | |
[EN] |
Mínithe chun críocha Chuid XIV. |
244. —Sa Chuid seo— |
[EN] | ceadúnaí. |
ciallaíonn an focal “ceadúnaí”, maidir le haon cheadúnas leaba oisrí, an duine atá de thuras na huaire i dteideal an cheadúnais sin; |
[EN] | leaba oisrí cheadúnaithe. |
ciallaíonn an abairt “leaba oisrí cheadúnaithe” leaba oisrí a bhfuil ceadúnas leaba oisrí i bhfeidhm ina leith; |
[EN] | úinéir. |
ciallaíonn an focal “úinéir”, maidir le haon talamh, aon duine atá i dteideal na cíosanna agus na brabúis as talamh a shealbhú nó a fháil le haghaidh eastáit ar feadh a shaoil féin, nó ar feadh blianta is infhoirceanta ar a shaol féin, nó le haghaidh aon eastáit is mó ná sin, gan aon duine a áireamh atá i dteideal na talún sin de bhua aon léasa ar feadh saolta nó blianta ar cíos forlán; |
[EN] | ceadúnas leaba oisrí. |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí” ceadúnas arb é atá ann— |
[EN] | (a) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845), nó | |
[EN] | (b) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850), nó | |
[EN] | (c) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1866), nó | |
[EN] | (d) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1869), nó | |
[EN] | (e) ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959); | |
[EN] | ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845). |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1845)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 17 den Fisheries (Ireland) Act, 1845; |
[EN] | ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850). |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1850)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 41 den Fisheries (Ireland) Act, 1850; |
[EN] | ceadúnas leaba oisrí (Acht 1866). |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1866)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 4 den Oyster Fishery (Ireland) Amendment Act, 1866; |
[EN] | ceadúnas leaba oisrí (Acht 1869). |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1869)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 14 den Fisheries (Ireland) Act, 1869; |
[EN] | ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959). |
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959)” ceadúnas arna dheonú faoi alt 245; |
[EN] | ordú um iascach oisrí. |
ciallaíonn an abairt “ordú um iascach oisrí” ordú arb é atá ann— |
[EN] | (a) ordú um iascach oisrí (Acht 1884), nó | |
[EN] | (b) ordú um iascach oisrí (Acht 1959); | |
[EN] | ordú um iascach oisrí (Acht 1884). |
ciallaíonn an abairt “ordú um iascach oisrí (Acht 1884)” ordú arna dhéanamh faoin Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884; |
[EN] | ordú um iascach oisrí (Acht 1959). |
ciallaíonn an abairt “ordú um iascach oisrí (Acht 1959)” ordú arna dhéanamh faoi Chaibidil III den Chuid seo. |