An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Forálacha Foghabhálacha a bhaineann le Caibidlí II agus III de Chuid XIII.) Ar Aghaidh (CUID XIV. Oisrí.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil V.

Forálacha eile maidir le hIascaigh Mhara.

Pionós mar gheall ar líonta faoi chlúdach canbháis, etc., a úsáid ar chósta na farraige nó in inbhear.

237. —(1) Más rud é go n-úsáidfidh duine ar bith, ar chósta na farraige nó laistigh d'aon inbhear, ach amháin chun iasc sliogach a dhreideáil, aon inneall iascaireachta faoi chlúdach canbháis, seithe nó ábhair eile, a bhféadfaí iasc róbheag a thógáil nó a dhíothú leis beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forálacha maidir le líonta scadán agus líonta eile.

238. —(1) Más dhéanann duine ar bith, i dtrátha an lae—

(a) aon líon chun scadáin a ghabháil nó aon traimil a shuíomh san fharraige nó i sruth taoide aon inbhir, nó

(b) aon líon scríbe nó aon líon eile a fhágáil san uisce,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) (a) Duine ar bith a dhéanfaidh, i rith na tréimhse idir luí gréine agus éirí gréine, aon líon den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a shuíomh, san fharraige nó i sruth taoide aon inbhir, agus nach ndéanfaidh an líon sin a tharraingt agus a aistriú roimh éirí gréine, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(b) I gcás duine a ionchúiseamh i gcion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith a chruthú gur stoirm obann nó drochaimsir a choisc air an líon a ndearnadh an cion a chúiseamh ina leith a tharraingt agus a aistriú.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh aon líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo—

(a) le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil, ná

(b) le haon líon saighne, ná

(c) le haon sruth-líon chun pilséir nó iasc seachas scadáin a ghabháil, ná

(d) le haon líon, má údaraítear agus sa mhéid go n-údaraítear é a úsáid le fodhlíthe arna ndéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo.

(5) Féadfaidh an tAire fodhlíthe a dhéanamh á údarú aon líon a úsáid i dtrátha an lae ar aon chuid den chósta nó de na hoileáin amach ón gcuid sin, mar a bhféadfar, i dtuairim an Aire, na líonta sin a úsáid i dtrátha an lae gan dochar do na hiascaigh.

Pionós mar gheall ar thrál nó traimil a úsáid contrártha do fhodhlíthe.

239. —(1) Duine ar bith a úsáidfidh aon trál nó traimil in aon séasúr nó in aon áit, san fharraige nó laistigh de shruth taoide aon inbhir, am nó in áit a mbeidh sé coiscthe é a úsáid le haon fhodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Usáid cladach, etc., ag iascairí le haghaidh iascaireachta mara.

240. —(1) Féadfaidh gach iascaire agus gach duine a bheidh ar fostú ag iascaire—

(a) dul isteach ar aon chladach, trá agus dramh-thailte ar bord nó le hais na farraige nó aon inbhir, de réir mar is gá, chun iascaireachta mara a dhéanamh, agus

(b) a líonta a tharraingt aníos agus a leathadh agus a chuid éisc a thabhairt i dtír ar an gcladach, ar an trá nó an dramh-thalamh sin.

(2) Má chuireann duine ar bith in aghaidh aon duine eile nó má choisceann go foréigneach é agus é ag feidhmiú aon chirt dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(3) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar ní a údaraíonn aon fhearais nó innill sheasmhacha a chur suas ar aon chladach, trá nó dramh-thalamh ar bord nó le hais na farraige nó aon inbhir.

Usáid talún atá tadhlach le hionaid iascaireachta ag iascairí.

241. —(1) Gach faireoir, stiúrthóir agus giolla iascairí, agus gach duine de na hiascairí sin iad féin, a bheidh ag freastal de riachtanas ar na líonta nó ar an iascaireacht na tráthanna iascaireachta éisc mhara, féadfaidh siad dul isteach ar aon tailte (nach gairdín iata ná talamh curaíochta faoi bharr) atá in aice le nó tadhlach le haon ionad iascaireachta atá oiriúnach, áisiúil agus riachtanach le hiasc a fhaire agus iad a tharraingt nó a thabhairt chun cladaigh, agus san ionad sin faire a dhéanamh ar an iasc sin agus na hiascairí sin a stiúrú agus a threorú a bheidh ar muir agus ar chóstaí na farraige chun an t-iasc sin a thógáil.

(2) Má chuireann duine ar bith in aghaidh aon duine eile nó má choisceann go foréigneach é agus é ag feidhmiú aon chirt dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Leapacha baoití.

242. —(1) Is dleathach d'úinéir nó d'áititheoir aon talún atá ag críochantacht leis an bhfarraige nó le haon inbhear, le cead an Aire, nó do dhuine ar bith, le toiliú an úinéara nó an áititheora sin agus le cead an Aire, leaba baoití a dhéanamh ar bhord na farraige (ach amháin ar chuid de ar láthair í do bhanc poiblí nó leaba phoiblí a thaithítear le haghaidh baoití) in aice na talún sin.

(2) Má dhéantar, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar leis an alt seo, leaba baoití a phlandáil tadhlach le haon talamh, ansin, fad a bheidh an talamh sin ar úinéireacht nó ar áitíocht ag an duine a raibh sé ar úinéireacht agus ar áitíocht aige tráth an leaba baoití a phlandáil, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) beidh an leaba baoití ina maoin phríobháideach ag an duine a phlandáil í (dá ngairtear an dílseánach san fho-alt seo), agus beidh urlámhas eisiatach ag an dílseánach uirthi,

(b) ní thabharfaidh plandáil na leapa baoití aon cheart ná teideal eisiatach chun áitíocht an chladaigh ach amháin chun críocha na leapa baoití,

(c) faoi réir mhír (a) den fho-alt seo ní chuirfidh plandáil na leapa baoití isteach ar fheidhmiú saor iomlán aon cheart poiblí iascaireachta ná aon cheart poiblí eile ar an gcladach nó feadh an chladaigh,

(d) má dhéanann duine ar bith, gan toiliú an dílseánaigh, cur isteach ar an leaba baoití nó aon bhaoite a thabhairt leis as an leaba baoití, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Báid iascaireachta agus gléasanna, etc., iascaireachta a thóg far as an bhfarraige a thabhairt go dtí an stáisiún Garda Síochána is cóngaraí.

243. —(1) Aon duine a gheobhaidh nó a thógfaidh as an bhfarraige aon bhád iascaireachta nó aon rigín, gléas nó gabhálas de chuid bád iascaireachta, nó aon líon, bulla, snámhán nó acra iascaireachta, déanfaidh sé, a luaithe is féidir é, é a sheachadadh don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh i bhfeighil an staisiún Garda Síochána is cóngaraí agus measfar an comhalta sin a bheith ina ghníomhaire don ghlacadóir raice, agus cuirfidh sé é i gcoimeád an ghlacadóra.

(2) Duine ar bith a sharóidh go toiliúil fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.