An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Forálacha a bhaineann le teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Forálacha Foghabhálacha a bhaineann le Caibidlí II agus III de Chuid XIII.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil III.

Forálacha a bhaineann le hIasc Mara róbheag.

Iasc mara róbheag.

225. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, a dhearbhú, le hordú, gur iasc róbheag, chun críocha na Caibidle seo, aon chineál sonraithe éisc mara a bheidh, arna thomhas ar an modh a ordófar leis an ordú sin, faoi bhun na dtomhas sonraithe, agus, aon uair a dhéanfar ordú faoin alt seo maidir le haon chineál áirithe éisc mara, ansin, fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm, is iasc róbheag, chun críocha na Caibidle seo, gach iasc mara den chineál sin a bheidh faoi bhun na dtomhas sonraithe.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo maidir le hiasc mara de chineál áirithe féadfaidh sé faid éagsúla a shonrú maidir le hiasc mara den chineál sin a bheidh iomlán nó a mbeidh aon chodanna bainte díobh nó astu.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le cineálacha éagsúla éisc mara agus sa chás sin féadfaidh forálacha difriúla a bheith ann maidir le gach cineál éisc mhara lena mbaineann an t-ordú.

Srian le cineálacha áirithe líonta iascaireachta a iompar ar bháid iascaireachta mara.

226. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, a dhearbú, le hordú, go bhfuil sé neamhdhleathach aon líon le haghaidh iascaireacht mhara a iompar ar bord aon bhád iascaireachta mara Éireannach i limistéar sonraithe nó ar bord aon bháid iascaireachta mara eile sa mhéid (más an mhéid é) den limistéar sin atá laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit mura bhfuil an líon sin déanta ar an gcuma, agus mogall uirthi chomh mór ar a laghad leis an mogall, a shonrófar san ordú sin.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo—

(a) féadfaidh sé baint a bheith aige le níos mó ná limistéar amháin, agus sa chás sin féadfaidh forálacha éagsúla a bheith ann maidir le gach limistéar ar leith lena mbainfidh sé;

(b) féadfaidh sé modhanna éagsúla déantóireachta agus íos-mhéideanna éagsúla mogall a shonrú le haghaidh iascaireachta cineálacha éagsúla éisc mhara, le haghaidh modhanna éagsúla iascaireachta, le haghaidh iascaireachta i limistéir éagsúla agus le haghaidh iascaireachta le linn tréimhsí éagsúla;

(c) féadfaidh sé a ordú cad é an tslí ina ndéanfar na híosmhéideanna a shonrófar san ordú sin do na mogaill a thomhas chun críocha an ordaithe sin;

(d) féadfaidh sé, i gcás aon chineál líonta, íos-mhéideanna éagsúla a shonrú do mhogall na líonta agus iad tirim nó fliuch agus sula gcuirfear ábhair leasaitheacha orthu nó tar éis iad a chur orthu.

(3) Más rud é, aon uair a bheidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm, go n-iomprófar aon líon ar bord aon bháid iascaireachta mara contrártha don ordú sin, beidh gach duine acu seo a leanas, eadhon, máistir, úinéir agus cairtfhostóir (más ann) an bháid sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Srian le deiseanna a iompar a chúngódh mogall lín.

227. —(1) Ní dleathach aon deis a iompar ar bord aon bháid iascaireachta mara Éireannaigh in áit ar bith, ná ar bord aon bháid iascaireachta mara eile laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit, is deis lena bhféadfaí an mogall in aon chuid de líon a bheidh á iompar an tráth sin ar bord an bháid sin a chúngú nó a laghdú ar shlí ar bith eile.

(2) Má iompraítear aon deis ar bord báid iascaireachta mara contrártha don alt seo, beidh gach duine acu seo a leanas, eadhon, máistir, úinéir agus cairtfhostóir (más ann) an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon deis a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Toirmeasc ar iasc mara atá róbheag, a bheith ar seilbh, lena ndíol, ar aon bháid iascaireachta mara.

228. —(1) Ní dleathach aon iasc mara atá róbheag a bheith ar seilbh, lena ndíol, ar bord aon bháid iascaireachta mara Éireannaigh in áit ar bith ná ar bord aon bháid iascaireachta mara eile laistigh de theorainneacha eisiatacha iascaigh an Stáit.

(2) Má dhéantar sárú ar an alt seo ar bord aon bháid iascaireachta mara, beidh gach duine acu seo a leanas, eadhon, máistir, úinéir agus cairthfhostóir (más ann) an bháid sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, ordóidh an Chúirt an t-iasc mara, arb é a sheilbh ab ábhar don chion sin, a dhíothiú, mura bhfuil an t-iasc mara sin díothaithe cheana féin.

(4) In aon imeachtaí faoin alt seo beidh seilbh aon éisc mhara ar bord báid iascaireachta mara ina fhianaise prima facie gur lena dhíol a bhí an t-iasc mara sin ar seilbh amhlaidh.

Toirmeasc ar iasc mara atá róbheag a chur i dtír, a dhíol, etc.

229. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon iasc mara atá róbheag a chur i dtír, a dhíol, a thaispeáint chun a dhíolta ná a shealbhú chun a dhíolta.

(2) Duine ar bith a ghníomhóidh contrártha don alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, ordóidh an Chúirt an t-iasc mara, arb é a sheilbh ab ábhar don chion sin, a dhíothú mura bhfuil an t-iasc mara sin díothaithe cheana féin.

(4) Chun críocha aon imeachtaí faoin alt seo—

(a) beidh seilbh éisc mhara ag duine ar bith ar aon mhargadh nó in aon siopa nó ag aon mhangaire ceadúnaithe in áit ar bith ina fhianaise prima facie gur chun a dhíolta atá an t-iasc sin ar seilbh amhlaidh.

(b) Má fhaightear aon iasc mara i seilbh duine ar bith ar chósta na mara nó ina aice measfar, mura bhfuil fianaise ar a mhalairt, gurb é an duine sin a chuir i dtír é.

Forálacha maidir le horduithe.

230. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú arna dhéanamh aige faoin gCaibidil seo a chúlghairm nó a leasú.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin gCaibidil seo—

(a) foilseofar san Iris Oifigiúil é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus

(b) sonrófar ann an dáta (nach luaithe ná ceithre lá dhéag tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil) a thiocfaidh an t-ordú sin i bhfeidhm.

Cumhachtaí chun iasc mara, etc., a iniúchadh, a scrúdú agus a choinneáil.

231. —(1) Tugtar údarás agus cumhacht leis seo do gach oifigeach cosanta iascaigh mhara gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

(a) aon duine a bheidh, nó a chreidfear a bheith, ag iompar éisc mhara de chineál ar bith a stopadh agus a chuardach agus aon iasc mara a gheofar ar iompar ag an duine sin a iniúchadh agus chuige sin aon fheithicil nó pacáiste a mbeidh, nó a mb fhéidir go mbeadh nó a gcreidfear go bhfuil an t-iasc mara sin á iompar ann a oscailt agus a chuardach;

(b) dul isteach, agus saorchead a bheith aige istigh, gach tráth réasúnach—

(i) in aon áitreabh a ndéantar, nó a gcreidtear go ndéantar, iasc a dhíol, a choinneáil, a thaispeáint nó a stóráil chun a dhíolta ann, nó

(ii) in áitreabh aon duine a bhíonn ag gabháil do ghnó iompair earraí ar luach saothair, nó

(iii) ar aon phiara, cé, caladh, lamairne, duga nó áitreabh duga, nó

(iv) in aon long, bád, vaigín iarnróid, leoraí, cairt, nó árthach nó feithicil eile a úsáidtear chun earraí a iompar;

(c) an t-iasc mara go léir a gheofar in aon áit a n-údaraítear dó leis an alt seo dul isteach ann a scrúdú agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a gheofar san áit sin agus a mbeidh, nó a gcreidfear go bhfuil, iasc mara ann;

(d) aon bhád a stopadh a úsáidtear, nó a chreidtear a bheith á húsáid, le haghaidh iascaireachta, nó a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, iasc mara atá róbheag inti, dul isteach inti agus í a chuardach agus an t-iasc go léir agus na líonta agus na gléasanna eile go léir chun iascaireachta a gheofar inti a scrúdú, agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, aon iasc, líonta nó gléasanna eile mar a dúradh ann;

(e) aon iasc mara (i dteannta nó in éagmais aon phacáiste ina mbeidh siad) a gheofar nuair a bheifear ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo agus a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, cion faoin gCaibidil seo á dhéanamh ina leith a thógáil, a aistriú, agus a choinneáil faoina choimeád;

(f) aon líon nó gléas eile le haghaidh iascaireachta, nó aon earra a ndlitear, nó a gcreidfear go ndlitear, é a fhorghéilleadh faoin gCaibidil seo, a thógáil, a aistriú, agus a choinneáil faoina choimeád;

(g) ainm agus seoladh an duine a mbeidh ina choimeád aon iasc mara nó aon earra eile a údaraítear dó faoin alt seo a scrúdú a éileamh agus a thógáil, agus fós ainm agus seoladh úinéir an éisc mhara sin nó an earra eile sin a éileamh ar an duine sin agus a thógáil uaidh.

(2) I gcás ina gcoinneoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara aon iasc mara nó earra eile ina choimeád faoi údarás an ailt seo, déanfaidh sé, a luaithe is caothúil, cibé bearta is cuí chun go ndéileálfar de réir an dlí leis an duine a bheidh ciontach, nó a chreidfear a bheith ciontach, sa chion a rinneadh, nó a chreidfear a rinneadh, maidir leis an iasc mara sin nó leis an earra eile sin.

(3) I gcás ina gcoinneoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara aon iasc mara ina choimeád faoi údarás an ailt seo agus gur dócha go dtiocfaidh an t-iasc mara sin chun a bheith neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine sula mbeidh sé caothúil ag aon chúirt déileáil leis an ábhar, tabharfaidh sé an t-iasc mara sin ar aird do Fheidhmeannach Síochána, agus má údaraíonn an Feidhmeannach Síochána sin dó é díothóidh sé an t-iasc mara sin.

(4) Aon Fheidhmeannach Síochána a dtabharfar aon iasc mara ar aird dó de bhun an ailt seo, déanfaidh sé, más é a thuairim gur cheart sna himthoscaí an t-iasc mara a dhíothú, deimhniú i scríbhinn a thabhairt don oifigeach cosanta iascaigh mhara a thabharfaidh an t-iasc mara ar aird agus tabharfaidh an deimhniú sin tuairisc ar an iasc mara agus ar aon mharcanna, airíona nó sonraí eile ina thaobh a thaispeánfaidh an t-oifigeach sin dó agus údaróidh sé don oifigeach sin an t-iasc mara a dhíothú, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochloíte i ngach cúirt ar gach ábhar fíoras den sórt a dúradh a bheidh luaite ann.

(5) Ní bheidh dliteanas ar dhuine ar bith i leith aon chaillteanais nó damáiste a thiocfaidh de dhroim nó i gcúrsa aon chumhachta a fheidhmiú dá dtugtar dó leis an alt seo murarbh é an duine sin, go hainrianta nó go mailíseach dó, ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste sin.

(6) Gach duine—

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh aon oifigeach cosanta iascaigh mhara agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar don oifigeach sin leis an alt seo, nó

(b) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nuair a éileoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara air é go dleathach faoin alt seo nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach, nó

(c) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ainm agus seoladh aon duine eile a thabhairt nuair a éileoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara air é go dleathach faoin alt seo agus gurb eol dó ainm agus an seoladh an duine eile sin nó a thabharfaidh ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí.

(7) Aon duine a n-éileoidh oifigeach cosanta iascaigh mhara a ainm agus a sheoladh air go dleathach faoin alt seo agus a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh, mar ainm nó seoladh dó, ainm nó seoladh a chreidfidh an t-oifigeach sin go réasúnach a bheith bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-oifigeach sin, gan barántas, an duine sin a ghabháil agus, sa chás sin, tabharfaidh sé é a luaithe is féidir os comhair Breithimh Dúiche nó, mura bhfuil aon bhreitheamh den sórt sin ar fáil láithreach, os comhair Feidhmeannaigh Síochána, agus air sin déileálfaidh an Breitheamh Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána sin leis an duine sin de réir an dlí.