An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Oibriú agus Diúscairt Iascach Dílsithe.) Ar Aghaidh (CUID XIII. Iascaigh Mhara.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil VI.

Forálacha Forlíontacha.

Ceart chun teacht ar iascaigh dhílsithe.

213. —(1) Beidh ag aon duine údaraithe ceart saor-theachta gach tráth ar aon iascach dílsithe agus beidh sé i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, dul isteach le báid nó le feithiclí ar aon sruthchúrsa nó talamh chun an t-iascach a oibriú, agus féadfaidh sé (faoi réir thoiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála, i gcás urthrá) aon bhacainn, aiceanta nó eile, a chur as a bhealach.

(2) Duine ar bith a bhacfaidh aon duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don duine údaraithe sin leis an alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” duine a bheidh údaraithe ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an alt seo a fheidhmiú.

(4) I gcás an gnáth-bhealach chun teacht ar iascach inaistrithe atá dílsithe san Aire a bheith, roimh an dílsiú sin, ag gabháil trí aon áitreabh nó clós nó gairdín nó talamh faoi iamh mórthimpeall nó le hais tí chónaithe, ní bheidh an ceart saor-theachta a thugtar le fo-alt (1) den alt seo infheidhmithe tríd an áitreabh, an clós, an gairdín nó an talamh sin, ach amháin má tá siad scartha ón teach cónaithe sin agus nach raibh siad á n-úsáid roimh an dílsiú sin ach amháin i ndáil leis an iascach sin.

Ceart gabhála chun cearta duánachta a fheidhmiú.

214. —(1) I gcás iascach inaistrithe in aon uisce a ritheann trí thalamh mórthimpeall nó le hais tí chónaithe a theacht chun a bheith dílsithe san Aire agus gan na cearta duánachta san uisce sin a bheith forcoimeádta faoi ordú um chearta duánachta (forcoimeád), beidh aon duine ag a mbeidh teideal dleathach iascaireacht a dhéanamh le slat agus ruaim ar an uisce sin agus a sheirbhísigh nó a ghiollaí faoi thuarastal i dteideal gabháil feadh bruacha an uisce sin chun an iascaireacht sin a dhéanamh nó chun dul ag iascaireacht amhlaidh nó filleadh ó bheith ag iascaireacht amhlaidh, agus chuige sin amháin.

(2) Ní thabharfaidh an t-alt seo teideal do dhuine ar bith dul isteach in aon chlós nó gairdín faoi iamh ná in aon fhoirgnimh.

Dliteanas an Aire i leith damáiste ó thuilte.

215. —Ní bheidh aon ábhar éilimh in aghaidh an Aire mar gheall ar thuiliú talún nó damáiste iarmartach eile de bhíthin aon déanmhas a fhanacht ina ionad (lena n-áirítear cora iascaireachta agus damba muilinn iascaireachta a bhí ar an dáta dílsithe ina chuid d'iascach nó in ionad in iascach a dílsíodh san Aire faoi Chaibidil II den Chuid seo) mura rud é gur chuir an tAire le hairde an déanmhais sin nó gur dhún sé na hoscailtí nó na bearnaí ann oiread nárbh fhéidir go dleathach iad a bheith dúnta ar an dáta sin.

Forálacha maidir le hiascaigh dhamba mhuilinn.

216. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le haon iascach damba muilinn a bheidh dílsithe san Aire faoi Chaibidil II den Chuid seo agus leis an damba muilinn iascaireachta ar le cuid de a dhéantar an t-iascach sin a sheoladh:—

(a) fad a bheidh an tAire gan athrú a dhéanamh, seachas deisiú ar éislinní ócáideacha sna codanna de dhéanmhas an damba sin atá riachtanach chun an t-iascach sin a sheoladh, ní bheidh dliteanas air i leith aon chuid de chostas cothabhála an damba muilinn;

(b) beidh ceart saortheachta ar an iascach sin ag aon duine údaraithe agus, más gá é, sroichfidh an ceart sin go dtí an muileann, an teach cumhachta nó áitreabh eile in aice an damba muilinn sin nó i gceangal leis, ach má thairgeann úinéir nó áititheoir an mhuilinn, an tí chumhachta, nó an áitribh sin don Aire saoraidí chun teacht orthu ar chuma réasúnach eile, glacfaidh an tAire leis na saoráidí sin in ionad an chirt chéadluaite sin chun teacht orthu, agus déanfaidh sé cibé oibreacha is gá chun iad a dhéanamh éifeachtach;

(c) féadfaidh an tAire cibé ballaí, fálta nó déanmhais eile is dóigh leis is gá chun an t-iascach sin a chosaint ar fhoghail a chur suas i cibé ionad is gá leis, ach má bhacann aon bhallaí, fálta nó déanmhais eile den sórt sin an t-úinéir nó an t-áititheoir ar theacht ar an damba muilinn sin, cuirfidh an tAire ar fáil don úinéir nó don áititheoir sin an chóir is gá chun gabháil tríothu nó tharstu;

(d) Má tharlaíonn sé go mbeidh an muileann, an teach cumhachta nó aon t-áitreabh folamh a bhfuil sé ceaptha don damba muilinn sin fónamh dó, nó má scoirtear den uisce atá gaibhnithe ag an damba muilinn sin a úsáid go páirteach nó go hiomlán chun críocha cumhachta, leanfaidh an tAire dá ainneoin sin de bheith i dteideal an t-iascach sin a úsáid, agus beidh feidhm ag forálacha alt 117.

(2) Duine ar bith a bhacfaidh aon duine údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don duine údaraithe sin leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “duine údáraithe” duine a bheidh údaraithe ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an alt seo a fheidhmiú.

Srianta le cumhachtaí an Aire.

217. —Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun a údarú don Aire—

(a) aon obair nó déanmhas a thógáil ar thailte taoide (de réir bhrí an Achta Imeall Trá, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 )), seachas inneall seasmhach chun bradáin, bric nó eascanna a ghabháil a bhí ann go dleathach, nó a raibh deimhniú arna dheonú faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, ar marthain ina leith, sa bhliain 1939, gan toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála nó ar shlí seachas de réir téarmaí agus coinníollacha an toilithe sin;

(b) aon fhoirgnimh nó déanmhais a thógáil a chuirfeadh isteach ar thaitneamhachtaí áit chónaithe nó tailte áineasa dhuine arbh é an t-úinéir nó an t-áititheoir é ar iascach a dhílseofar san Aire faoi Chaibidil II den Chuid seo nó an t-iascach sin a oibriú i slí a chuirfeadh isteach ar na taitneamhachtaí sin.

Ceadúnais iascaireachta in iascaigh dhílsithe a bheidh á n-oibriú ag an Aire.

218. —Má bhíonn aon iascach dílsithe á oibriú ag an Aire faoin gCuid seo, is in ainm an Aire a thógfar amach na ceadúnais uile d'innill iascaireachta a úsáidfear san iascach sin.