|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Uiscí Iascaireachta a chosaint ar Nimhiú agus ar Thruailliú.) | Ar Aghaidh (Caibidil IV. Iascaigh Phríobháideacha a Chosaint.) |
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III. Iasc Óg agus Iasc Póraithe a Chosaint. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar scéith, gealóga nó gilidíní bradán, breac nó eascann a thógáil, etc. |
173. —Duine ar bith— |
[EN] | (a) a dhéanfaidh go toiliúil scéith, gealóga nó gilidíní bradán, breac nó eascann a thógáil, a dhíol nó a cheannach nó a mbeidh siad ina sheilbh aige, nó | |
[EN] | (b) a chuirfidh cosc go toiliúil ar ghluaiseacht gealóga nó gilidíní bradán, breac nó eascann, | |
[EN] | (c) a dhéanfaidh díobháil, nó a chuirfidh as, do scéith nó gilidíní bradán, breac nó eascann, nó | |
[EN] | (d) a dhéanfaidh díobháil, nó a chuirfidh as, d'aon leaba sceite, bruach nó tanalacht a mb'fhéidir scéith nó gilidíní bradán, breac nó eascann a bheith ann, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air. | |
[EN] | (2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon inneall iascaireacht nó deis a úsáideadh ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar iasc a bheidh ag scéitheadh a sheilg, etc. |
174. —(1) Aon duine a dhéanfaidh seilg ar iasc a bheidh ag scéitheadh nó ar iasc ar na leapacha sceite, a dhéanfaidh díobháil dóibh nó a chuirfidh as dóibh nó a fhéachfaidh (ach amháin trí dhuánacht dhleathach le slat agus ruaim) le hiasc a ghabháil ar na leapacha sceite, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air. |
[EN] | (2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon inneall a úsáideadh ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
[EN] |
Pionós mar gheall ar pholláin róbheaga a thógáil, etc. |
175. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “polláin róbheaga” polláin is lú ná ocht n-orlach ar fhad, arna dtomhas ón ngob go dtí an pointe is faide siar ar an eireaball. |
[EN] | (2) Duine ar bith a thógfaidh, a mharóidh, a dhíothóidh, a cheannóidh, a dhíolfaidh, a thaispéanfaidh chun a ndíolta nó a sheolfaidh aon pholláin róbheaga nó a mbeidh siad ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná scilling a chur air in aghaidh gach polláin róbheag a ndearnadh an cion ina leith. | |
[EN] | (3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach pollán róbheag a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
[EN] |
Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric neamhshéasúracha a thógáil, etc. |
176. —(1) Duine ar bith a thógfaidh, a mharóidh nó a dhíothóidh aon bhradán nó breac neamhshéasurach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric den sórt sin a thóg nó a mharaigh nó a dhíothaigh sé nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí. |
[EN] | (2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon bhradán nó breac a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
[EN] | (3) Má chúisítear duine faoi bhradán nó breac a thógáil contrártha don alt seo, is cosaint mhaith a chruthú gur go tionóisceach a tógadh an bradán nó an breac sin agus gur cuireadh ar ais san uisce é, gan aon díobháil inseachanta a dhéanamh dó, díreach tar éis é a thógáil. | |
[EN] |
Toirmeasc ar bhradáin neamhshéasúracha a onnmhairiú. |
177. —(1) Duine ar bith a dhéanfaidh, nó a dhéanfaidh iarracht, bradáin neamhshéasúracha a onnmhairiú, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach bradáin a ndearnadh, nó a ndearnadh iarracht, é a onnmhairiú. |
[EN] | (2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon bhradán a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. |