An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Eascanna.) Ar Aghaidh (CUID XI. Forálacha Ilghnéitheacha Maidir le hIascaigh Bhradán agus le hIascaigh Fíoruisce.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID X.

Srianta le Bradáin agus Bric a Dhíol agus a Onnmhairiú lena nDíol.

Mínithe chun críocha Chuid X.

154. —Sa Chuid seo—

deimnniú oiriúnachta.

ciallaionn an abairt “deimhniú oiriúnachta” deimhniú arna dheonú faoi alt 158;

cigire.

ciallaíonn an focal “cigire” aon duine arb éard é—

(a) duine arna cheapadh ag an Aire le bheith ina chigire chun críocha na Coda seo, nó

(b) comhalta den Gharda Síochána, nó

(c) aon duine arna údarú ag an Aire faoi alt 22 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ) nó alt 44 den Acht Iascaigh, 1939 ( Uimh. 17 de 1939 );

ceadúnas faoi Chuid X.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas faoi Chuid X” ceadúnas arb éard é—

(a) ceadúnas mangaire bradán, nó

(b) ceadúnas onnmhaireora bradán;

ceadúnas mangaire bradán.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas mangaire bradán” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (1) d'alt 159;

ceadúnas onnmhaireora bradán.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas onnmhaireora bradán” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (2) d'alt 159.

breac.

folaíonn an focal “breac” iasc ar a dtugtar nó dá ngairtear de ghnáth breac bogha ceatha.

Bradáin agus bric leasaithe a eisceadh.

155. —Ní bhainfidh an Chuid seo le bradáin nó bric leasaithe a dhíoltar i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail agus gan iontu ach codanna d'iasc nó táirgí éisc.

Srianta le bradáin agus bric a dhíol, etc.

156. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith (seachas an tAire nó Bord Soláthair an Leictreachais) bradáin ná bric a dhíol, a thaispeáint chun a ndíolta ná a choimeád lena ndíol in aon áit mura rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas mangaire bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(b) gurb áit a n-údaraítear dó leis an gceadúnas sin bradáin agus bric a dhíol ann an áit sin.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Má cheannaíonn duine ar bith aon bhradán nó breac ó dhuine arb eol dó nó a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil sé á dhíol contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le hiascaire a dhíolfaidh iasc a ghabh sé féin go dleathach.

Srianta le bradáin agus bric a onnmhairiú lena ndíol.

157. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith (seachas an tAire nó Bord Soláthair an Leictreachais) bradáin nó bric a onnmhairiú lena ndíol ná tabhairt faoi iad a onnmhairiú lena ndíol as aon áit mura rud é—

(a) (i) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas mangaire bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(ii) gurb áit a n-údaraítear dó leis an gceadúnas sin bradáin agus bric a dhíol ann an áit sin, nó

(b) (i) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas onnmhaireora bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire, agus

(ii) gurb áit a n-údaraítear dó leis an gceadúnas sin bradáin agus bric a onnmhairiú as an áit sin.

(2) Aon duine a sharóidh fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le sealbhóir ar cheadúnas slaite a onnmhaireoidh iasc a ghabh sé féin go dleathach.

Deimhniú oiriúnachta chun ceadúnas faoi Chuid X a shealbhú.

158. —Más rud é go bhfuil díol bradán agus breac nó onnmhairiú bradán agus breac lena ndíol ar siúl, nó go bhfuil beartaithe é a bheith ar siúl, ag duine mar ghnó, i nDúiche Cúirte áirithe, agus go n-iarrfaidh sé deimhniú faoin alt seo ar Bhreitheamh Cúirte Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don Dúiche Cúirte sin, déanfaidh an Breitheamh Dúiche sin, más deimhin leis gur duine ceart oiriúnach é an duine sin chun ceadúnas faoi Chuid X a bheith aige, deimhniú i scríbhinn chuige sin a dheonú don duine sin.

Ceadúnais mhangairí bradán agus ceadúnais onnmhaireoirí bradán.

159. —(1) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine dár deonaíodh deimhniú oiriúnachta, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an deimhniú sin a dheonú dó, ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh ceadúnas a eisiúint chuige á údarú dó díol bradán agus breac a bheith ar siúl aige mar ghnó in aon áit nó áiteanna a shonrófar laistigh den cheantar iascaigh sin, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais sin—

(i) an deimhniú oiriúnachta sin, agus

(ii) suim puint, is é sin, an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 42 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ar cheadúnas mangaire bradán,

ansin, faoi réir alt 43 den Acht sin, féadfaidh an bord coimeádaithe sin, trína chléireach, an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

(2) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine dár deonaíodh deimhniú oiriúnachta, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an deimhniú sin a dheonú dó, ar bhord comeádaithe cheantair iascaigh ceadúnas a eisiúint chuige á údarú dó onnmhairiú bradán agus breac lena ndíol a bheith ar siúl aige mar ghnó as aon áit nó áiteanna a shonrófar laistigh den cheantar iascaigh sin, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais sin—

(i) an deimhniú oiriúnachta sin, agus

(ii) suim puint, is é sin, an dleacht mháil a fhorchuirtear le fo-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), ar cheadúnas onnmhaireora bradán,

ansin, faoi réir fho-alt (4) den alt sin 12, féadfaidh an bord coimeádaithe sin, trína chléireach, an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

(3) Gach iarratas a dhéanfar chun bord coimeádaithe ar cheadúnas faoi Chuid X—

(a) déanfar é i scríbhinn chun cléireach an bhoird sin,

(b) déanfar é san fhoirm fhorordaithe agus tabharfar na sonraí forordaithe ann.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach ceadúnas faoi Chuid X.

(5) Fanfaidh gach ceadúnas faoi Chuid X i bhfeidhm, mura bhfoirceanntar é roimhe sin, go dtí an 31ú lá de Nollaig na bliana a eisíodh é agus rachaidh sé in éag ansin.

Ceadúnais faoi Chuid X a athnuachan.

160. —(1) Más rud é—

(a)  (i) go ndéanfaidh sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X atá i bhfeidhm he thuras na huaire (de bhua na bun-eisiúna nó de bhun a athnuachana) iarratas, laistigh de cheithre lá dhéag roimh é a dhul in éag, chun an bhoird choimeádaithe a d'eisigh an ceadúnas á iarraidh an ceadúnas a athnuachan, nó

(ii) go ndéanfaidh sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X a bhí i bhfeidhm (de bhua na bun-eisiúna nó de bhun a athnuachana) an 31ú lá de Nollaig in aon bhliain iarratas, laistigh de mhí tar éis a éagtha, chun an bhoird choimeádaithe a d'eisigh an ceadúnas á iarraidh an ceadúnas a athnuachan, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais suim puint (is é sin, an dleacht mháil a fhorchuirtear, más ceadúnas mangaire bradán an ceadúnas, le halt 42 den Acht Airgid, 1925 , nó, más ceadúnas onnmhaireora bradán an ceadúnas, le halt 12 den Acht Airgeadais, 1940 ),

ansin, faoi réir alt 43 den Acht Airgid, 1925 , nó alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 (cibé alt acu sin is infheidhmithe), féadfaidh an bord coimeádaithe sin an ceadúnas sin a athnuachan.

(2) Gach iarratas a dhéanfar chun bord coimeádaithe chun ceadúnas faoi Chuid X a athnuachan—

(a) déanfar é i scríbhinn chun cléireach an bhoird sin,

(b) déanfar é san fhoirm fhorordaithe agus tabharfar na sonraí forordaithe ann.

(3) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach athnuachan ar cheadúnas faoi Chuid X.

(4) Fanfaidh gach athnuachan ar cheadúnas faoi Chuid X (mura bhfoirceanntar an ceadúnas roimhe sin) i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana féilire dár athnuadh an ceadúnas go deireannach agus ansin rachaidh sé in éag.

Deireadh a bheith le ceadúnais faoi Chuid X.

161. —(1) Beidh deireadh le gach ceadúnas faoi Chuid X ar a shealbhóir d'fháil bháis agus ar é a chúlghairm ag an Aire agus féadfaidh a shealbhóir deireadh a chur leis trína thabhairt suas.

(2)  (a)  Má bhíonn sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an tAire, laistigh de thrí mhí tar éis an chiontaithe sin an ceadúnas a chúlghairm.

(b) Sula ndéanfaidh sé ceadúnas faoi Chuid X a chúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo, cuirfidh an tAire leis an bpost cláraithe chuig sealbhóir an cheadúnais sin agus chuig an mbord coimeádaithe a d'eisigh é, fógra ceithre lá dhéag faoina bheith ar intinn aige cúlghairm an cheadúnais a bhreithniú agus breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfidh an sealbhóir nó an bord sin faoina bhráid roimh dhul in éag don fhógra.

(3) Forléireofar tagairtí san alt seo do cheadúnas faoi Chuid X mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'athnuachan an cheadúnais sin.

Ceadúnais faoi Chuid X a fhoilsiú.

162. —(1) (a) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X nó ar aon athnuachan air cuirfidh sé faoi deara an ceadúnas nó an athnuachan sin a thaispeáint go feiceálach san áit nó i gceann de na háiteanna lena mbaineann an ceadúnas sin le linn uaireanta gnó, agus má bhaineann an ceadúnas nó an athnuachan sin le níos mó ná áit amháin cuirfidh sé faoi deara cóip den cheadúnas nó den athnuachan sin a thaispeáint amhlaidh i ngach áit acu sin seachas an áit ina bhfuil an ceadúnas nó an athnuachan sin ar taispeáint amhlaidh.

(b) Má mhainníonn sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh beidh an sealbhóir sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(2) Déanfar liostaí de na daoine a bhfuil ceadúnais faoi Chuid X acu a fhoilsiú cibé tráthanna agus i cibé áiteanna agus i cibé slí agus foirm a ordóidh an tAire ó am go ham.

Cláir atá le coinneáil ag sealbhóirí ar cheadúnais faoi Chuid X.

163. —(1) Beidh de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas mangaire bradán—

(a) clár san fhoirm fhorordaithe a choinneáil, nó a chur faoi deara é a choinneáil, i ngach áit lena mbaineann an ceadúnas, i dtaobh na mbradán agus na mbreac go léir a cheannófar agus a gheofar san áit sin nó le díol san áit sin agus i dtaobh na mbradán agus na mbreac go léir a dhíolfar, a onnmhaireofar, a dhiúscrófar agus a aistreofar san áit sin nó as an áit sin, agus

(b) laistigh de shé huaire a chloig tar éis aon bhradáin nó bric a cheannach nó a fháil amhlaidh, agus laistigh de thrí huaire a chloig tar éis aon bhradáin nó bric a dhíol, a onnmhairiú, a dhiúscairt nó a aistriú amhlaidh, na sonraí forordaithe (gan an praghas a áireamh a thug an sealbhóir sin ar aon bhradán nó breac a cheannaigh sé, a fuair sé nó a dhíol sé) faoi na bradáin nó na bric a cheannaigh, a fuair, a dhíol, a d'onnmhairigh, a dhiúscairt nó a d'aistrigh sé amhlaidh (cibé acu é) agus faoin duine ónar ceannaíodh nó óna bhfuarthas na bradáin nó na bric sin nó a ndearnadh na bradáin nó na bric sin a dhíol leis, a onnmhairiú nó a dhiúscairt chuige nó an áit chun ar aistríodh na bradáin nó na bric sin (de réir mar is gá sa chás) a thaifeadadh sa chlár sin.

(2) Beidh de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas onnmhaireora bradán—

(a) clár san fhoirm fhorordaithe a choinneáil, nó a chur faoi deara é a choinneáil, i ngach áit lena mbaineann an ceadúnas, i dtaobh na mbradán agus na mbreac go léir a onnmhaireofar as an áit sin, agus

(b) laistigh de thrí huaire an chloig tar éis gach onnmhairiú den sórt sin, na sonraí forordaithe a thaifeadadh sa chlár sin (gan an praghas a thug sé ar aon bhradán nó breac a d'onnmhairigh sé a áireamh) faoin onnmhairiú sin agus faoi ainm an duine chun a ndearnadh é.

(3) Féadfaidh cigire ar bith gach clár a choinneofar de bhun an ailt seo a scrúdú aon uair a bheidh an t-áitreabh lena mbainnean an clár ar oscailt le haghaidh gnó, agus beidh de dhualgas ar shealbhóir an cheadúnais agus ar gach duine a bheidh ag coinneáil an chláir sin an clár sin a thabhairt ar aird lena scrúdú ag an gcigire sin, ar é á éileamh sin, maraon le gach forchuntas, nóta coinsíneachta, admháil agus doiciméad eile (lena n-áirítear cóipeanna díobh mura bhfuil na cinn bhunaidh ar fáil) a éileoidh an cigire sin go réasúnach chun aon taifead sa chlár sin a fhíorú nó aon easnamh ann a mhíniú.

(4) Aon sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X—

(a) a mhainneoidh clár a choinneáil, nó a chur faoi deara é a choinneáil, mar cheanglaítear leis an alt seo, nó

(b) a mhainneoidh aon ní a thaifeadadh, nó a chur faoi deara é a thaifeadadh, sa chlár sin laistigh den tréimhse atá luaite anseo roimhe seo, agus a gceanglaítear leis an alt seo é a thaifeadadh ann, nó

(c) a mhainneoidh aon chlár, doiciméad nó cóip de dhoiciméad a thabhairt ar aird, nó a chur faoi deara é a thabhairt ar aird, ar sin a éileamh air, lena scrúdú ag aon chigire, agus a gceanglaítear air leis an alt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh, nó a bhacfaidh aon chigire agus an cigire ag déanamh an scrúdú sin, nó

(d) a dhéanfaidh nó a chuirfidh faoi deara go toiliúil nó go faillíoch aon ní atá bréagach nó míthreorach in aon sonra ábhartha a thaifeadadh sa chlár sin,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair, dlífear, i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(5) Chun críocha an ailt seo—

(a) folóidh scrúdú cláir nó doiciméid cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a bhaint as, agus

(b) measfar go ndearnadh clár nó doiciméad eile a éileamh go cuí ar shealbhóir an cheadúnais lena scrúdú má rinneadh an t-éileamh sin de bhriathra béil in áitreabh shealbhóir an cheadúnais ar aon duine ina fhostaíocht, agus

(c) más in áitreabh shealbhóir an cheadúnais agus ag duine ina fhostaíocht a dhiúltófar nó a mhainneofar clár nó doiciméad eile a thabhairt ar aird lena scrúdú, measfar gurb é sealbhóir an cheadúnais a rinne an diúltú nó an fhaillí sin;

(d) forléireofar tagairtí do cheadúnas mangaire bradán, do cheadúnas onnmhaireora bradán nó do cheadúnas faoi Chuid X mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon athnuachan orthu.