An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959) Ar Aghaidh (CUID II. Cumhachtaí agus Dualgais Ilghnéitheacha an Aire.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin na forálacha iarchurtha) i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1959.

(2) Tiocfaidh na forálacha iarchurtha i ngníomh cibé lá (nach luaithe ná an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1959) a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire go ginearálta nó maidir le haon fhoráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh maidir le forálacha éagsúla den cineál sin.

(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “na forálacha iarchurtha” na forálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, alt 16, fo-alt (3) d'alt 24, alt 39, alt 61, alt 72, ailt 79 go 84, ailt 185 go 191, fo-alt (1) d'alt 192, fo-alt (2) d'alt 194, ailt 195 agus 196, ailt 198 go 209, ailt 216, 218 agus 305.

Léiriú go ginearálta.

3. —(1) San Acht seo—

duánacht bradán nó breac.

forléireofar tagairtí do dhuánacht bradán nó breac mar thagairtí do dhuánacht bradán nó breac le slat agus ruaim;

séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán.

tá leis an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 137;

séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac.

tá leis an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 138;

séasúr coiscthe bliantúil na n-eascann.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na n-eascann” an bhrí a thugtar di le halt 151;

séasúr coiscthe bliantúil na bpollán.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na bpollán” an bhrí a thugtar di le halt 148;

séasúr coiscthe bliantúil na mbradán agus na mbreac.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe bliantúil na mbradán agus na mbreac” an bhrí a thugtar di le halt 126;

cochall iascaireachta.

folaíonn an abairt “cochall iascaireachta” inneall seasmhach ar aon-déanamh le cochall iascaireachta;

bá.

folaíonn an focal “bá” aon chuan nó ród;

bád.

folaíonn an focal “bád” báirse, coite, curach nó árthach eile;

bosca.

folaíonn an focal “bosca”, maidir le cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta, cruib nó cruibh;

séasúr coiscthe na n-oisrí.

tá leis an abairt “séasúr coiscthe na n-oisrí” an bhrí a thugtar di le fo-alt (1) d'alt 271;

damba.

ciallaíonn an focal “damba” (ach amháin in alt 115) damba, cora, díog, sliús, claífort nó déanmhas eile atá tógtha nó suite in aon abhainn nó i ndáil le haon abhainn chun uisce a choimeád nó i ndáil le huisce a choimeád chun críche ar bith;

trátha an lae.

ciallaíonn an abairt “trátha an lae” an tréimhse ó éirí gréine go luí gréine;

ábhar díobhálach.

ciallaíonn an abairt “ábhar díobhálach” aon substaint (lena n-áirítear ábhar pléascach) a fhéadfadh, ar í a dhul amach nó ar í a scaoileadh amach in aon uiscí, na huiscí a dhéanamh nimhiúil nó dochrach d'iasc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc;

Breitheamh Dúiche.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

líon tarraingthe.

folaíonn an abairt “líon tarraingthe” saighne;

eascann.

folaíonn an focal “eascann” liobhóga agus óg na n-eascann, ar a dtugtar mion-eascanna go coitianta;

bliain toghcháin.

ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin” an bhliain 1961 agus gach tríú bliain as a chéile dá éis sin;

toghroinn.

ciallaíonn an abairt “toghroinn” uiscí a dhearbhaítear le fo-alt (2) d'alt 19 a bheith ina dtoghroinn chun críocha an Achta seo;

inbhear.

folaíonn an focal “inbhear” aon chuan nó ród;

iasc.

folaíonn an focal “iasc” gach crústach agus iasc sliogánach a fhaightear san fharraige, agus óg agus sceith éisc, agus forléireofar tagairtí d'iasc mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chuid den iasc sin;

bealach éisc.

ciallaíonn an abairt “bealach éisc” cainéal le haghaidh saorghabháil nó saor-imirce éisc i mbacainn nó thar bacainn nó i ndáil le bacainn in abhainn, loch nó sruthchúrsa agus folaíonn sí dréimire éisc nó aon deis eile a chabhraíonn le gluaiseacht éisc;

ceantar iascaigh.

ciallaíonn an abairt “ceantar iascaigh” limistéar a dhearbhaítear le fo-alt (1) d'alt 19 a bheith ina cheantar iascaigh chun críocha an Achta seo;

ráta iascaigh.

ciallaíonn an abairt “ráta iascaigh” ráta—

(a) a ghearr bord coimeádaithe agus a dhaingnigh an tAire faoi alt 55, nó

(b) a ghearr an tAire faoin alt sin;

bliain iascaigh.

ciallaíonn an abairt “bliain iascaigh” an tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair in aon bhliain;

inneall iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta” aon inneall, líon nó uirlis eile de chineál ar bith is féidir a úsáid chun iasc a thógáil;

ceadúnas iascaireachta.

nuair a úsáidtear an abairt “ceadúnas iascaireachta” gan í a cháiliú, ciallaíonn sí ceadúnas arb éard é—

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta, nó

(b) ceadúnas áitiúil speisialta;

damba muilinn iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “damba muilinn iascaireachta” damba a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid go páirteach chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil agus go páirteach chun uisce a choimeád le haghaidh muilleoireachta nó le haghaidh críocha eile;

cora iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “cora iascaireachta” aon tógáil, déanmhas nó bacainn—

(a) atá greamaithe sa talamh trasna abhann nó trasna cuid d'abhainn,

(b) a úsáidtear d'aontoisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil,

(c) ina bhfuil oscailt nó oscailtí inar féidir iasc a thógáil, agus

(d) nach ceann-chora é;

inneall seasmhach.

ciallaíonn an abairt “inneall seasmhach” aon inneall arb é atá ann—

(a) líon cuaillí, nó

(b) cochall iascaireachta, nó

(c) líon tarraingthe seasmhach, nó

(d) ceann-chora, nó

(e) aon líon, acra, inneall nó deis greamaithe sa talamh nó daingnithe le hancairí nó a choinnítear leis an láimh nó a choimeádtar dobhogtha in aon slí eile agus a úsáidtear d'aontoisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil, ach nach cora iascaireachta ná damba muilinn iascaireachta;

saor-bhearna.

ciallaíonn an focal “saor-bhearna” saor-bhearna i gcora iascaireachta de réir alt 107;

ceann-chora.

ciallaíonn an focal “ceann-chora” an t-inneall seasmhach ar a dtugtar go coitianta ceann-chora nó cora thrá agus tuile;

heic.

ciallaíonn an focal “heic” gráta atá feistithe ag an gceann béal le sruth de bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta agus é déanta ar chuma go mbacann sé gluaiseacht éisc gan an rith uisce a chosc;

ionscálaí.

ciallaíonn an focal “ionscálaí” péire grátaí atá feistithe ag an gceann cúl le sruth de bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta agus a chomhchlaonann i leith an láir sa treo béal le sruth chun bearna ingearach a dhéanamh idir an dá cheann béal le sruth ionas gurb é éifeacht an tsocraithe sin go ligean sé don iasc dul isteach sa bhosca agus go mbacann iad ar éalú amach as;

inneall iascaireachta dleathach.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta dleathach” aon inneall iascaireachta nach dtoirmisctear leis an Acht seo ná le haon fhodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo é a úsáid (ach amháin le linn tráthanna áirithe, in áiteanna áirithe nó ar mhodh áirithe);

dleacht cheadúnais.

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais”—

(a) maidir le gnáth-cheadúnas iascaireachta, an dleacht cheadúnais is iníoctha ar an gceadúnas sin;

(b) maidir le ceadúnas áitiúil speisialta, i leith uiscí taoide speisialta, an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iníoctha ar an gceadúnas sin;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte;

béal abhann.

forléireofar tagairtí do bhéal abhann mar thagairtí do bhéal na habhann sin arna mhíniú le hordú faoi alt 10;

inneall neamhsceidealta.

ciallaíonn an abairt “inneall neamhsceidealta” inneall de chineál nach sonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

séasúr coiscthe duánachta Dheireadh Fómhair.

ciallaíonn an abairt “séasúr coiscthe duánachta Dheireadh Fómhair” an tréimhse dar tosach an 13ú lá de Dheireadh Fómhair agus dar críoch an 31ú lá den mhí sin;

cion faoi aon fhoráil den Acht seo.

ciallaíonn an abairt “cion faoi aon fhoráil den Acht seo” cion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi;

cion faoi na hachtacháin aisghairthe.

folaíonn an abairt “cion faoi na hachtacháin aisghairthe” cion in aghaidh aon ionstraime arna déanamh faoi na hachtacháin aisghairthe;

oifigeach don Aire.

folaíonn an abairt “oifigeach don Aire” seirbhíseach don Aire;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1959;

gnáth-cheadúnas iascaireachta.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas iascaireachta” ceadúnas iascaireachta arna dheonú faoi Chaibidil I de Chuid VI;

dleacht ghnáthcheadúnais.

ciallaíonn an abairt “dleacht ghnáth-cheadúnais” an dleacht is iníoctha faoi Chaibidil I de Chuid VI ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta;

úinéir.

ciallaíonn an focal “úinéir” aon duine ag a bhfuil iarbhír seilbh nó úsáid agus sealúchas aon talún nó iascaigh (de réir mar a bheidh);

ceadúnas iascaireachta oisrí.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas iascaireachta oisrí” ceadúnas iascaireachta arna dheonú faoi Chaibidil VI de Chuid XIV;

forordú.

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

achtacháin aisghairthe.

ciallaíonn an abairt “na hachtacháin aisghairthe” na hachtacháin a aisghairtear leis an Acht seo;

aibhneacha.

folaíonn an focal “aibhneacha” craobhacha abhann agus gach uile shruthán agus sruthchúrsa eile;

slat agus ruaim.

ciallaíonn an abairt “slat agus ruaim” slat agus ruaim singil;

bradán.

folaíonn an focal “bradán” gach uile iasc de chineál an bhradáin, bric mhara agus a sceith agus a ngilidíní;

abhainn bradán.

ciallaíonn an abairt “abhainn bradán” aon abhainn a ghnáthaíonn bradáin;

ceadúnas slaite bradán.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán” ceadúnas chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim;

gnáth-cheadúnas slaite bradán.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán” gnáthcheadúnas iascaireachta chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim;

gnáth-cheadúnas slaite bradán bliantúil.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil)” gnáth-ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar)” gnáth-ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

ceadúnas slaite bradán (limistéar an Fheabhail).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán (limistéar an Fheabhail)” ceadúnas slaite bradán arna eisiúint de bhun na rialachán a rinneadh faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952) , agus atá bailí ar feadh bliana;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach).

ciallaíonn an abairt “gnáth-ceadúnas slaite bradán (séasúr déanach)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus atá ar fáil chun a úsáidte i ngach ceantar iascaigh;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus atá ar fáil chun úsáidte i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse seacht lá;

gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche).

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse lá agus fiche;

inneall sceidealta.

ciallaíonn an abairt “inneall sceidealta” aon inneall de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

uiscí breac sceidealta.

ciallaíonn an abairt “uiscí breac sceidealta” aon abhainn nó loch nó aon chuid díobh a dhearbhaítear le hordú, arna dhéanamh faoi alt 79 agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire, a bheith ina n-uiscí breac sceidealta chun críocha an Achta seo;

oifigeach cosanta iascaigh mhara.

ciallaíonn an abairt “oifigeach cosanta iascaigh mhara” duine a dhearbhaítear le halt 220 a bheith ina oifigeach cosanta iascaigh mhara;

iascach eisiatach.

ciallaíonn an abairt “iascach eisiatach” aon iascach atá ar sealúchas go dleathach faoi theideal ar bith, is teideal maith bailí de réir dlí, go heisiatach ar an bpobal, ag duine ar bith, cibé acu in uiscí inseolta é nó in uiscí nach inseolta, agus cibé acu sa duine sin nó in aon duine eile atá an ithir faoi na huiscí sin dílsithe;

ceadúnas áitiúil speisialta.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas áitiúil speisialta” ceadúnas arna dheonú faoi alt 74 i leith uiscí taoide speisialta;

dleacht cheadúnais áitiúil speisialta.

ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais áitiúil speisialta” an dleacht is iníoctha faoi alt 74 ar cheadúnas áitiúil speisialta arna dheonú i leith uiscí taoide speisialta;

uiscí taoide speisialta.

ciallaíonn an abairt “uiscí taoide speisialta” aon uiscí taoide a bhfuil ordú faoi alt 7 i bhfeidhm ina leith de thuras ua huaire;

líon cuaillí.

folaíonn an abairt “líon cuaillí” cora chuaillí agus aon inneall seasmhach ar aon-déanamh le líon cuaillí;

breac.

folaíonn an focal “breac”, nuair a úsáidtear é gan é a cháiliú—

(a) gach iasc de chineál an bhric rua,

(b) ach amháin i gCuid IX polláin nó scadáin fíoruisce, agus

(c) aon sceith bhric nó gilidíní bric,

ach ní fholaíonn sé breac geal;

ceadúnas slaite breac (ginearálta).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (ginearálta)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (1) d'alt 83 chun bric a iascaireacht le slat agus ruaim;

ceadúnas slaite breac (sóisear).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (sóisear)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (3) d'alt 83 chun bric a iascaireacht le slat agus ruaim;

ceadúnas slaite breac.

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac” ceadúnas arb éard é—

(a) ceadúnas slaite breac (ginearálta), nó

(b) ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir), nó

(c) ceadúnas slaite breac (sóisear);

ceadúnas slaite breac (bruachúinéir).

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir)” ceadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (2) d'alt 83;

inneall iascaireachta neamhdhleathach.

ciallaíonn an abairt “inneall iascaireachta neamhdhleathach” inneall iascaireachta nach inneall iascaireachta dleathach é;

bradán nó breac neamhshéasúrach.

ciallaíonn an abairt “bradán nó breac neamhshéasúrach” aon bhradán nó breac atá ar tí sceitheadh, nó atá tar éis sceitheadh agus nach bhfuil téarnaithe uaidh;

iascach dílsithe (Cuid XII).

ciallaíonn an abairt “iascach dílsithe (Cuid XII)” iascach—

(a) atá dílsithe san Aire faoi Chaibidil II de Chuid XII, nó

(b) atá aistrithe chun an Aire faoi Chaibidil III de Chuid XII;

screallach.

folaíonn an focal “screallach” gach talamh neamhshaothraithe nó neamh-thairbhiúil;

uiscí.

ciallaíonn an focal “uiscí” aon abhainn, loch, sruth-chúrsa nó inbhear nó aon chuid den fharraige;

tráth coiscthe seachtainiúil.

tá leis an abairt “tráth coiscthe seachtainiúil” an bhrí a thugtar di le halt 139;

(2) San Acht seo—

(a) is ionann tagairt uimhreach do Chuid nó d'alt agus tagairt don Chuid nó den alt san Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá ar intinn;

(b) forléireofar tagairtí d'aon fhodhlí, ordú nó rialachán faoin Acht seo mar thagairtí a fholaíonn tagairt d'aon fhodhlí, ordú nó rialachán a mheastar de réir alt 10 nó de réir alt 334 a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo.

(3) San Acht seo forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh.

Rialacháin.

4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas chomh luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Caiteachas.

6. —An caiteachas go léir faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo íocfar é, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.