An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Dambaí agus Bacainní Aiceanta.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Polláin.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID IX.

Srianta maidir le Tráthanna Iascaireachta Bradán, Breac, Pollán, agus Eascann, agus Forálacha Foghabhálacha.

Caibidil I.

Bradáin agus Bric.

Roinn I.

Séasúr Coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

Séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

126. —(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric”, maidir le háit ar bith, an tréimhse a mbeidh sé dearbhaithe le fodhlí, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leis an áit sin, arna dhéanamh faoin Acht seo, é a bheith neamhdhleathach lena linn bradáin nó bric a thógáil nó a iascaireacht le hinnill seachas slat agus ruaim.

(2) Beidh feidhm maidir le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht a dhéanamh, ar shlí seachas le slat agus ruaim, le haghaidh bradán nó breac le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

127. —(1) Má dhéanann duine ar bith go toiliúil aon bhradán nó breac a iascaireacht nó a thógáil nó cabhair nó cuidiú a thabhairt le haon bhrádán nó breac a thógáil nó a iascaireacht le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bradán nó breac a thóg sé amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach bradán agus breac a thóg sé agus gach inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le bradáin nó bric a iascaireacht nó a thógáil go dleathach le slat agus ruaim.

Innill sheasmhacha a dhíchóimeáil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus brio.

128. —(1) Sa séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric—

(a) bainfear gach cochall iascaireachta agus líon cuaille de na cleitheanna nó na daingneáin ar a bhfuil siad ceangailte agus tabharfar chun bealaigh iad,

(b) déanfar agus coimeádfar i ngach inneall seasmhach (seachas cochall iascaireachta nó líon cuaille) oscailt ghlan ceithre throigh ar leithead sna foircinn, sna gaistí, sna súile nó sna bearnaí óna mbarr go dtína mbun ionas go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht go saoráideach tríothu agus go gcoiscfear go héifeachtúil iasc a thógáil iontu.

(2) Más rud é, maidir le haon inneall seasmhach nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (1) den alt seo, beidh a áititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó na nithe a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a aistriú fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

(5) I gcás réamhtheachtaí-i-dteideal aon duine a bheith, an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal go dleathach, ó chairt nó ó cheart rúrach, aon inneall seasmhach a úsáid i sruth taoide abhann chun iasc geal mara a ghabháil, ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an inneall seasmhach sin más chuige sin amháin a úsáidtear é.

Coraí iascaireachta bradán agus dambaí muilinn iascaireachta a dhíchóimeáil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

129. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “cora bradán” aon chora is—

(a) cora iascaireachta chun bradáin a thógáil, nó

(b) damba muilinn iascaireachta chun bradáin a thógáil;

ciallaíonn an abairt “codanna inaistrithe”, maidir le cora bradán,—

(a) ionscálaí agus heic gach bosca sa chora bradán sin, agus

(b) gach feisteas agus earra eile a úsáidtear i ndáil leis na boscaí sa chora bradán sin agus is féidir a aistriú;

ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil” an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric.

(2) Laistigh de shé huaire is tríocha ó thosach an tséasúir choiscthe bhliantúil, déanfar na codanna inaistrithe go léir de chora bradán a aistriú agus a thabhairt chun bealaigh aisti.

(3) Ní dhéanfar na codanna inaistrithe de chora bradán a chur sa chora sin ná uirthi tráth is luaithe ná sé huaire is tríocha roimh dheireadh an tséasúir choiscthe bhliantúil.

(4) I gcaitheamh an tséasúir choiscthe bhliantúil (ach amháin na sé huaire is tríocha ina thosach agus ina dheireadh) ní cheadófar na codanna inaistrithe de chora bradán a fhágáil inti ná uirthi.

(5) Más rud é, maidir le haon chora bradán, go sárófar forálacha fho-alt (2), (3) nó (4) den alt seo (trí ghníomh nó neamhghníomh) beidh a háititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó na cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(6) I gcás áititheoir cora bradán a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach cuid inaistrithe a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(7) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (5) den alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon áititheoir cora bradán ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

(8) I gcás áititheoir cora bradán a chiontú i gcion faoin alt seo—

(a) féadfaidh an tAire a chur faoi deara na codanna inaistrithe a ndearnadh an cion sin ina leith a aistriú ón gcora bradán sin,

(b) ná aistríonn an tAire na codanna inaistrithe sin beidh sé i dteideal an costas faoina ndeachaigh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás—

(a) réamhtheachtaí-i-dteideal úinéara chora bradán a bheith, an 10ú lá de Lúnasa, 1842, i dteideal, ó phaitinn nó ó chairt nó eile, ceart iascaireachta eascann a bheith aige sa chora sin, agus

(b) an ceart sin a bheith á fheidhmiú ag an réamhtheachtaí sin roimh an dáta sin,

ní dhlífear aon phionós faoi fho-alt (5) den alt seo a chur ar úinéir na cora bradán sin mar gheall ar líonta eascann, nó innill eile chun eascanna a thógáil, a chur nó a chrochadh nó a úsáid i súile nó i mbearnaí na cora bradán sin, más rud é gur amháin i gcomhréir leis na hAchtanna a úsáidtear na líonta eascann nó na hinnill sin agus nach gcrochtar iad ach amháin i gceithre chúigiú den uimhir súl nó bearnaí atá sa chora bradán sin, agus go ndéantar an cúigiú eile de na súile nó de na bearnaí sin sa chora bradán sin, maraon leis an tsaor-bhearna inti (má tá ann), a choimeád saor gan bhac le haghaidh gluaiseacht shaoráideach éisc, ach ní dhíolmhóidh an fhoráil seo an t-úinéir sin ó dhliteanas faoi alt 127 má thógtar aon bhradán nó breac sa chora bradán sin le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil.

Líonta a aistriú ó bhruacha abhann le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

130. —(1) Má dhéanann aon duine a bheidh ag gabháil d'iascaireacht bradán le líonta d'aon chineál nó tuairisc faillí nó mainneachtain sna líonta sin a aistriú agus a thabhairt chun bealaigh ó aon trá nó ó bhruacha aon abhann nó óna gcóngar le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh na líonta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar chosc nó treampán a chur ar bhradáin nó bric le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

131. —Gach duine a choiscfidh gluaiseacht bradán nó breac nó a ngealóg nó a ngilidíní nó a dhéanfaidh díobháil nó treampán d'aon bhradán nó breac, nó d'aon scéith nó gilidíní nó gealóga bradáin nó á dhéanfaidh díobháil nó treampán d'aon leaba sceite nó bruach nó tanalacht a bhféadfadh an scéith nó na gilidíní nó na gealóga sin a bheith ann, go toiliúil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon tréimhse nach lú ná mí agus nach mó ná dhá mhí dhéag.

Pionós mar gheall ar líonta a úsáid le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

132. —(1) Má dhéanann duine ar bith, le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric, aon ní acu seo a leanas—

(a) aon líon a shuíomh, a fheistiú nó a cheangal d'aon chuaille, droichead, sliús nó sliús-gheataí canála nó d'aon tógálacha seasmhacha eile den sórt sin, nó

(b) líon ar bith a leagan nó a tharraingt, nó iascaireacht a dhéanamh le líon ar bith, ach amháin líon a úsáidfear go dleathach chun eascanna a thógáil,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar bhád a úsáid chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

133. —(1) Má úsáideann duine ar bith aon bhád chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air,

(b) más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin é ag an duine sin, ansin—

(i) murab é an duine sin úinéir an bháid, agus

(ii) mura gcruthóidh an t-úinéir gur úsáideadh an bád gan fhios dó nó gan a thoiliú,

féadfaidh an Chúirt a ordú an bád a fhorghéilleadh.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le húsáid báid ag aon duine a bheidh ag duánacht go dleathach le slat agus ruaim.

Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric a cheannach, etc., le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric.

134. —(1) Aon duine a cheannóidh, a dhíolfaidh, a thaispeánfaidh chun a dhíolta, nó a mbeidh ina choimeád nó ina sheilbh aige, aon bhradán nó breac a tógadh as aon uiscí i rith le linn na tréimhse arb í, maidir leis na huiscí sin, an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bradán nó breac den sórt sin a cheannóidh nó a dhíolfaidh sé nó a thaispeánfaidh sé chun a dhíolta nó a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh aige amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach bradán nó breac a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) In aon imeachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh cruthúnas gur channaigh nó gur dhíol duine, nó gur thaispeáin sé chun a dhíolta nó go raibh ina choimeád nó ina sheilbh aige, aon bhradán nó breac le linn na tréimhse arb í, maidir le haon uiscí, an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric í ina fhianaise prima facie gur tógadh an bradán nó an breac sin le linn na tréimhse arb í an séasúr coiscthe bliantúil do bhradáin agus bric í sna huiscí as ar tógadh nó inar tógadh an bradán nó an breac sin.

(4) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo maidir le bradán nó breac, agus

(b) go gcruthóidh an duine sin gur gabhadh an bradán nó an breac sin le slat agus ruaim in áit áirithe agus am áirithe, agus

(c) go raibh sé dleathach bradáin nó bric a ghabháil le slat agus ruaim san áit sin agus san am sin,

déanfar an cúiseamh in aghaidh an duine sin a dhíbhe.

Roinn II.

Cosc le bradáin gabhadh tráthanna áirithe a onnmhairiú.

Cosc le bradáin a gabhadh tráthanna áirithe a onnmhairiú.

135. —(1) Aon duine a onnmhaireoidh aon bhradán a gabhadh le linn an ama a dtoirmisctear le dlí bradáin a ghabháil sna huiscí inar gabhadh an bradán céadluaite sin, nó a dhéanfaidh iarracht é a onnmhairiú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt se agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach bradáin a onnmhaireofar nó a ndéanfar iarracht é a onnmhairiú amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon bhradán a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Roinn III.

Cosc le bric a ghabháil i mí Eanáir agus i gcuid de mhí Feabhra.

Cosc le bric a ghabháil, a dhíol, etc., i mí Eanáir agus i gcuid de mhí Feabhra.

136. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon bhreac a thógáil, a mharú, a dhíothú, a cheannach, a dhíol, a chur ar díol ná a bheith ina sheilbh aige sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir agus dar críoch an 14ú lá d'Fheabhra aon bhliain.

(2) Aon duine a thógfaidh, a mharóidh, a dhíothóidh, a cheannóidh, a dhíolfaidh, a chuirfidh ar díol nó a mbeidh ina sheilbh aige aon bhreac contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bric a thógfaidh sé, a mharóidh sé, a dhíothóidh sé, a cheannóidh sé, a dhíolfaidh sé, a chuirfidh sé ar díol nó a gheofar ina sheilbh.

Roinn IV.

An séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán.

Séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán agus pionóis mar gheall ar dhuánacht bradán lena linn.

137. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) de fho-alt seo, is é a bheidh sa séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán, chun críocha an Achta seo, an tréimhse dar tosach an 13ú lá de Dheireadh Fómhair gach bliain agus dar críoch an 31ú lá d'Eanáir an bhliain dá éis sin;

(b) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé acu ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht bradán amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht bradán a dhéanamh lena linn, agus

(ii) go n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Achta seo, is í an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm.

(c) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé acu ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht bradán amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht bradán a dhéanamh lena linn, agus

(ii) nach n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Achta seo, is é an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm—

(I) an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair, agus

(II) an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin.

(d) Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán.

(2) (a) Má tharlaíonn, le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do dhuánacht bradán, go ndéanfaidh duine ar bith go toiliúil bradán a iascaireacht nó a thógáil le slat agus ruaim nó go gcabhróidh nó go gcuideoidh sé le bradán a thógáil nó a iascaireacht le slat agus ruaim, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bradáin a thógfaidh sé amhlaidh.

(b) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach bradán a thóg sé, agus an tslat agus an ruaim a úsáideadh ag déanamh an chiona, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Roinn V.

An séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac.

An séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac agus pionóis mar gheall ar dhuánacht breac lena linn.

138. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is é a bheidh sa séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac in áit áirithe, chun críocha an Achta seo, an tréimhse a ndearbhófar, le fodhlí (cibé ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht breac amháin a bhaineann sé) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leis an áit sin, agus a rinneadh faoin Acht seo, é a bheith neamhdhleathach duánacht breac a dhéanamh lena linn.

(b) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht breac amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht breac a dhéanamh lena linn, agus

(ii) go n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Achta seo, is í an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm.

(c) Más rud é—

(i) maidir le haon áit, go bhfuil fodhlí (cibé ar le duánacht bradán agus breac nó le duánacht breac amháin a bhaineann sé) i bhfeidhm, a mheasfar a bheith arna dhéanamh faoin Acht seo, lena socraítear tréimhse a ndearbhaítear leis an bhfodhlí sin é a bheith neamhdhleathach duánacht breac a dhéanamh lena linn, agus

(ii) nach n-áirítear san fhodhlí sin mar chuid den tréimhse sin an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair,

ansin, chun críocha an Acht seo, is séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac san áit sin, fad a bheidh an fodhlí sin i bhfeidhm—

(I) an tréimhse choiscthe duánachta i nDeireadh Fómhair, agus

(II) an tréimhse a shocraítear leis an bhfodhlí sin.

(d) Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le fodhlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac.

(2) (a) Má tharlaionn, le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil do dhuánacht breac, go ndéanfaidh aon duine go toiliúil breac a iascaireacht nó a thógáil le slat agus ruaim nó go gcabhróidh nó go gcuideoidh sé le breac a thógáil nó a iascaireacht le slat agus ruaim, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise dhá phunt in aghaidh gach bric a thógfaidh sé amhlaidh.

(b) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh gach breac a thóg sé, agus an tslat agus an ruaim a úsáideadh ag déanamh an chiona, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Roinn VI.

An tráth coiscthe seachtainiúil.

An tráth coiscthe seachtainiúil.

139. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, san Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tráth coiscthe seachtainiúil” an tréimhse dar tosach 6 a.m. ar an Satharn agus dar críoch 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon abhainn ina bhfuil iascach nó ceart iascaigh ag Bord Soláthair an Leictreachais.

(b) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tráth coiscthe seachtainiúil” maidir le haon abhainn lena mbaineann an fo-alt seo, faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, an tréimhse dar tosach 6 a chlog a.m. ar an Satharn agus dar críoch 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin.

(c) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, athrú mar is cuí leis a dhéanamh ar an tráth coiscthe seachtainiúil a shocraítear le mír (b) den fho-alt seo i gcás aon abhann lena mbaineann an fo-alt seo, ach ní dhéanfaidh sé, le haon rialacháin den sórt sin, an tráth coiscthe seachtainiúil sin a mhéadú thar dhá uair chloig is seachtó ná é a laghdú faoi bhun ocht n-uaire a chloig is daichead.

(3) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an tráth coiscthe seachtainiúil” maidir le haon chora iascaireachta is ábhar d'ordú faoi fho-alt (2) d'alt 107, an tréimhse dar tosach 6 a chlog a.m. ar an Satharn agus dar críoch 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin maille le tréimhse cheithre huaire a chloig is fiche d'fhaidiú faoi mar a ordóidh an t-ordú sin.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht le haghaidh bradán nó breac, ar mhodh seachas le slat agus ruaim, le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

140. —(1) Aon duine a dhéanfaidh aon bhradán nó breac a iascaireacht nó a thógáil le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le bradáin nó bric a iascaireacht nó a thógáil go dleathach le slat agus ruaim.

Pionós mar gheall ar iasc a chosc ó ghluaiseacht trí bhoscaí le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

141. —Má dhéanann duine ar bith, le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil,—

(a) aon chóir nó deis a úsáid chun cosc a chur ar ghluaiseacht shaoráideach éisc trí aon bhosca, bearna, nó sliúsgheata i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó trí aon inneall seasmhach, nó

(b) eagla nó scanradh, nó iarracht ar eagla nó scanradh, a chur, go toiliúil, ar aon iasc, dul tríd an mbosca, an bhearna nó an sliús-gheata sin, nó trí ghaistí nó súile an innill sheasmhaigh sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

Forálacha maidir le cionta faoi ailt 140 agus 141.

142. —(1) I gcás cion faoi alt 140 nó 141 a dhéanamh maidir le haon hiascach, ansin—

(a) más duine i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir an iascaigh sin a rinne an cion sin, nó

(b) más duine (seachas an t-úinéir nó an t-áititheoir sin nó duine i bhfostaíocht nó faoi rialú an úinéara nó an áititheora sin) a rinne an cion sin agus gur urasaíodh a dhéanamh de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun nach ndéanfaí an cion sin,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina chionne agus pionós a ghearradh air dá réir.

(2) I gcás—

(a) duine i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir an iascaigh sin a bheith tar éis cion faoi alt 140 nó 141 a dhéanamh maidir le haon iascach, agus

(b) go gcúiseofar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin sa chion sin, de bhua fho-alt (1) den alt seo,

is cosaint mhaith don úinéir nó don áititheoir sin a chruthú—

(i) go ndearna sé dícheall cuí chun déanamh an chiona sin amhlaidh a chosc, agus go ndearnadh an cion gan toiliú, ná cúlcheadú ná mainneachtain thoiliúil, uaidhsean, agus

(ii) ar é a chúiseamh sa chion gur thug sé don duine a chúisigh é an t-eolas go léir a bhí ar a chumas i dtaobh an duine a rinne an cion.

Forálacha atá le comhlíonadh maidir le hinnill sheasmhacha áirithe le linn an trátha choiscthe sheactainiúil.

143. —(1) Le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(a) ní foláir glan-oscailt, ar a laghad ceithre throigh ar leithead a bheith déanta, agus coinnithe saor ó bhacainn, i ngaistí nó cinn gach líon cuaillí a úsáidfear chun bradáin a ghabháil agus i súile nó i mbearnaí gach ceann-cbora a úsáidfear chun bradáin a ghabháil, ó uachtar go híochtar, ionas go bhféadfaidh iasc gluaiseacht go saoráideach tríothu agus go mbeidh cosc éifeachtúil le hiasc a thógáil iontu,

(b) ní foláir líonra treoire gach cochall iascaireachta a úsáidfear chun bradáin a ghabháil a bheith ardaithe agus coinnithe as an uisce.

(2) Más rud é, maidir le haon líon cuaillí, ceann-chora nó cochall iascaireachta, nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (1) den alt seo, beidh a áititheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

Forálacha atá le comhlíonadh maidir le coraí iascaireachta bradán agus dambaí muilinn iascaireachta le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil

144. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “cora bradán” aon chora—

(a) is cora iascaireachta chun bradáin a thógáil, nó

(b) is damba muilinn iascaireachta chun bradáin a thógáil.

(2) I gcaitheamh an trátha choiscthe sheachtainiúil ní foláir ionscálaí agus heic gach bosca i gcora bradán a bheith—

(a) aistrithe amach as, nó

(b) oscailte amach sa chaoi go mbeidh glan-oscailt nach lú ná ceithre throigh ar leithead fágtha ar oscailt ann ó uachtar an bhosca go dtí a íochtar agus go mbeidh spás den leithead sin agus é saor, díreach agus gan bhac curtha in áirithe go héifeachtúil le haghaidh gluaiseacht gach uile iasc, suas agus síos, tríd an mbosca.

(3) Más rud é, maidir le haon chora bradán, nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (2) den alt seo, beidh áititheoir na cora sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air i leith gach bosca sa chora bradán sin nach mbeidh a ionscálaí agus a heic aistrithe nó oscailte amach faoi mar a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin (2).

(4) I gcás áititheoir cora bradán a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh ionscálaí agus heic gach bosca a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (4) den alt seo mar ní a thugann go ndlífear aon phionós a chur ar aon duine ar choisc tuilte, stoirm nó drochaimsir é ó fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh fad a bhí sé faoi chosc amhlaidh.

Pionós mar gheall ar bhradáin nó bric a scanrú nó iad a chosc ó ghluasiseacht go saoráideach le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

145. —(1) Duine ar bith a scanróidh bradáin nó bric nó a chuirfidh cosc nó bac ar ghluaiseacht shaoráideach bradán nó breac le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon líon nó gléas a d'úsáid sé ag déanamh an chiona agus aon iasc a thóg sé leis ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le duine ar bith a thógfaidh iasc go dleathach le slat agus ruaim le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

Pionós mar gheall ar líonta a úsáid le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

146. —(1) Má dhéanann duine ar bith, le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, aon ní acu seo a leanas—

(a) aon líon a shuíomh, a fheistiú nó a cheangal d'aon chuaille, droichead, sliús nó sliús-gheataí canála nó d'aon tógálacha seasmhacha eile den sórt sin, nó

(b) líon ar bith a leagan nó a tharraingt, nó iascaireachta a dhéanamh le líon ar bith ach amháin líon a úsáidfear go dleathach chun eascanna a thógáil,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar bhád a úsáid chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil.

147. —(1) Má úsáideann duine ar bith aon bhád chun bradáin nó bric a ghabháil le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air,

(b) más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin ag an duine sin é, ansin—

(i) murab é an duine sin úinéir an bháid, agus

(ii) mura gcruthóidh an t-úinéir gur úsáideadh an bád gan fhios dó nó gan a thoiliú,

féadfaidh an Chúirt a ordú an bád a fhorghéilleadh.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le húsáid báid ag aon duine a bheidh ag duánacht go dleathach le slat agus ruaim.