An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Rialacháin maidir le Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta.) Ar Aghaidh (CUID IX. Srianta maidir le Tráthanna Iascaireachta Bradán, Breac, Pollán, agus Eascann, agus Forálacha Foghabhálacha.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil V.

Dambaí agus Bacainní Aiceanta.

Déanamh iascbhealaí i ndambaí chun uisce a choinneáil le haghaidh muilleoireachta, loingseoireachta, uisciúcháin, etc., in aibhneacha bradán.

115. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “damba” aon damba, cora, díog nó déanmhas eile atá curtha in abhainn bradán, nó trasna abhann bradán, chun uisce na habhann sin a choinneáil le haghaidh muilleoireachta, loingseoireachta, uisciúcháin nó cuspóirí eile.

(2) Gach damba a rinneadh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, nó dá éis, in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán, ní foláir é a bheith foirgnithe nó déanta ar chuma a bhéarfaidh agus a fhágfaidh, i gcuid amháin nó níos mó den damba sin, go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht nó imirce a dhéanamh go saoráideach gach tráth den bhliain agus is ar chostas an duine a rinne an damba sin agus i cibé slí a cheadóidh an tAire a dhéanfar an socrú sin le haghaidh gluaiseacht shaoráideach éisc tríd an damba sin.

(3) I gcás aon damba a rinneadh roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán, féadfaidh an tAire más dóigh leis gur gá é ar mhaithe le hiascaigh na habhann sin, ar iarratas ó dhuine amháin nó níos mó de na daoine ag a bhfuil leas in iascach na habhann sin agus ar chostas agus muirir chuí na ndaoine ag a bhfuil leas san iascach sin, a chur faoi deara suirbhéireacht a dhéanamh ar an damba sin agus a ordú cibé athruithe a dhéanamh ann nó cibé obair bhreise a chur leis is dóigh leis an Aire is gá agus is inmhianaithe chun go mbeadh gluaiseacht shaoráideach gan chose ag an iasc a ghnáthaíonn an abhainn sin gan dochar don loingseoireacht nó gan díth gan dochar do chumhacht éifeachtach oibrithe an mhuilinn nó na monarchan lena mbaineann an damba sin.

(4) Féadfaidh an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh ó am go ham feidhm a bhaint as aon chuid is cuí leis dá chistí chun bealaí a dhéanamh i ndambaí nó thar dambaí in aon abhainn ina cheantar iascaigh faoi réir cheadú an Aire, faoi fho-alt (3) den alt seo, agus, ar a gceadú sin a fháil, féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a chur chun creidiúna don Aire a bheidh an tAire tar éis a fhormheas agus a cheadú chuige sin agus air sin is dleathach don Aire a ordú agus a chur faoi deara de bhun chumhachtaí agus fhorálacha fho-alt (3) den alt seo cibé athruithe a dhéanamh in aon damba a bheidh curtha suas in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán chun gluaiseacht shaoráideach gan chosc a bheith ag iasc.

Iasc-bhealaí i ndambaí agus deisiú dambaí.

116. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a cuireadh (cibé acu roimh an dáta feidhme nó dá éis sin é) in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann a bheith déanta nó á choimeád i dtreo ar chuma nach dtugann sé agus nach bhfágann sé, i gcuid nó i gcodanna de, go bhféadfaidh gach iasc gluaiseacht nó imirce a dhéanamh go saoráideach gach tráth den bhliain, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar áititheoir an damba sin á cheangal ar an áititheoir sin cibé deisiú (lena n-áirítear athruithe nó breisithe) a dhéanamh ar an damba sin laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin, is dóigh leis an Aire is gá nó is inmhianaithe chun go mbeadh gluaiseacht shaoráideach gan chosc ag an iasc a ghnáthaíonn an abhainn sin.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir damba a úsáidtear i ndáil le muileann nó monarcha agus go gcuirfidh an t-áititheoir sin, laistigh de mhí ó dháta na seirbheála sin, uiríoll i scríbhinn chun an Aire go dtiocfadh den fhógra sin a chomhlíonadh go ndéanfaí dochar d'oibriú an mhuilinn nó na monarcha sin, cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfaidh duine ceart cuí fiosrúchán i dtaobh na huiríolla sin agus go dtabharfaidh sé tuarascáil don Aire ina taobh agus ar an tuarascáil a thabhairt beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(a) má léiríonn an tuarascáil go dtiocfadh den deisiú a sonraíodh san fhógra sin laghdú ba mhó ná cúig faoin gcéad san each-chumhacht oibrithe a bhí ar fáil don mhuileann nó don mhonarcha sin anuas go dtí dáta an fhógra sin a sheirbheáil (arna thomhas le linn cothrom an uisce ag an damba sin a bheith ar meán-chothrom chíor an damba sin), tarraingeoidh an tAire an fógra sin siar agus cuirfidh sé sin in iúl don áititheoir sin,

(b) má léiríonn an tuarascáil nach dtiocfadh laghdú mar sin den deisiú sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(i) seirbheálfaidh an tAire cóip den tuarascáil sin ar an áititheoir sin,

(ii) féadfaidh an t-áititheoir sin, laistigh de cheithre lá déag ó dháta na cóipe sin a sheirbheáil, ráiteas i scríbhinn a chur chuig an Aire ag déanamh agóide i gcoinne na tuarascála agus ag lua forais a agóide,

(iii) má chuirtear agóid chun an Aire amhlaidh, ansin—

(I) cuirfidh an tAire an scéal faoi bhráid Uachtarán Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann nó faoi bhráid duine éigin a cheapfaidh an tUachtarán sin, agus féadfaidh seisean, tar éis an scéal a fhiosrú, aontú nó easaontú leis an tuarascáil de réir mar is cuí leis,

(II) má aontaíonn an duine a fhiosróidh an scéal leis an tuarascáil, seirbheálfaidh an tAire ráiteas ar an áititheoir sin á chur sin in iúl dó, agus beidh éifeacht ag an bhfógra sin ionann is dá gcuirfí ann tréimhse míosa, dar tosach lá an ráitis sin a sheirbheáil, in ionad na tréimhse a sonraíodh ann chun a chomhlíonta,

(III) má easaontaíonn an duine a fhiosróidh an scéal leis an tuarascáil, tarraingeoidh an tAire an fógra sin siar,

(IV) íocfar leis an duine a fhiosróidh an scéal cibé táille a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, i gcás an duine sin d'aontú leis an tuarascáil, íocfaidh an t-áititheoir sin leis an Aire suim is comhionann leis an táille sin agus féadfaidh an tAire an tsuim sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla, agus ar í a íoc leis an Aire, nó ar a gnóthú aige amhlaidh, íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais,

(iv) mura gcuirfear agóid chun an Aire amhlaidh, beidh éifeacht ag an bhfógra sin ionann is dá gcuirtí ann tréimhse sé sheachtain, dar tosach an dáta a seirbheáladh cóip den tuarascáil ar an áititheoir sin, in ionad na tréimhse a sonraíodh ann chun a chomhlíonta.

(3) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a suíodh (cibé acu roimh an dáta feidhme, ar an dáta feidhme nó dá éis sin é) in aon abhainn a bheith déanta nó á choimeád i dtreo ar chuma go bhfuil uisce, a bheadh ar fáil le haghaidh gluaiseacht agus imirce éisc go saoráideach thar an damba sin nó thart leis, ag sileadh nó ag éalú amach tríd an damba sin nó thar an damba sin (ar shlí seachas trína úsáid chun na críche dá gcoinníonn an damba sin é) agus, dá dheasca sin, nach bhfuil sé ar fáil le haghaidh na gluaiseachta agus na himirce saoráidí sin, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar áititheoir an damba sin á cheangal ar an áititheoir sin cibé deisiú (lena n-áirítear athnuachain agus athchóiriú) a fheictear don Aire is gá agus a shonrófar san fhógra sin a dhéanamh ar an damba sin laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin.

(4) I gcás fógra a seirbheáladh faoi fho-alt (1) den alt seo a tharraingt siar faoi fho-alt (2) den alt seo, measfar nár seirbheáladh an fógra sin.

(5) I gcás inar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo ar áititheoir damba, agus nach ndearna an t-áititheoir sin de réir cheanglas an fhógra sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná caoga punt agus nach mó ná céad punt a chur air,

(b) féadfaidh an tAire (cibé acu a tionscnaíodh imeachtaí in aghaidh an áititheora sin faoi mhír (a) den fho-alt seo nó nár tionscnaíodh) dul isteach ar an damba sin agus ar aon talamh i dtadhal leis agus an deisiú a sonraíodh san fhógra sin a dhéanamh ar an damba sin.

(6) I gcás ina ndéanfaidh an tAire aon deisiú ar dhamba faoin alt seo, beidh sé i dteideal an costas faoina rachaidh sé á dheisiú amhlaidh a ghnóthú ó áititheoir an damba sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Ní bheidh an tAire faoi dhliteanas i leith aon damáistí iarmartacha d'aon mhaoin nó d'aon duine a thiocfaidh as é do dhéanamh aon deisithe ar dhamba faoin alt seo.

(8) Aon uair a bheidh an tAire i dteideal faoin alt seo fógra a sheirbheáil á cheangal deisiú a dhéanamh ar dhamba, féadfaidh an tAire, sula seirbheálfaidh sé an fógra sin, a chur faoi deara an damba sin a iniúchadh agus a scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire chun an t-iniúchadh agus an scrúdú sin a dhéanamh i dteideal dul isteach chun na críche sin gach tráth réasúnach ar an damba sin agus ar aon talamh i dtadhal leis.

(9) Na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo is cumhachtaí iad i dteannta cumhachtaí an Aire faoi alt 115 agus ní cumhachtaí ina n-ionad sin iad.

Dambaí tréigthe agus dambaí díomhaoine a athrú.

117. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire aon damba a rinneadh nó a suíodh in aon abhainn a bheith tréigthe nó díomhaoin ar feadh tréimhse nach lú ná cúig bliana nó nár úsáideadh go héifeachtúil é i gcaitheamh na tréimhse sin chun na críche chun a ndearnadh é agus go bhfuil sé go díreach nó go neamhdhíreach ag cur cosc, nó ag cabhrú chun cosc a chur, le gluaiseacht agus imirce saoráideach éisc nó ag tabhairt áiseanna chun iasc a dhíothú go neamhdhleathach, féadfaidh an tAire a chur faoi deara fógra a sheirbheáil ar aon duine a bhfeictear dó gurb é úinéir nó áititheoir an damba sin é á cheangal ar an duine sin go ndéanfaidh sé, laistigh den tréimhse (nach lú ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin, cibé athruithe (lena n-áirítear breisithe agus lán-aistriú nó páirtaistriú) ar an damba sin a fheicfear don Aire a bheith riachtanach chun go bhféadfaidh iasc gluaiseacht agus imirce a dhéanamh go saoráideach nó chun deireadh a chur leis na háiseanna chun iasc a dhíthiú go neamhdhleathach (cibé acu é) agus a shonrófar san fhógra sin.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach mbeidh na hathruithe a sonraíodh san fhógra sin déanta laistigh den tréimhse a sonraíodh chuige sin san fógra sin, féadfaidh an tAire dul isteach ar an damba lena mbaineann an fógra sin agus ar aon talamh i dtadhal leis an damba sin agus na hathruithe sin a dhéanamh ar an damba sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire aon athruithe ar dhamba faoin alt seo agus gur deimhin leis gur tharla na hathruithe sin a bheith riachtanach de dheasca faillí thoiliúil úinéir nó áititheoir an damba sin, féadfaidh an tAire an costas faoina rachaidh an tAire ag déanamh na n-athruithe sin a ghnóthú ón úinéir nó ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Aon uair a bheidh an tAire i dteideal faoin alt seo fógra a sheirbheáil á cheangal athruithe a dhéanamh ar dhamba, féadfaidh an tAire, sula seirbheálfaidh sé an fógra sin, a chur faoi deara an damba sin a iniúchadh agus a scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire chun an t-iniúchadh agus an scrúdú sin a dhéanamh i dteideal chun na críche sin dul isteach, gach tráth réasúnach ar an damba sin agus ar aon talamh dtadhal leis.

(5) Ní bheidh an tAire faoi dhliteanas i leith aon mhuirir chun aon damba a choimeád i dtreo a cheanglóidh sé a athrú nó a athróidh sé faoin alt seo, ná i leith aon damáistí iarmartacha d'aon mhaoin nó d'aon duine de dheasca an athraithe sin nó de dheasca é a dhéanamh.

(6) Aon uair a bheartóidh an tAire, maidir le haon damba tréigthe nó díomhaoin a rinneadh nó a suíodh in abhainn chun uisce a choinneáil, nó i ndáil le huisce a choinneáil, le haghaidh loingseoireachta, fógra a sheirbheáil nó aon athruithe a dhéanamh faoin alt seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála sula seirbheálfaidh sé an fógra sin nó sula ndéanfaidh sé na hathruithe sin.

Bacainní aiceanta in aibhneacha a athrú nó a aistriú ionas go bhféadfaidh iasc imirce a dhéanamh go saoráideach.

118. —(1) Más rud é go gcuireann sceireacha, scarbha, oitreacha nó bacainní aiceanta eile stop nó cosc, in aon abhainn, le gluaiseacht agus imirce shaoráideach éisc, agus go mbacann sé iasc ar dhul suas go dtí na codanna uachtaracha den abhainn sin nó go dtí aon lochanna a bhfuil bealach chucu ón abhainn sin agus a scéith a chur ann, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ar iarratas ó aon duine a bhfuil leas aige in iascach na habhann nó an locha sin agus a thaiscfidh nó a uróidh suim airgid is leor chuige sin, oibreacha agus athruithe a dhéanamh nó a údarú, nó dul i gconradh le haon duine ag a bhfuil leas in iascaigh na habhann sin chun a ndéanta, i leaba na habhann sin de chineál a áiritheoidh gluaiseacht shaoráideach gan bhac a bheith ag iasc gach séasúr den bhliain.

(2) Beidh na pleananna, na léaráidí trasghearrtha, na sonraíochtaí agus na conarthaí do na hoibreacha nó na hathruithe go léir a údarófar faoin alt seo faoi réir a gceadaithe roimh ré ag an Aire.

(3) Chun aon obair a dhéanamh faoin alt seo agus chun an cúiteamh uile i leith damáiste agus nithe eile i ndáil leis a chinneadh, beidh ag an Aire agus ag a oifigigh agus a sheirbhísigh na cumhachtaí agus na húdaráis atá dílsithe i gCoimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoi réim agus de bhua na reachtanna a rinneadh agus a foráladh chuige sin.

(4) Ní dhéanfar aon obair ná athrú faoin alt seo ar leaba aon abhann ar chuma a dhéanfadh díobháil do chumhacht éifeachtach aon mhuilinn nó monarchan ná a choiscfeadh ná a bhacfadh in aon slí draenáil tailte atá tadhlach leis an abhainn sin.

(5) Déanfaidh na páirtithe arb ar a n-iarratas a údarófar aon oibreacha faoin alt seo cúiteamh réasúnach a thabhairt in aon damáiste nó díobháil a rinneadh nó a dhéanfar nó a thiocfaidh go hiarmartach nó ar dhóigh eile i ndéanamh na n-oibreacha sin.

(6) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantar iascaigh ó am go ham aon chuid is cuí leis dá chistí a úsáid chun bacainní aiceanta in aon abhainn ina cheantar iascaigh a chur as nó bealaí a dhéanamh sna bacainní sin nó tharstu, faoi réir cheadú an Aire, faoi na fo-ailt roimhe seo den alt seo, agus ar cheadú an Aire a fháil féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a bheidh aontaithe agus ceadaithe ag an Aire chun na críche sin a chur chun creidiúna don Aire agus air sin is dleathach don Aire cibé oibreacha agus cibé athruithe a dhéanamh ar leaba aon abhann a áiritheoidh gluaiseacht shaoráideach gan bhac a bheith ag iasc, de bhun cumhachtaí agus forálacha na bhfo-alt roimhe sin den alt seo.

Cionta i leith iasc-bhealaí a rinneadh faoi alt 62 nó 63 den Fisheries(Ireland) Act,1842, nó faoi alt 115 nó 118.

119. —(1) San alt seo ciallaíonn “iasc-bhealach” iasc-bhealach a rinneadh faoi alt 62 nó 63 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, nó faoi alt 115 nó 118.

(2) Duine ar bith—

(a) a thógfaidh, a mharóidh, nó a dhíothóidh aon iasc in iasc-bhealach, nó

(b) a chrochfaidh, a fheisteoidh, a úsáidfidh nó a chuirfidh aon inneall iascaireachta in iasc-bhealach, nó

(c) a chuirfidh aon bhacainn, a úsáidfidh aon deis nó a dhéanfaidh aon ghníomh lena bhféadfaí iasc a scanrú, nó drogall a chur orthu nó iad a chosc in aon slí ó ghluaiseacht go saoráideach suas agus síos trí iascbhealach gach tráth den bhliain.

(d) nach gcoinneoidh iasc-bhealach glan ó gach bacainn,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus, más é a bheidh sa chion aon bhacainn nó deis a chur in iascbhealach, ordóidh an Chúirt í a aistriú as ar chostas an chiontóra.

(3) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo in imthoscaí a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúnt—

(i) gur duine éigin i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir muilinn nó monarcha a rinne an cion, nó

(ii) gur le fios nó le cúlcheadú an úinéara nó an áititheora sin nó an duine i bhfeighil an mhuilinn nó na monarchan sin a rinneadh an cion, nó

(iii) gur de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun an cion sin a chosc a rinneadh an cion sin, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion, ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion nó nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sa chion sin,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar pionós a ghearradh air dá réir.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a úsáid laistigh de dhá chéad slat ó dhambaí áirithe.

120. —(1) Má úsáideann duine ar bith aon inneall iascaireachta (seachas slat agus ruaim) chun iasc a thógáil laistigh de dhá chéad slat lastuas nó laistíos d'aon damba a úsáidtear chun uisce a sholáthar do mhuilte nó monarchana nó le haghaidh loingseoireacht a beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon inneall iascaireachta a úsáid in aon áit laistigh de dhá chéad slat ó aon damba den chineál a luaitear san fho-alt sin, i gcás ina raibh an ceart chun úsáid a bhaint as an inneall iascaireachta sin á fheidhmiú san áit sin ar feadh fiche bliain díreach roimh an 14ú lá de Lúnasa, 1850, ag aon duine ag a raibh seilbh dleathach ar iascach eisiatach ann.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a úsáid ag damba muilinn nach ngabhann iascbhealach leis nó laistigh de chaoga slat ó dhamba den sórt sin.

121. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 120, ní dleathach do dhuine ar bith, bíodh go bhfuil seilbh aige ar iascach eisiatach a raibh ceart chun inneall iascaireachta a úsáid ina leith aon áit laistigh de dhá chéad slat ó dhamba muilinn á fheidhmiú ar feadh fiche bliain díreach roimh an 14ú lá de Lúnasa, 1850, aon inneall iascaireachta (seachas slat agus ruaim) a úsáid caoga slat, ná laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos den damba muilinn sin mura rud é—

(a) go bhfuil ag gabháil leis an damba muilinn sin iascbhealach de cibé saghas agus tomhais a bheidh ceadaithe ag an Aire, agus

(b) go bhfuil an oiread sin uisce ag rith i gcónaí tríd an iascbhealach sin gur féidir le bradáin gluaiseacht síos suas ann.

(2) Má sháraíonn duine ar bith fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mo ná fiche punt a chur air.

Forálacha maidir le roth-chomhlaí, etc., i muilte, etc., a fhaigheann uisce ó aibhneacha bradán.

122. —(1) San alt seo—

folaíonn an focal “muileann” aon mhonarcha, meaisín, foirgneamh nó obair eile a dhéanann nó dá ndéantar uisce a thógáil nó a úsáid chun aon chríche, ach ní fholaíonn sé aon obair chun leictreachas a ghiniúint, trí chumhacht hiodrálach, lena dháileadh agus lena sholáthar don phobal;

ciallaíonn an focal “roth-shliúsanna”, maidir le muileann, na sliúsanna a ligeann uisce chun rothaí an mhuilinn sin.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach muileann a fhaigheann a sholáthar uisce ó abhainn bradán—

(a) má tá iasc-bhealach sa damba a bhaineann leis an muileann, coimeádfar na roth-shliúsanna agus na scéith-gheataí nó na brúcht-bhealaí dúnta—

(i) ar feadh ceithre huaire is fiche as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(b) mura bhfuil iasc-bhealach sa damba a bhaineann leis an muileann agus má tá an scéith-gheata ar an taobh aghaidh le sruth de na roth-shliúsanna curtha suas i gcainéal atá oiriúnach do ghluaiseacht éisc, coimeádfar na roth-shliúsanna dúnta agus an scéith-gheata sin oscailte—

(i) ar feadh ceithre uaire is fiche as a chéile gach seachtain idir a 6 a chlog p.m. ar an Satharn agus a 6 a chlog a.m. ar an Luan dá éis sin, agus

(ii) ar feadh aon tréimhse eile nach mbeidh an muileann á oibriú;

(c) mura gcomhlíonfar forálacha mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo, beidh áititheoir an mhuilinn ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná trí phunt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás ina gcúiseofar áititheoir muilinn i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú go dtiocfadh de mhír (a) nó mír (b) (cibé acu is iomchuí) d'fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh go gcuirfí as go dochrach in aon slí d'innealra nó d'uisce-chumhacht an mhuilinn.

Grátaí i sruthchúrsaí as aibhneacha ionas nach rachaidh bradáin ná bric isteach iontu.

123. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús a chun uisce a thabhairt ó aon abhainn bradán, lena sholáthar do bhailte nó talamh a uisciú nó mar chumhacht tiomána innealra nó chun aon chríche eile, seachas uisce a sholáthar le haghaidh loingseoireachta nó linnte éisc:—

(a) ní foláir gráta (nach mó ná dhá orlach in áit ar bith an spás idir a bharraí) a shínfidh trasna leithead iomlán an sruthchúrsa, na claise, an chainéil nó an tsliúis sin agus ó íochtar a leaba nó a urláir go dtí cothrom na n-uiscí is airde sa gheimhreadh nó le linn tuile, a bheith feistithe ag na pointí mar a scarann agus mar a n-athcheanglaíonn an sruthchúrsa, an chlais an cainéal nó an sliús sin leis an abhainn sin agus laistíos agus laistuas den sliús sin,

(b) i gcaitheamh mí Márta, Aibreáin agus Bealtaine agus na dtréimhsí eile den bhliain a mbeidh álach bradán nó breac ag dul síos an abhainn sin, ní foláir cliathrach nó líonra sreangach de cibé tomhais a choiscfidh go héifeachtúil gilidíní bradán nó mion-éisc eile ó dhul isteach sa sruthchúrsa, sa chlais, sa chainéal nó sa sliús sin, a bheith feistithe nó sínte trasna dhromchla iomlán gach gráta acu sin,

(c) ní foláir gach gráta, cliathrach nó líonta den tsórt sin a bheith daingnithe agus socraithe ar chuma nach féidir é a aistriú ná é a oscailt agus coimeádfar i ndeisriocht é i gcónaí.

(2) Más rud é, maidir le haon sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, nach gcomhlíonfar forálacha an fho-ailt sin, beidh úinéir, léasaí nó áititheoir aon áitribh chun a dtéann an sruthchúrsa, an chlais, an cainéal nó an sliús sin nó aon duine eile a dhéanfaidh nó a úsáidfidh an sruthchúrsa, an chlais, an cainéal nó an sliús sin, nó a mbeidh a chúram agus a chnthabháil air, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) Más rud é, maidir le haon sruthchúrsa, clais, cainéal nó sliús lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus a rinneadh chun uisce a thabhairt mar chomhacht tiomána d'innealra, go gcruthófar chun sástachta an Aire gur gá díolúine a thabhairt ar feadh aon tréimhse ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear ina leith leis an bhfo-alt sin (1) chun an t-innealra sin a oibriú go héifeachtúil, féadfaidh an tAire an díolúine sin a dheonú.

(4) Féadfaidh an tAire díolúine a deonaíodh faoi alt 4 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1869, nó faoi fho-alt (3) den alt seo a chúlghairm.

Oibleagáidí úinéirí meaisíní hiodrálacha a fhaigheann soláthar ó aibhneacha bradán.

124. —(1) Más ó abhainn bradán a fhaigheann tuirbín nó meaisín hiodrálach dá shamhail, a d'fhéadfadh a bheith díobhálach do bhradáin ar a mbealach síos chun na farraige, soláthar uisce ó abhainn bradán, beidh sé de dhualgas ar an duine a bhfuil an meaisín sin ar úinéireacht nó ar úsáid aige gráta nó cóir éifeachtach eile a chur ar fáil, le linn na tréimhse a bheidh bradáin ar a mbealach síos chun na farraige amhlaidh, chun na bradáin sin a chosc ó dhul isteach sa mheaisín sin.

(2) Má fhaillíonn aon duine ar a gcuirtear dualgas le fo-alt (1) den alt seo an dualgas sin a dhéanamh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a mhairfidh an fhaillí sin.

Pionós mar gheall ar iasc a thógáil, etc., in oibreacha nó i sruthchúrsaí atá ag gabháil le muilte nó monarchana.

125. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon séasúr den bhliain, in aon linn muilinn nó damba muilinn nó in aon oibreacha atá ag gabháil le haon mhuileann nó monarcha nó in aon cheann de na sruthchúrsaí a thugann an t-uisce isteach i aon mhuileann nó monarcha nó amach as, aon inneall iascaireachta a úsáid (seachas slat agus ruaim a úsáidfear go dleathach) nó deis ar bith a úsáid chun aon bhradán nó iasc eile a thógáil, a dhíothú nó a bhac, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) Nuair a chiontófar duine i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo trí aon sliús-gheata atá faoi chumhacht eisiatach áititheoir muilinn nó monarchan a dhúnadh anuas nó a dhruid, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion nó nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sin sa chion sin.

measfar an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar píonós a ghearradh air dá réir.

(4) Más rud é—

(a) go líomhnófar i ngearán agus go gcruthófar go ndearnadh cion faoin alt seo in imthoscaí a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint—

(i) gur duine éigin i bhfostaíocht nó faoi rialú úinéir nó áititheoir muilinn nó monarchan a rinne an cion, nó

(ii) gur le fios nó le cúlcheadú an úinéara nó an áititheora sin nó an duine i bhfeighil an mhuilinn nó na monarchan sin a rinneadh an cion, nó

(iii) gur de dheasca gur mhainnigh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin cúram réasúnach a ghlacadh chun an cion sin a chosc a rinneadh an cion sin, agus

(b) go líomhnófar sa ghearán agus go gcruthófar go ndearnadh an cion, ach nach fios cé hé an duine a rinne an cion agus nach féidir teacht air, agus

(c) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir an mhuilinn nó na monarchan sa chion sin faoin alt seo,

measfar an t-úinéir nó an t-áititheoir sin a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar pionós a ghearradh air dá réir.