An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Rialacháin maidir le Déanamh Inneall Seasmhach agus lena nÚ sáid.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Dambaí agus Bacainní Aiceanta.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil IV

Rialacháin maidir le Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta.

Saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta

107. —(1) I ngach cora iascaireachta beidh saor-bhearna nó oscailt de réir na bhforálacha seo a leanas:—

(a) is sa chuid is doimhne den sruth a bheidh an saor-bhearna,

(b) beidh taobhanna na saor-bhearna ar aonlíne, agus comhthreormhar, le treo an tsrutha ag an gcora,

(c) beidh íochtar na saor-bhearna ar aonchothrom le grinneall aiceanta an tsrutha lastuas agus laistíos den bhearna,

(d) ní bheidh leithead na saor-bhearna san áit is cúinge í níos lú ná trí throigh in aon chás agus, faoi réir na teorann sin, ní bheidh sí níos cúinge ná an deichiú cuid de leithead an tsrutha nó caoga troigh, cibé acu is lú,

(e) ní laghdófar leithead aon saor-bhearna atá ann cheana in aon chora iascaireachta ná ní chuirfear bearna is lú leithead ina hionad ná ní dhéanfar aon athrú uirthi chun an rith uisce tríd an gcora sin a laghdú.

(2) (a) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon chora iascaireachta a ndearnadh ordú ina leith faoi mhír (b) den fho-alt seo.

(b) Má tá leithead na habhann, i gcás ina bhfuil cora iascaireachta cairte nó paitinne (ar cora iascaireachta í a bhí ann an 28ú lá d'Iúil, 1863) gan bheith os cionn daichead troigh agus go mb'fhéidir go mbeadh sé mífhóirsteanach a chur faoi deara saor-bhearna a dhéanamh inti, féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú ina ionad sin go sínfear an tráth coiscthe seachtainiúil go dtí ceithre huaire is fiche.

(3) I gcás saor-bhearna a bheith déanta i gcora iascaireachta ach gan í a bheith á coimeád i dtreo de réir fho-alt (1) den alt seo, beidh úinéir na cora iascaireachta ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a dhéanfaidh sé mainneachtain amhlaidh.

Cora iascaireachta leis an Aire nó le Bord Soláthair an Leictreachais a oibriú gan saorbhearna.

108. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú a údarú cora iascaireachta shonraithe leis an Aire nó le Bord Soláthair an Leictreachais a oibriú gan saor-bhearna, faoi réir cibé coinníollacha, i dtaobh leorlíon de na héisc a thagann isteach sa chora a ligean suas an sruth, is cuí leis a fhorchur chun leorstoic de na héisc sin a chothabháil, agus féadfaidh sé, le hordú, aon ordú a rinne sé faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(2) Sula ndéanfaidh sé ordú faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara fógra, ina mbeidh dréacht den ordú beartaithe, go bhfuil sin ar intinn aige a fhoilsiú agus a scaipeadh sa cheantar lena mbainfidh an t-ordú agus breithneoidh sé aon agóidí i gcoinne an ordaithe sin a dhéanfar leis laistigh de mhí tar éis an fógra a fhoilsiú.

(3) Chun críocha an ailt seo measfar gur cora iascaireachta aon deis chun iasc a thógáil, nó chun cabhrú lena thógáil, a bhaineann le hoibreacha hidrileictreachais a rinne Bord Soláthair an Leictreachais.

(4) Beidh éifeacht ag ordú faoin alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht seo.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Teach den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo foilseofar fógra i dtaobh a dhéanta a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar lena mbaineann an t-ordú, agus taiscfear cóip den ordú leis an gCláraitheoir Contae do gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbaineann an t-ordú leis nó le haon chuid de, agus i ngach stáisiún Garda Síochána sa limistéar lena mbaineann sé.

(7) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh féachaint an mbeadh sé inmhianaithe ordú áirithe a dhéanamh faoin alt seo agus chun na críche sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(8) Cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar fógra de réir alt 322, go bhfuiltear chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo.

Coraí iascaireachta eascannaa oibriú gan saor-bhearna.

109. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a údarú, le hordú, cora iascaireachta eascanna shonraithe a oibriú gan saor-bhearna, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(2) (a) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, cúlghairm a dhéanamh ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú, faoi réir coinníollacha, gan saor-bhearna, más rud é—

(i) má bhíonn áititheoir na cora sin arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, nó

(ii) gur mhainnigh áititheoir na cora sin déanamh de réir na gcoinníollacha sin.

(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le cúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú gan saor-bhearna—

(i) ní chúlghairfidh an tAire an t-ordú mura mbeidh ná go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige leis an bpost d'áititheoir na cora sin á rá go bhfuil cúlghairm an ordaithe á bhreithniú ag an Aire agus ag insint na bhforas ar a bhfuil an chúlghairm á bhreithniú amhlaidh,

(ii) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an gcúlghairm sin a chuirfidh an t-áititheoir faoinabhráid sula rachaidh an fógra sin in éag.

(3) Má dhéantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna a oibriú gan saor-bhearna, ansin, fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm, beidh gach foráil den Acht seo a bhaineann le saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta gan feidhm i gcás na cora sin sa mhéid gur chun eascanna a ghabháil agus chuige sin amháin a úsáidtear í.

Saor-bhearnaí a dhéanamh i gcoraí iascaireachta.

110. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire, d'ainneoin aon bhreithe a thug na Coimisinéirí Speisialta faoi fhorálacha an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, nó a thug aon chúirt dlínse inniúla roimh an 14ú lá d'Iúil, 1939, nach bhfuil bearna de réir alt 107 i gcora iascaireachta, féadfaidh an tAire a chur faoi deara go seirbheálfar ar áititheoir na cora iascaireachta sin fógra á cheangal ar an áititheoir sin saor-bhearna a dhéanamh sa chora iascaireachta sin, de réir an ailt sin 107 agus laistigh den tréimhse (nach giorra ná mí ó dháta an fhógra sin a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra sin.

(2) I gcás fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil ar áititheoir cora iascaireachta, féadfaidh an t-áititheoir sin, laistigh de mhí tar éis an fógra sin a sheirbheáil, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá dlínse atá an chora iascaireachta sin ordú a dhéanamh ag neamhniú an fhógra sin ar an bhforas go bhfuil saor-bhearna de réir alt 107 san chora iascaireachta sin cheana agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) tabharfaidh an t-áititheoir sin fógra don Aire i dtaobh an iarratais;

(b) beidh an t-áititheoir sin agus an tAire i dteideal láithriú nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht agus fianaise a thabhairt ar aird;

(c) más deimhin leis an mBreitheamh sin go bhfuil saorbhearna de réir alt 107 sa chora iascaireachta sin cheana, cuirfidh sé an t-ordú sin ar neamhní agus ordóidh sé don Aire an costas a bheidh ar an áititheoir de dhroim agus i leith an iarratais a íoc leis an áititheoir sin, agus measfar nár seirbheáladh an fógra sin;

(d) mura deimhin leis an mBreitheamh sin an méid sin diúltóidh sé don iarratas agus ordóidh sé don áititheoir sin an costas a bheidh ar an Aire de dhroim agus i leith an iarratais sin a íoc leis an Aire, agus féadfaidh sé freisin an fógra sin a leasú tríd an tréimhse a fhadú a shonraítear san fhógra sin chun déanamh dá réir;

(e) beidh breith an Bhreithimh sin ar an iarratas ina breith chríochnaiteach dochloíte nach féidir achomharc a dhéanamh ina coinne.

(3) Más rud é—

(a) gur seirbheáladh fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar áititheoir cora iascaireachta, agus

(b)     (i) nach ndearna an t-áititheoir sin go cuí, i leith an fhógra, iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo, nó

(ii) go ndearna an t-áititheoir sin go cuí, i leith an fhógra, iarratas faoin bhfo-alt sin, ach gur diúltaíodh don iarratas, agus

(c) nach ndearna an t-áititheoir de réir cheanglais an fhógra,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(I) beidh an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná caoga punt agus nach mó ná céad punt a chur air,

(II) féadfaidh an tAire (cibé acu a tionscnaíodh imeachtaí i gcoinne an áititheora sin faoi mhír (I) den fho-alt seo nó nár tionscnaíodh) dul isteach ar an gcora iascaireachta sin agus ar aon talamh i dtadhal leis an gcora iascaireachta sin agus saor-bhearna a dhéanamh sa chora sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an tAire saor-bhearna i gcora iascaireachta faoin alt seo beidh sé i dteideal an costas faoina ndeachaigh sé ag déanamh na saor-bhearna sin a ghnóthú ó áititheoir na cora iascaireachta sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Má thagann aon damáistí iarmartacha as an Aire do dhéanamh saor-bhearna i gcora iascaireachta, beidh áititheoir na cora iascaireachta sin faoi dhliteanas i leith na ndamáistí sin.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon chora iascaireachta is ábhar d'ordú faoi fho-alt (2) d'alt 107.

Pionós mar gheall ar an rith uisce trí shaor-bhearna a laghdú toisc leaba abhann a athrú.

111. —Má dhéantar aon athrú ar leaba abhann ar chuma go laghdófar an rith uisce trí shaor-bhearna i gcora iascaireachta, beidh an duine a dhéanfaidh an t-athrú ciontach i gcion faoi alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise punt sa ló go dtí go gcuirfidh sé leaba na habhann ar ais ina riocht bunaidh.

Pionóis mar gheall ar iascaireacht a dhéanamh i saorbhearnaí i gcoraí iascaireachta nó ina gcóngar agus mar gheall ar bhacainn a chur i saor-bhearnaí.

112. —(1) Duine ar bith—

(a) a úsáidfidh aon inneall iascaireachta i saor-bhearna, nó

(b) a úsáidfidh aon inneall iascaireachta (nach slat agus ruaim) laistigh de chaoga slat lastuas nó laistíos d'aon chuid de chora iascaireachta, nó

(c) a chuirfidh aon bhacainn i saor-bhearna chora iascaireachta, nó

(d) a úsáidfidh aon deis nó a dhéanfaidh aon ghníomh a scanródh, a bhacfadh nó a choiscfeadh iasc in aon slí ó dhul isteach i saor-bhearna agus gabháil suas síos ann go saoráideach gach tráth den bhliain, nó

(e) a chuirfidh aon droichead, clár, éadach nó ní ar bith eile i saor-bhearna i gcora iascaireachta, nó thairsti nó trasna uirthi, ach amháin droichead nó clár sealadach le linn an trátha sin amháin a bheidh na daoine a bheidh ag iascaireacht na cora sin ag dul thar an saor-bhearna,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(i) i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná fiche punt a chur air, agus

(ii) i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná caoga punt a chur air.

(2) Más rud é—

(a) go gcúiseofar úinéir nó áititheoir cora iascaireachta faoi fho-alt (1) den alt seo sa chion sin bacainn a chur sa tsaor-bhearna sa chora iascaireachta sin, agus

(b) go gcruthófar gur cuireadh an bhacainn sin sa tsaorbhearna sin,

toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb eisean a chuir an bhacainn sin sa tsaor-bhearna sin.

(3) I gcás duine a chiontú sa chion sin bacainn a chur sa tsaorbhearna i gcora iascaireachta, féadfaidh an tAire a chur faoi deara an bhacainn sin a aistriú agus beidh aon chostas faoina rachaidh an tAire faoin bhfo-alt seo ina fhiach a bheidh dlite ón duine sin don Aire agus féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Rialacha maidir le boscaí i gcoraí iascaireachta bradán agus i ndambaí muilinn iascaireachta.

113. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “cora bradán” aon chora is—

(a) cora iascaireachta a úsáidtear chun bradáin a thógáil, nó

(b) damba muilinn iascaireachta a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Comhlíonfar na rialacha seo a leanas maidir le boscaí a dhéanamh agus a úsáid i gcóraí bradán—

(a) beidh foréadan urláir an bhosca ar aonchothrom le leaba aiceanta na habhann,

(b) beidh ionscálaí agus heic an bhosca inaistrithe agus inoscailte,

(c) is go hingearach a bheidh barraí heice an bhosca,

(d) beidh ionscálaí agus heic an bhosca déanta ar chuma nach mbeidh aon bharra ná aon chuid de bharra níos cóngaraí ná dhá orlach d'aon bharra eile nó d'aon chuid de bharra eile,

(e) ní chuirfear aon ní os cionn an bhosca ná ní chuirfear i bhfolach é in aon slí eile ó amharc an phobail.

(3) Más deimhin leis an Aire gur bric mhara formhór an éisc a ghabhtar i gcora bradán, féadfaidh sé, más cuí leis, a dhearbhú, le hordú, go mbeidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, maidir leis an gcora bradán sin, ionann is dá gcuirtí na focail “orlach agus ceathrú” in ionad “dhá orlach”.

(4) Má úsáideann nó má dhéanann duine ar bith aon bhosca i gcora bradán contrártha d'fho-alt (2) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(5) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo i leith aon bhosca i gcora bradán, féadfaidh an tAire a chur faoi deara codanna an bhosca sin a ndearnadh an cion ina leith a aistriú agus féadfaidh sé an costas faoina ndeachthas á n-aistriú a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Déanamh treoirbhallaí a ghabhann le coraí iascaireachta agus le dambaí muilinn iascaireachta.

114. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “treoir-bhalla” aon spor nó sál-bhalla, treoire, nó scothchlár.

(2) (a) Ní chuirfear le haon chora iascaireachta ná damba muilinn iascaireachta in abhainn aon treoir-bhalla (ach amháin ceann ó bhoscaí na cora iascaireachta nó an damba muilinn iascaireachta sin go bruach na habhann) is faide ná fiche troigh arna thomhas ó éadan aghaidh-le-sruth nó cúl-le-sruth na cora iascaireachta nó an damba mhuilinn iascaireachta sin ar feadh lárlíne an treoir-bhalla sin.

(b) Ní chuirfear le haon chora iascaireachta aon treoirbhalla a chúngódh nó a choiscfeadh teacht agus imeacht an uisce isteach is amach an saor-bhearna sa chora iascaireachta sin.

(c) Má bhíonn aon treoir-bhalla curtha le haon chora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta contrártha do mhír (a) den fho-alt seo nó aon treoirbhalla curtha le haon chora iascaireachta contrártha do mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) beidh áititheoir an chéanna ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fós fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a fhágfar an treoir-bhalla sin ann;

(ii) féadfaidh an tAire a chur faoi deara an treoirbhalla sin a athrú nó a aistriú agus, má dhéanann sé amhlaidh, féadfar an costas faoina rachaidh sé á dhéanamh sin a ghnóthú ón áititheoir sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má dhéanann áititheoir cora iascaireachta nó damba mhuilinn iascaireachta in abhainn aon oileán nó bacainn aiceanta san abhainn a úsáid ar chuma a thabharfaidh dó an buntáiste a bheadh aige as treoir-bhalla a chur leis an gcora iascaireacht nó leis an damba muilinn iascaireachta sin contrártha do mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a dhéanfaidh sé úsáid den oileán nó den bhacainn aiceanta sin.

(4) Má úsáidtear aon damba muilinn iascaireachta go páirteach chun uisce a choinneáil le haghaidh muilinn nó monarchan nó le haghaidh loingseoireachta, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a bhaineann leis an damba muilinn iascaireachta sin i slí a dhéanfadh dochar don soláthar uisce atá riachtanach don mhuileann, don mhonarcha nó don loingseoireacht sin.