An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Srian le Láithreacha Inneall Seasmhach.) Ar Aghaidh (Caibidil IV Rialacháin maidir le Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil III.

Rialacháin maidir le Déanamh Inneall Seasmhach agus lena nÚ sáid.

Rialacháin maidir le déanamh líonta cuaillí agus cochall iascaireachta agus lena n-úsáid.

106. —Duine ar bith—

(a) a dhéanfaidh, a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh líon cuaillí a fhéadfadh iasc róbheag nó gilidíní bradán nó aon éisc eile a thógáil, nó

(b) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon líon cuaillí gan mogaill na líonta sin a bheith sínte amach an méid a osclóidh siad, nó

(c) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh líon cuaillí atá déanta ar chuma nach féidir glan-oscailt ceithre throigh ar leithead ar an gcuid is lú de a dhéanamh i bpócaí, gaistí agus cuasa an lín chuaillí sin óna uachtar go dtí a íochtar, nó

(d) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon chochall iascaireachta gan mogaill na líonta in aon treoire ann a bheith sínte amach an méid a osclóidh siad, nó

(e) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon chochall iascaireachta atá déanta ar chuma nach féidir a threoirí a ardú agus a choinneáil as an uisce,

beidh an duine ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.