An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Bacainní eile ar Ghluaiseacht Éisc.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Rialacháin maidir le Déanamh Inneall Seasmhach agus lena nÚ sáid.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil II.

Srian le Láithreacha Inneall Seasmhach.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha, etc., a shuíomh nó a úsáid i gcaol inbhir.

102. —(1) Más rud é in aon chuid d'inbhear aon abhann, nó den chuid taoidmhear d'aon abhainn, ina bhfuil leithead an chainéil le linn diathrá gnáth-rabhartaí níos lú ná trí cheathrú míle, go ndéanfaidh aon duine seachas dílseánach iascaigh eisiataigh in iomlán an inbhir agus na habhann sin iascaireacht le haon inneall seasmhach nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, ansin—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear nach mó ná tríocha punt a chur air.

(b) ordóidh an Chúirt cuaillí an innill sin a leagan nó a dhíothú ar chostas an duine sin.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(a) i gcás aon líonta cuaillí, agus gléasanna eile chun líonta a shuíomh a bhí bunaithe le fiche bliain nó níos mó roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, ná

(b) i gcás aon líonta cuaillí, ceann-choraí agus gléasanna eile chun líonta a shuíomh nó a chur suas, a bhí bunaithe le deich mbliana nó níos mó roimh an 10ú lá de Lúnasa, 1842, laistigh de theorainneacha iascaig eisiataigh ag aon duine a raibh teideal dleathach aige chun an iascaigh eisiataigh sin trí chairt, deontas, paitinn, rúradh, nó Acht, a shonraigh na teorainneacha sin go cruinn, ná

(c) i gcás aon cheann-chora, nach ndéantar a iascaireacht le líon seasmhach.

Toirmeasc ar innill sheasmhacha, etc., a shuíomh nó a úsáid i mbéal abhann is lú ná leath-mhíle ar leithead.

103. —(1) Más rud é laistigh de mhíle chun farraige, chun cósta nó isteach ó bhéal aon abhann nó ar cheachtar taobh de bhéal aon abhann (arb abhainn í a ngnáthaíonn bradáin an chuid intíre di agus ar lú na leath-mhíle ar leithead a béal le linn diathrá gnáth-rabhartaí) go ndéanfaidh aon duine, seachas dílseánach iascaigh eisiataigh laistigh de theorainneacha na habhann sin, iascaireacht le haon inneall seasmhach, nó aon inneall seasmhach a shuíomh nó a chur suas nó a úsáid, ansin—

(a) beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná tríocha punt a chur air, agus

(b) ordóidh an Chúirt cuaillí an innill sin a leagan nó a dhíothú ar chostas an duine sin.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Má shonraíonn ordú faoin Acht seo béal aon chraobhabhann, déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do bhéal aon abhann a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhéal na craobh-abhann sin.

Toirmeasc ar chochaill iascaireachta in áiteanna áirithe.

104. —(1) Ní shuífear ná ní choinneofar aon chochalliascaireachta in aon abhainn ná inbhear nó laistigh de thrí mhíle ó bhéal aon abhann.

(2) Má dhéantar aon chochall iascaireachta a shuíomh nó a choinneáil contrártha don alt seo—

(a) measfar gur núis choiteann é agus féadfar seilbh a ghlacadh air nó é a dhíothú,

(b) beidh úinéir an chochaill iascaireachta sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná cúig phunt agus nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a shuífear nó a choinneofar an cochall iascaireachta sin amhlaidh.

(3) Má chiontaítear duine i gcion faoin alt seo, beidh an cochall iascaireachta ar ina leith a rinneadh an cion agus aon bhradán a tógadh leis ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le cochall iascaireachta a bhí ann go dleathach an 28ú lá d'Iúil, 1863, a shuíomh nó a choinneáil, laistigh de thrí mhíle ó bhéal abhann, má bhíonn ag úinéir an chochaill iascaireachta sin ceart eisiatach chun bradáin a ghabháil san abhainn sin ar fad agus gach craobhabhainn agus gach loch ar chúrsa na habhann sin a áireamh.

Gan líon cuaillí a shíneadh níos faide nó ó bharr láin go diathrá.

105. —(1) Duine ar bith—

(a) a shuífidh nó a chuirfidh suas aon líon cuaillí nó aon treoire, líon ar bacáin nó déanmhas eile de chineál nó tuairisc ar bith i ndáil le líon cuaillí nó ina chóngar i gcaoi go sínfidh sé níos faide ná ó mharc barr láin go marc diathrá gnáth-rabhartaí, nó

(b) a choimeádfaidh i dtreo nó a úsáidfidh aon líon cuaillí, nó aon treoire, líon ar bacáin nó déanmhas eile den sórt sin a shuífear nó a chuirfear suas amhlaidh,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon cheann-chora nach ndéantar a iascaireacht le líon seasmhach.