An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Ceadúnais a Fhorghéilleadh.) Ar Aghaidh (CUID VIII Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Bacainní eile ar Ghluaiseacht Éisc.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID VII.

Rialacháin i dTaobh Líonta.

Srianta le líonta a úsáid.

91. —(1) Aon duine—

(a) a úsáidfidh aon líon, nó a dhéanfaidh iascaireacht le haon líon, a mbeidh tóin bhréige ann (seachas líonta chun eascanna a thógáil), nó

(b) a chuirfidh dhá líon nó níos mó ar chúl a chéile, nó

(c) a úsáidfidh aon líonta faoi chlúdach can bháis, seithe, nó ábhair eile chun éisc róbheaga a thógáil, nó

(d) a fheisteoidh, nó a choimeádfaidh, líonta as a chéile ar síneadh trasna aon abhann,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Mogaill líonta, d'ábhar solúbtha, chun bradáin a thógáil san fharraige nó i sruthanna taoide.

92. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “líon lena mbaineann an t-alt seo” aon líon nó inneall eile nach bhfuil déanta as ábhair dolúbtha agus a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó sruth taoide ar an gcósta, go n-úsáidfidh aon duine (seachas dílseánach iomláin iascaigh na habhann a ritheann amach sa bhá, san inbhear nó sa sruth taoide sin óna béal go dtí a foinse, agus a craobh-shrutháin a áireamh) aon líon lena mbaineann an t-alt seo a bhfuil na mogaill atá ann níos lú ná orlach agus trí cheathrú ó shnaidhm go snaidhm, arna dtomhas ar feadh taobh na cearnóige, nó seacht n-orlach, arna dtomhas mórthimpeall gach mogaill acu sin, agus an tomhas sin a dhéanamh ar an taobh istigh agus an líon fliuch, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Féadfaidh an tAire, le fo-dhlí, athrú a dhéanamh, maidir le haon cheantar nó áit ar leith, ar an méid, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, atá le bheith i mogall aon lín lena mbaineann an t-alt seo agus a cheadú go n-úsáidfí, sa cheantar nó san ait sin, líonta lena mbaineann an t-alt seo a mbeidh a mogaill níos lú ná mar a shonraítear san fho-alt sin (2).

(5) Má dhéanann fo-dhlí faoi fho-alt (4) den alt seo athrú, maidir le haon cheantar nó áit, ar an méid, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, atá le bheith i mogall aon lín lena mbaineann an t-alt seo agus go gceadóidh sé úsáid a bhaint, sa cheantar nó san áit sin, as líonta lena mbaineann an t-alt seo agus a mbeidh a mogaill níos lú ná sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo, ina fheidhm maidir leis an gceantar nó an áit sin, ionann is dá mba rud é, in ionad na tagartha do mhogall den mhéid a shonraítear san fho-alt sin (2), gur cuireadh tagairt do mhogall den mhéid a cheadófar a údáid leis an bhfo-dhlí sin.

Mogaill nó oscailtí inneall d'ábhar dolúbtha chun bradáin a thógáil san fharraige agus i sruthanna taoide.

93. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “inneall lena mbaineann an t-alt seo” aon inneall atá déanta d'ábhar dolúbtha agus a úsáidtear chun bradáin a thógáil.

(2) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó sruth taoide ar an gcósta, go n-úsáidfidh aon duine (seachas dílseánach iomláin iascaigh na habhann a ritheann amach sa bhá, san inbhear nó sa sruth taoide sin óna béal go dtí a foinse, agus a craobh-shrutháin a áireamh) aon inneall lena mbaineann an t-alt seo a bhfuil na mogaill nó na hoscailtí ann níos lú ná trí orlach ar gach taobh den chearnóg, agus, i gcás nach n-úsáidtear aon mhogaill ná aon oscailtí mogallacha, níos cúinge idir na barraí ná dhá orlach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Gan líonta bradán a úsáid ag béal abhann ná i bhfogas leath-mhíle chun farraige ná isteach ó bhéal abhann.

94. —(1) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin úinéir iascaigh eisiataigh laistigh de theorainneacha an iascaigh sin) líon a theilgean, a tharraingt ná a úsáid chun bradáin a thógáil i mbéal aon abhann ná i bhfogas leathmhíle chun farraighe ná leathmhíle isteach ná ar feadh an chósta ó bhéal aon abhann.

(2) Ní dleathach d'aon duine (ach amháin úinéir iascaigh eisiataigh san abhainn ar fad agus ina craobh-aibhneacha laistigh de theorainneacha an iascaigh eisiataigh sin) líon a theilgean, a tharraingt ná a shíneadh go híomlán trasna béal abhann ná trasna aon chuid eile d'abhainn.

(3) Má sháraíonn aon duine aon fho-alt acu sin roimhe seo den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná punt agus nach mó ná deich bpunt a chur air agus fíneáil bhreise chúig scilling i leith gach éisc a thógfar le haon líon a úsáideadh ag déanamh an chiona.

(4) Má chiontaítear duine i gcion faoin alt seo beidh gach líon ar ina leith a rinneadh an cion, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Má shonraíonn ordú faoin Acht seo béal aon chraobhabhann, déanfar tagairtí sna hailt sin roimhe seo den alt seo do bhéal aon abhann a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do bhéal na craobh-abhann sin.

Srian le líonta a úsáid i bhfíoruisce.

95. —(1) Ní dleathach d'aon duine aon líon a úsáid chun iasc a ghabháil sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aon loch fíoruisce, mura rud é—

(a) go n-úsáidtear an líon sin faoi réim agus de réir fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, nó

(b) gur bradóg an líon sin agus nach n-úsáidtear é ach mar chabhair chun iascaireacht a dhéanamh go dleathach le slat agus ruaim, nó

(c) nach n-úsáidtear an líon sin ach amháin chun iasc a bhaint as gaistí i gcora, nó

(d) gur chun eascanna a ghabháil atá an líon sin déanta.

(2) Má úsáideann aon duine aon líon contrártha don alt seo beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

(3) Féadfaidh an tAire, le fodhlí, a údarú go n-úsáidfí, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, in aon limistéar sonraithe sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aon loch fíoruisce, aon chineál nó cineálacha lín a fhéadfaí a úsáid go dleathach chun iasc, seachas bradáin, bric nó eascanna, a ghabháil faoin Acht seo.

(4) (a) Más rud é—

(i) go ndéanfar iarratas chun an Aire ar chead chun líonta tarraingthe a úsáid chun bric a ghabháil i loch fíoruisce sonraithe a bhfuil a achar os cionn tríocha míle cearnach, agus

(ii) go dtabharfaidh an t-iarratasóir don Aire toiliú i scríbhinn ó úinéir gach iascaigh eisiataigh sa loch, agus

(iii) go gcruthóidh an t-iarratasóir don Aire go raibh, taobh istigh d'fhiche bliain roimh an lú lá d'Eanáir, 1948, líonta á n-úsáid de cheart sa loch chun bric a ghabháil ag daoine den phobal a bhí ag brath ar an líontóireacht sin mar shlí mhaireachtála,

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, fodhlíthe a dhéanamh á cheadú líonta tarraingthe a úsáid chun bric a ghabháil amhlaidh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.

(b) I gcás fodhlíthe faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le huiscí atá dílsithe i mBord Soláthair an Leictreachais, ní fhorléireofar aon ní in aon achtachán mar ní a thoirmisceann ar an mBord cead a thabhairt chun líonta tarraingthe a úsáid sna huiscí sin de réir na bhfodhlíthe.

(c) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh a inmhianaithe a bheadh sé fodhlí áirithe a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, agus chuige sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(d) Cuirfidh an tAire faoi deara go dtabharfar, de réir alt 322, fógra faoi fhiosrúchán a bheith le déanamh faoin bhfo-alt seo.

Srian le líonta a shealbhú, etc.

96. —(1) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh n aon uiscí nó ar bhruach, nó in aice le bruach, aon uiscí—

(a) aon líon a bhfuil sé toirmiscthe le haon fhoráil (seachas alt 95) den Acht seo nó le haon fhodhlí faoin gcéanna é a úsáid sna huiscí sin chun iasc a thógáil, nó

(b) aon uirlis (seachas líon) nó mealladh nó baoite a bhfuil sé toirmiscthe, le haon fhoráil den Acht seo, nó le haon fhodhlí faoin gcéanna, é a úsáid chun iasc a thógáil sna huiscí sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(2) Má bhíonn ag aon duine ina sheilbh nó faoina urláimh, i loch fíoruisce nó sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó ina aice sin, aon líon a bheidh déanta nó gléasta i gcaoi gur féidir é a úsáid chun iasc a ghabháil, le hintinn é a úsáid contrártha d'alt 95, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(3) Duine ar bith a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, dlífear ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh an líon, nó an uirlis eile, nó an mealladh nó an baoite eile a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(5) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le líon a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh, agus

(b) go gcruthófar go bhfuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh i loch fíoruisce nó sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó in aice sin,

toimhdeofar go raibh an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh le hintinn é a úsáid sa loch fíoruisce sin nó sa chuid fíoruisce den abhainn sin contrártha d'alt 95, mura sásóidh sé, agus go dtí go sásóidh sé, an Chúirt gurb amhlaidh a bhí, an tráth a líomhantar a rinneadh an cion,—

(i) go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin a úsáid ar mhodh a thagann faoi réim eisceachta a luaitear, maidir le líon dá shamhail, i bhfo-alt (1) d'alt 95 nó más líon tarraingthe é, ar mhodh a cheadaítear le fodhlíthe arna ndéanamh faoi fho-alt (4) d'alt 95, nó

(ii) má fuarthas an líon sin ina sheilbh nó faoina urláimh in aice leis an teorainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce den abhainn sin, gur shealbhóir é ar cheadúnas chun an líon sin a úsáid sa cheantar iascaigh ina bhfuil an abhainn sin agus go raibh ar intinn aige, agus go raibh sé i dteideal, an líon sin a úsáid sa chuid taoidmhear den abhainn sin.