An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL IV. Srianta le Ceadúnais Iascaireachta a Eisiúint.) Ar Aghaidh (CUID VII. Rialacháin i dTaobh Líonta.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil V.

Ceadúnais a Fhorghéilleadh.

Ceadúnais a fhorghéilleadh.

90. —(1) I gcás—

(a) duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus

(b) an duine sin a bheith ina shealbhóir ar cheadúnas nó ceadúnais chun bradáin nó bric a iascaireacht,

féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a ordú an ceadúnas nó na ceadúnais sin a fhorghéilleadh.

(2) I gcás ina n-ordófar ceadúnas a fhorghéilleadh faoin alt seo, scoirfidh an ceadúnas sin air sin de bheith i bhfeidhm.