10 1959


Uimhir 10 de 1959.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1959

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH ATHGHAIRM PHÁIRTEACH AR FHO-ALT (4) D'ALT 52 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946 , AGUS DO LEASÚ AN ORDAITHE UM DHROICHEAD ÁTHA LUAIN, 1956. [16 Meitheamh, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Athghairm pháirteach ar fho-alt (4) d'alt 52 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

1946, Uimh. 24 .

1955, Uimh. 9 .

1. —Athghairtear leis seo na focail “Ach amháin sa chás ina mbaineann an t-ordú droichid le hAbha na Sionainne” atá i bhfo-alt (4) d'alt 52 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (fo-alt a cuireadh isteach san alt sin le fo-alt (1) d'alt 40 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ).

An tOrdú um Dhroichead Atha Luain, 1956, a leasú.

2. —Beidh éifeacht ag an Ordú um Dhroichead Atha Luain, 1956, amhail agus dá scriosfaí Airteagail 2 agus 3 den Ordú sin agus go gcuirfí an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagail 2 :

“2. Déanfar athfhoirgniú ar an droichead trí réise chobhsaidh nua a chur in ionad na réise sclóna atá ann.”

Ghearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1958, agus den Acht seo le chéile.