33 1958


Uimhir 33 de 1958.


AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1958.

[An tíontó oifigiúil.]

ACHT A LEATHNÚ NA TRÉIMHSE A MHAIRFIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956, I bhFEIDHM. [17 Nollaig, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, a bhuanú.

1956, Uimh. 1 .

1. —(1) Mairfidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1962, agus éagfaidh sé ansin.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 7 den Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1958, a ghairm den Acht seo.