|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1958. | ||
[EN] |
AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1958. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT CHUN AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , A CHOIMEÁD I nGNÍOMH. [25 Samhain, 1958.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 , a choimeád i ngníomh. |
1. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 : |
[EN] | “(2) Fanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1962, agus éagfaidh sé ansin.” | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1958 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 agus 1958, a ghairm den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , agus den Acht seo le chéile. |