29 1958


Uimhir 29 de 1958.


AN tACHT AERFOIRT NEAMHCHUSTAM (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA AERFOIRT NEAMHCHUSTAM, 1947.

[25 Samhain, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1947, Uimh. 5 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Aerfoirt Neamhchustam, 1947.

Ceadúnas a dheonadh chun trádáil, gnó nó monaraíocht a sheoladh laistigh den aerfort.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ceadúnas a dheonadh, nó diúltú ceadúnas a dheonadh, do dhuine ar bith á údarú aon trádáil, gnó nó monaraíocht a bhfuil feidhm ina leith ag an srian a fhorchuirtear le halt 7 den Acht seo a sheoladh laistigh den aerfort.

(2) Ag feidhmiú a rogha dó, tabharfaidh an tAire aird, go sonrach, ar—

(a) a mhéid a sheoltar sa Stát lasmuigh den aerfort an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht ar ina leith a iarrtar an ceadúnas, agus

(b) ar a mhéid a úsáidfear aeriompar ag seoladh nó i ndáil le seoladh na trádála, an ghnó nó na monaraíochta.

Ceadúnas a iarraidh.

3. —(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas a iarraidh ar an Aire.

(2) Maidir le gach iarratas—

(a) is i scríbhinn a dhéanfar é,

(b) cuirfear é go dtí an Rúnaí, an Roinn Tionscail agus Tráchtála, Baile Atha Cliath,

(c) sonrófar ann an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht a dteastoídh ón iarratasóir go mbainfeadh an ceadúnas leis,

(d) beidh ina theannta cibé eolas a iarrfaidh an tAire.

Coinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas.

4. —(1) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas, lena n-áirítear coinníollacha maidir le ceachtar ní nó leis an dá ní acu seo a leanas—

(a) an dáta, arna shocrú ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceadúnaí, ar air nó roimhe a thosóidh an ceadúnaí ar an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht, a údaraítear leis an gceadúnas, a sheoladh laistigh den aerfort,

(b) má thosaíonn an ceadúnaí tráth ar bith, tar éis an ceadúnas a bheith deonta, ar aon trádáil, gnó nó monaraíocht nach mbeidh údaraithe leis an gceadúnas a sheoladh laistigh den aerfort, scor den chéanna ar an Aire á iarraidh sin.

(2) Mura ndéana ceadúnaí de réir coinníll a bheidh ag gabháil lena cheadúnas, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Ceadúnas a chúlghairm nó a athrú.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas a chúlghairm más rud é—

(a) gur deimhin leis gur sáraíodh coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas, nó

(b) go gciontófar an ceadúnaí i gcion i gcoinne na nAchtanna Custam maidir le hearraí a tugadh isteach san aerfort le haghaidh na trádála, an ghnó nó na monaraíochta a údaraítear leis an gceadúnas.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an cheadúnaí, na coinníollacha a bheidh ag gabháil le ceadúnas a athrú tráth ar bith.

(3) Sula gcúlghairme sé ceadúnas, tabharfaidh an tAire fógra seacht lá ar a laghad don cheadúnaí go bhfuil sin ar intinn aige agus breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfidh an ceadúnaí faoina bhráid i rith na tréimhse sin.

Clár ceadúnas.

6. —(1) Déanfaidh an tAire clár de cheadúnais (dá ngairtear an clár san alt seo) a dheonfar faoi alt 2 den Acht seo a bhunú agus a chothabháil.

(2) Taidfeadfar sa chlár i leith gach ceadúnais—

(a) ainm an duine dar deonadh an ceadúnas, agus

(b) an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht lena mbaineann an ceadúnas.

(3) Coimeádfar an clár sa Roinn Tionscail agus Tráchtála, Baile Atha Cliath, agus beidh sé ar oscailt lena iniúchadh, ar scilling de tháille a íoc i leith gach iniúchta, i gcaitheamh cibé tréimhsí a ordóidh an tAire.

(4) Má dhéanann sealbhóir ceadúnais an ceadúnas a aistriú, déanfaidh an duine ar chuige a aistríodh é an t-aistriú a chur in iúl don Aire agus taifeadfar ainm an duine sin sa chlár.

Srian le trádáil, gnó nó monaraíocht a sheoladh laistigh den aerfort.

7. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh duine ar bith trádáil, gnó ná monaraíocht a sheoladh laistigh den aerfort muran sealbhóir é ar cheadúnas á údarú an trádáil, an gnó nó an mhonaraíocht sin, de réir mar bheidh, a sheoladh laistigh den aerfort.

(2) An srianú a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo ar sheoladh aon trádála, gnó nó monaraíochta laistigh den aerfort ní bheidh feidhm aige maidir le—

(a) trádáil, gnó nó monaraíocht a bheidh á sheoladh laistigh den aerfort i dtosach feidhme an Achta seo, ná

(b) le seirbhís aeriompair nó aon ghníomhacht oibritheora aeriompair a ghabhann de riachtanas nó de ghnáth le hoibriú seirbhíse aeriompair,

nach é a bheidh ann aon earraí de shórt ar ar inmhuirir dleacht chustam nó mháil a sholáthar le díol, nó le húsáid, ar aerárthaí.

(3) Duine ar bith a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisi a Rialú, 1932 agus 1934, ná ag an Acht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 .

1958, Uimh. 16 .

8. —Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisí a Rialú, 1932 agus 1934, ná ag an Acht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 , maidir le trádáil, gnó nó monaraíocht a bheidh á sheoladh laistigh den aerfort de bhun ceadúnais.

Earraí a thabhairt isteach san aerfort le díol ar mionreic saor ó dhleacht.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh sé le toiliú an Aire Airgeadais, a cheadú go dtabharfar earraí—

(a) díreach isteach san aerfort ó áit nó áiteanna lasmuigh den Stát, nó

(b) isteach san aerfort ó chuid eile den Stát gan aon dleacht chustam ná mháil is inmhuirir orthu a íoc,

chun iad a dhíol ar mionreic laistigh den aerfort lena loingsiú mar stóras aerárthach nó le daoine ag fágáil an Stáit nó lasmuigh de.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 6, arna leasú leis an Acht seo, den Phríomh-Acht—

(a) maidir le hearraí a thabhairt isteach san aerfort de réir ceada faoin alt seo, ná

(b) maidir le hearraí a tugadh isteach amhlaidh a dhíol ar mionreic laistigh den aerfort lena loingsiú mar stóras aerárthach nó le daoine ag fágáil an Stáit nó lasmuigh de.

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

10. —Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht—

(a) tríd na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (2):

“(2A) Ní dhéanfar—

(a) earraí a thabharfar isteach go díreach san aerfort ó áit nó áiteanna lasmuigh den Stát, ná

(b) earraí a thabharfar isteach san aerfort ó chuid eile den Stát agus ar ar inmhuirir dleacht chustam nó mháil agus nár íocadh an dleacht ina leith,

a úsáid chun úsáide nó chaithimh phearsanta laistigh den aerfort ná chun a ndíolta ar mionreic ann.

(2B) Duine ar bith a ghlacfaidh earraí nó a dhiúscróidh earraí nó a mbeidh earraí ina sheilbh aige, nó a chabhróidh le haon duine a mbeidh baint aige le hearraí a ghlacadh nó a dhiúscairt, agus a fhios aige gur earraí iad a ndearnadh sárú, nó a mbeartaítear sárú a dhéanamh, ar aon cheann de na fo-ailt roimhe seo den alt seo ina leith, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne na nAchtanna Custam agus forghéillfidh sé, in aghaidh gach ciona den sórt sin, trí oiread luacha na n-earraí, agus an dleacht is iníoctha orthu a áireamh, nó céad punt, de réir mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar é a choinneáil nó an dlí a shaothrú air trí thoghairm.”, agus

(b) trí “contrártha don alt seo” a scríos as fo-alt (3) agus “contrártha d'fho-alt (1) nó d'fho-alt (2) den alt seo nó a sháróidh fo-alt (2A) den alt seo nó a mbeidh baint aige, nó a chabhróidh le duine ar bith a mbeidh baint aige, lena shárú” a chur ina ionad.

Alt 13 den Phríomh-Acht a leasú.

11. —(1) An chumhacht chun rialacháin a dhéanamh a thugtar don Aire le halt 13 den Phríomh-Acht ní bheidh feidhm aici i gcás rialacháin a dhéanamh á cheadú trádála, gnóthaí nó monaraíochtaí a sheoladh laistigh den aerfort.

(2) Athghairmtear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) den alt sin 13.

Táillí a bhailiú agus a dhiúscairt.

1879, c. 58.

12. —(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a ghlacadh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste iad, nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad, de réir mar ordóidh an tAire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.

Inchúiseamh i leith cionta.

13. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoi aon alt den Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

14. —(1) Féadfar an tAcht Aerfoirt Neamhchustam (Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerfoirt Neamhchustam, 1947 agus 1958, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar an tAcht seo, ach amháin sa mhéid go mbaineann sé leis na Custaim, agus an Príomh-Acht a fhorléiriú mar aon ní amháin agus déanfar an tAcht seo, sa mhéid go mbaineann sé leis na Custaim, agus na hAchtanna Custam a fhorléiriú mar aon ní amháin.