An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) Ar Aghaidh (CUID III. Dleachtanna Báis.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID II.

Custaim agus Mál.

Deireadh le dleacht chustam ar scannáin chinematografacha.

13. —Ní dhéanfar an dleacht chustam ar scannáin chinematografacha a forchuireadh le halt 17 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), a mhuirearú ná a thobhach ar aon earra a allmhuireofar an 24ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis.

Ile híodrocarbóin— leasú ar alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957 .

14. —Déantar leis seo fo-alt (8) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1957 ( Uimh. 20 de 1957 ), a leasú—

(a) trí “duine a mbíonn seirbhís bhóthair do phaisnéirí de réir bhrí ailt 2 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) , ar siúl aige, agus arb é an ceadúnaí é faoi cheadúnas paisnéirí a deonadh faoi alt 11 den Acht sin i leith na seirbhíse bóthair do phaisnéirí nó atá eiscthe ó fheidhm ailt 7 den Acht sin” a chur in ionad “an ceadúnaí faoi cheadúnas paisnéirí a deonadh faoi alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 )”,

(b) trí “sa tseirbhís bhóthair do phaisnéirí” a chur in ionad “i seirbhís bhóthair do phaisnéirí ar ina leith a deonadh an ceadúnas”, agus

(c) trí “leis” a chur in ionad “leis an gceadúnaí”.

Dleacht ghluaisteán— leasú ar alt 12 (2) den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938.

15. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , a leasú trí mhír (f) a scriosadh.

Dleacht siamsa— leasú ar alt 10 (4) (c) den Acht Airgeadais, 1948 .

16. —Déantar leis seo mír (c) d'fho-alt (4) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), a leasú maidir le siamsaí a chomórfar an lú lá de Lúnasa, 1958, nó dá éis, trí “caoga faoin gcéad” a chur in ionad “tríocha faoin gcéad”.

Dleacht siamsa— srian le halt 6 den Acht Airgeadais, 1953 .

17. —(1) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aisíoc faoi fho-alt (1) d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1953 ( Uimh. 21 de 1953 ), le dílseánach siamsa a comóradh an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, má mhair an siamsa níos sia ná dhá uair go leith a chloig.

(2) I gcás inarb é a bheidh i siamsa dhá thaibhiú nó níos mó den chlár chéanna ó thús go deireadh, measfar, chun críocha an ailt seo ach ní chun aon chríche eile, gur siamsa ar leith gach taibhiú den tsórt sin.

An dleacht mháil bhreise ar cheadúnas déileálaí tobac a fhorceannadh.

18. —Ní dhéanfar an dleacht mháil bhreise ar cheadúnas déileálaí tobac a fhorchuirtear le halt 26 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), a mhuirearú ná a thobhach ar aon cheadúnas a dtosóidh a thréimhse bhailíochta an lú lá d'Iúil, 1958, nó dá éis.

Díolúintí breise i leith ceadúnas mangairí.

19. —I dteannta na ndaoine a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 12 den Acht Airgid, 1930 ( Uimh. 20 de 1930 ), agus in alt 24 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), ni gá d'aon duine a dhíolann íle híodracarbóin nó gréis bhealála agus nach ndíolann aon earraí eile ceadúnas a fháil faoin Hawkers Act, 1888.

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú.

20. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 (Uimh. 24 de 1952) .

(2) Cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach díreach i ndiaidh fo-ailt (11) d'alt 1 den Acht:—

“(11A) I cibé cásanna agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin—

(a) féadfar ceadúnas faoin alt seo nó ceadúnas ginearálta faoi alt 9 den Roads Act, 1920, a ghéilleadh sula n-éaga sé, agus

(b) féadfar aisíoc i leith na dleachta a íocadh ar cheadúnas a géilleadh faoin bhfo-alt seo a dhéanamh de réir cibé ráta a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin.”

(3) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht:—

“(b)  (i) go n-úsáidtear an fheithicil i riocht nó ar shlí nó chun críche a thabharfadh, dá n-úsáidtí í sa riocht nó ar an slí nó chun na críche sin amháin, go mbeadh an fheithicil inchurtha faoi dhleacht de réir ráta níos airde ná an ráta ar dá réir a íocadh dleacht, nó

(ii) i gcás feithicle lena mbaineann fo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo de bhua oibriú míre 3 de Chuid II den Sceideal—

(I) go n-úsáidtear í i riocht nó ar shlí nó chun críche, nó

(II) go n-úsáidtear í agus slí bheatha ag an duine a thóg amach an ceadúnas,

a thabharfadh, dá gcruthaítí an tráth a tógadh amach an ceadúnas í a bheith á húsáid sa riocht nó ar an slí sin nó chun na críche sin nó go raibh an tslí bheatha sin ag an duine sin, go mbeadh sí inchurtha faoi dhleacht de réir ráta níos airde ná an ráta ar dá réir a íocadh dleacht, agus”.

(4) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre 3 de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht:—

“3. (1) Más rud é, mura mbeadh an mhír seo, go mbainfeadh fo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal seo le feithicil, ní bhainfidh an fho-mhír sin léi (agus bainfidh fo-mhír (d) den mhír sin léi dá réir sin) mura dtabharfaidh an té a bheidh ag tógaint an cheadúnais amach cruthúnas chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin—

(a) gurb í an fheirmeoireacht an t-aon-slí bheatha nó an phríomh-shlí bheatha atá aige agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach ó am go ham agus amháin—

(i) chun toradh a fheirme agus earraí a tharraingt is gá le haghaidh na feirme, lena n-áirítear an teach feirme agus na foirgintí feirme, ach gan tarraingt bhreosla a áireamh más mar earra le díol a iompraítear é, nó

(ii) chun earraí den chineál chéanna a tharraingt d'fheirmeoir eile, ar choinníoll nach ar luaíocht a tharraingtear na hearraí sin, nó,

(iii) chun aon earraí acu seo a leanas a tharraingt d'fheirmeoir eile ar luaíocht—

(I) bainne a bheifear a tharraingt go dtí uachtarlann nó go dtí stáisiún deighilte uachtair, nó

(II) bainne deighilte a bheifear a tharraingt ó uachtarlann nó ó stáisiún deighilte uachtair, nó

(III) coimeádáin bhainne a bheifear a tharraingt go dtí nó ó uachtarlann nó stáisiún deighilte ime, nó

(iv) chun beodhíle a tharraingt ar luaíocht, is beodhíle—

(I) le duine a chónaíonn dhá mhíle ar a mhéid ó áit chónaithe an tarraingteora, agus

(II) a bheifear a tharraingt go dtí feirm nó ó fheirm ó mhancán ceantála beodhíle nó ionad, nó go dtí mancán ceantála beodhíle nó ionad, ina mbeidh margadh nó aonach ar siúl a bheidh sonraithe le hordú ón Aire Tionscail agus Tráchtála faoin Acht Iompair, 1958 , nó

(III) a tharraingeofar lá na ceantála, an mhargaidh nó an aonaigh sin, agus an lá sin amháin, agus

(IV) nach dtarraingeofar i gceachtar treo ar aon chuid de bhóthar poiblí atá níos mó ná fiche míle de bhóthar poiblí ó áit chónaithe an tarraingteora, nó

(b) gur conraitheoir é a fostaíodh chun obair thalmhaíochta a dhéanamh ar fheirm agus nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach chun earraí a tharraingt a theastaíonn uaidh chun an obair sin a dhéanamh.

(2) Má bhíonn feirm á seoladh mar chuid de cheann acu seo a leanas nó i ndáil leis—

(a) ospidéal, sanatóir, teach eadarshláinte nó foras eile dá shamhail sin,

(b) foras meabhair-ghalar de réir bhrí an Achta Chóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ),

(c) mainistir, clochar nó foras dá shamhail sin,

(d) coláiste, scoil nó foras dá shamhail sin,

measfar, chun críocha na míre seo, gur duine arb í an fheirmeoireacht a phríomh-shlí bheatha an duine a sheolann an fheirm.”

(5) Más roimh an lú lá d'Iúil, 1958, nó más é an lá sin, a rithfear an tAcht seo, tiocfaidh fo-alt (4) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig sé i ngníomh.

(6) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha fo-alt (4) agus (5) den alt seo agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.

Orduithe a dhaingniú.

21. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleacht (Uimh. 5) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe agus Dleacht Custam Ilghnéitheacha) (Leasú), 1957 (I.R. Uimh. 163 de 1957), an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 11) (Slinnte Dín), 1957 (I.R. Uimh. 275 de 1957), agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 28) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe agus Dleachtanna Custam Ilghnéitheacha), 1958 (I.R. Uimh. 92 de 1958).