An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM AN gCORPARÁID AIRGEADAIS IDIRNÁISIÚNTA, 1958) Ar Aghaidh (Sceideal A. Suibscríobh chun Stoic Chaipitil na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta.)

22 1958

AN tACHT UM AN gCORPARÁID AIRGEADAIS IDIRNÁISIÚNTA, 1958

AN SCEIDEAL.

AIRTEAGAIL CHOMHAONTAITHE NA CORPARAIDE AIRGEADAIS IDIRNAISIUNTA.

Alt 1

Na Rialtais a bhfuil an Comhaontú seo sínithe thar a gceann comhaontaíonn siad mar leanas:

Airteagal Réamhráiteach.

Tá an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta (dá ngairtear “an Chorparáid” anseo feasta) arna bunú agus oibreoidh sí de réir na bhforálacha seo a leanas:

Airteagal I. Cuspóir.

Is é cuspóir na Corparáide forbairt gheilleagrach a chur ar aghaidh trí fhás fiontraíochta príobháidí a ghríosadh i gcomhaltathíortha, go háirithe sna ceantair is lú forbairt, agus forlíonadh a dhéanamh sa tslí sin ar ghníomhachtaí an Bhainc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte (dá ngairtear an Banc anseo feasta). Ag cur an Chuspóra sin i gcrích di:

(i) tabharfaidh an Chorparáid, i gcomhar le hinfheisteoirí príobháideacha, cabhair airgid ag bunú, ag feabhsú agus ag méadú gnóthas príobháideacha táirge a chabhródh le forbairt a comhalta-thíortha trí infheistíochtaí a dhéanamh, gan ráthaíocht aisíoca ón gcomhalta-rialtas lena mbainfidh, i gcásanna nach bhfuil dóthain caipitil phríobháidigh ar fáil ar théarmaí réasúnacha;

(ii) féachfaidh an Chorparáid le deiseannaí infheistíochta, caipiteal príobháideach, dúchais agus coigríche, agus bainistíocht eolach a thabhairt i gcionn a chéile;

(iii) féachfaidh an Chorparáid le neartú ar an ngluaiseacht, agus féachfaidh sí le staid a chruthú a chabhródh le gluaiseacht, chaipitil phríobháidigh, dúchais agus coigríche, isteach in infheistíocht táirge i gcomhalta-thíortha.

Is faoi réim forálacha an Airteagail seo a dhéanfaidh an Chorparáid gach cinneadh.

Airteagal II. Comhaltas agus Caipiteal.

Alt 1.

Comhaltas.

(a) Is iad comhaltaí bunaidh na Corparáide na comhaltaí sin den Bhanc atá ar liosta i Sceideal A a ghabhann leis seo agus a ghlacfaidh comhaltas sa Chorparáid ar nó roimh an dáta a shonraítear in Airteagal IX, Alt 2 (c).

(b) Beidh comhaltas ar fáil do chomhaltaí eile den Bhanc cibé trátha agus de réir cibé téarmaí a fhorordóidh an Chorparáid.

Alt 2.

Stoc Caipitil.

(a) Is é stoc caipitil údaraithe na Corparáide $100,000,000, i dtéarmaí dollar na Stát Aontaithe.

(b) Roinnfear an stoc caipitil údaraithe ina 100,000 scair ar míle de dhollair na Stát Aontaithe par-luach gach scaire acu. Beidh aon scaireanna den sórt sin nach mbeidh suibscríofa ó thosach ag comhaltaí bunaidh ar fáil le suibscríobh dá éis sin de réir Ailt 3 (d) den Airteagal seo.

(c) Féadfaidh an Bord Rialtóirí an méid stoic chaipitil a bheidh údaraithe aon tráth áirithe a mhéadú mar leanas:

(i) le tromlach na vótaí a chaithfear, i gcás inar gá an méadú sin chun scaireanna stoic chaipitil a eisiúint ar shuibscríobh tosaigh a dhéanamh ag comhaltaí seachas comhaltaí bunaidh, ar choinníoll nach mó ná 10,000 scair comhiomlán aon mhéaduithe a údarófar de bhun na fo-mhíre, seo;

(ii) In aon chás eile, le tromlach thrí ceathrúna na cumhachta vótála iomláine.

(d) I gcás méadaithe a údarófar de bhun míre (c) (ii) thuas, beidh caoi réasúnach ag gach comhalta chun suibscríobh a dhéanamh, faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an Chorparáid, ar chion den mhéadú stoic is comhionann leis an gcomhréire idir an stoc a shuibscríobh sé go dtí sin agus stoc caipitil iomlán na Corparáide, ach ní bheidh d'oblagáid ar aon chomhalta aon chuid den chaipiteal méadaithe a shuibscríobh.

(e) Ní mór tromlach thrí ceathrúna na cumhachta vótála iomláine le scaireanna stoic a eisiúint, seachas scaireanna a shuibscríobhfar de shuibscríobh tosaigh nó de bhun míre (d) thuas.

(f) Is ag comhaltaí amháin a bheidh fáil ar, agus is chun comhaltaí amháin a eiseofar, scaireanna de stoc na Corparáide.

Alt 3.

Suibscríobh.

(a) Suibscríobhfaidh gach comhalta bunaidh i leith an méid scaireanna stoic atá leagtha amach os coinne a ainme i Sceideal A. Cinnfidh an Chorparáid an méid scaireanna stoic a shuibscríobhfaidh comhaltaí eile.

(b) Déanfar na scaireanna stoic a shuibscríobhfaidh comhaltaí bunaidh i dtosach a eisiúint ar par.

(c) Beidh suibscríobh tosaigh gach comhalta bunaidh iníoctha go hiomlán laistigh de 30 lá tar éis an dáta a thosóidh an Chorparáid ar oibríochtaí de bhun Airteagail IX, Alt 3 (b), nó ar an dáta a thiocfaidh an comhalta bunaidh sin chun bheith ina chomhalta, cibé dáta acu sin is déanaí, nó ar cibé dáta dá éis sin a chinnfidh an Chorparáid. Is in ór nó i ndollair na Stát Aontaithe a dhéanfar íocaíocht de fhreagra ar ghlao ón gCorparáid a shonróidh ionad nó ionaid na híocaíochta.

(d) Cinnfidh an Chorparáid praghas agus téarmaí eile suibscríofa scaireanna stoic a shuibscríofar, seachas i gcás suibscríofa thosaigh ag comhaltaí bunaidh.

Alt 4.

Teorainn le dliteanas.

Ní bheidh aon chomhalta faoi dhliteanas, mar gheall ar a chomhaltas, i leith oblagáidí na Corparáide.

Alt 5.

Srian le Scaireanna a Aistriú nó a Chur i nGeall.

Ní chuirfear scaireanna stoic i ngeall ná faoi eire i slí ar bith, agus is chun na Corparáide amháin a bheidh siad inaistrithe.

Airteagal III. Oibríochtaí.

Alt 2.

Oibríochtaí Airgeadasaithe.

Féadfaidh an Chorparáid a cistí a infheistiú i bhfiontair tháirge phríobháideacha i gcríocha a comhaltaí. Ní gá go gcuirfeadh leas rialtais nó leas poiblí eile i bhfiontar den sórt sin an Chorparáid ó infheistiú ann.

Alt 2.

Modhanna Airgeadasaithe.

(a) Ní ar mhodh infheistíochtaí i stoc caipitil a dhéanfar airgeadasú na Corparáide. Faoi réir na méide sin roimhe seo, féadfaidh an Chorparáid a cistí a infheistiú ar cibé modh nó modhanna is dóigh léi is iomchuí sna himthosca, lena n-áirítear (ach gan teorainn) infheistiú in infheistióchtaí a thugann ceart do shealbhóirí an chéanna a bheith páirteach i dtuilleamh agus ceart chun suibscríobh i leith stoic chaipitil nó an infheistíocht a chomhshó ina stoc chaipitil.

(b) Ní fheidhmeoidh an Chorparáid féin aon cheart chun suibscríobh i leith stoic chaipitil nó aon infheistíocht a chomhshó ina stoc caipitil.

Alt 3.

Prionsabail Oibríochta.

Seolfar oibríochtaí na Corparáide de réir na bprionsabal seo a leanas:

(i) ní thabharfaidh an Chorparáid faoi aon airgeadasú ar dóigh léi go bhféadfaí dóthain caipitil phríobháidigh a fháil chuige ar théarmaí réasúnacha;

(ii) ní airgeadasóidh an Chorparáid aon fhiontar i gcríocha aon chomhalta má chuireann an comhalta i gcoinne an airgeadasaithe sin;

(iii) ní chuirfidh an Chorparáid aon choinníollacha gur i gcríocha aon tíre áirithe a chaithfear sochair aon airgeadasaithe aige;

(iv) ní ghlacfaidh an Chorparáid aon fhreagarthacht i leith bainistí aon fhiontair ina mbeidh sí tar éis infheistiú;

(v) déanfaidh an Chorparáid a hairgeadasú ar théarmaí agus coinníollacha is dóigh léi is iomchuí, agus tabharfaidh sí aird ar riachtanais an tionscadail, na fiontair ina mbeidh an Chorparáid ag dul agus na téarmaí agus na coinníollacha is gnáth le hinfheisteoirí príobháideacha a fháil i leith airgeadasaithe den sórt céanna;

(vi) féachfaidh an Chorparáid lena cistí a chur sa timpeall trína hinfheistíochtaí a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha aon uair is féidir léis sin a dhéanamh go hiomchuí ar théarmaí sásúla;

(vii) féachfaidh an Chorparáid chuige gur infheistíochtaí réasúnta éagsúil a hinfheistíochtaí.

Alt 4.

Leasa a Chosaint.

Má tharlaíonn nó más baolach go dtarlóidh teip i gcás aon cheann dá hinfheistíochtaí nó má éiríonn nó más baolach go n-éireoidh an tionscadal dócmhainneach ina mbeidh an infheistíocht sin, nó má tharlaíonn nó más baolach go dtarloídh teagmhais eile is dóigh leis an gCorparáid is baol contúirte don infheistíocht sin, ní choiscfidh aon ní sa Chomhaontú seo ar an gCorparáid cibé beart a dhéanamh agus cibé cirt a fheidhmiú is dóigh léi is gá chun a leasa a chaomhaint.

Alt 5.

Feidhm a bheith ag Sriantachtaí Iomlaoide Coigríche Airithe.

Aon airgead a gheobhaidh an Chorparáid nó is iníoctha léi i leith infheistíochta de chuid na Corparáide a rinneadh i gcríocha aon chomhalta de bhun Ailt 1 den Airteagal seo ní bheidh sé saor, amháin de dhroim aon fhorála sa Chomhaontú seo, ó na sriantachtaí, na rialacháin agus na rialuithe i leith iomlaoide coigríche ag á mbeidh feidhm ghinearálta i gcríocha an chomhalta sin.

Alt 6.

Oibríochtaí Ilghnéitheacha.

I dteannta na n-oibríochtaí a shonraítear in aon áit eile sa Chomhaontú seo, beidh cumhacht ag an gCorparáid:

(i) cistí a thógáil ar iasacht, agus cibé cúl-urrús nó urrús eile a thabhairt ina leith a chinnfidh sí; ar choinníoll ámh, go bhfaghaidh an Chorparáid, sula ndíola sí go poiblí a hoblagáidí ar mhargaí chomhalta, ceadú an chomhalta sin agus ceadú an chomhalta ar ina airgeadra a bheifear chun na hoblagáidí a ainmniú;

(ii) cistí nach mbeidh ag teastáil le haghaidh a hoibríochtaí airgeadasaithe a infheistiú i cibé oblagáidí a chinnfidh sí agus cistí a bheidh aici chun críocha pinsean nó críocha dá samhail a infheistiú in aon urrúis inmhargaidh, agus iad go léir saor ó na sriantachtaí a fhorchuirtear le hailt eile den Airteagal seo;

(iii) urrúis ina mbeidh infheistíochtaí aici a ráthú lena ndíol a éascú;

(iv) urrúis d'eisigh sí nó a ráthaigh sí nó ina bhfuil infheistíochtaí aici a dhíol agus a cheannach;

(v) cibé cumhachtaí eile i ndáil lena gnó a fheidhmiú is gá nó is inmhianaithe chun a gnó a chur i gcrích.

Alt 7.

Luacháil Airgeadraí.

Aon uair a bheidh sé riachtanach faoin gComhaontú seo aon airgeadra a luacháil i dtéarmaí luacha airgeadra eile, is í luacháil í luacháil a chinnfidh an Chorparáid go réasúnach tar éis dul i gcomhairle leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Alt 8.

Rabhadh a Chuirfear ar Urrúis.

Gach urrús a eiseoidh nó a ráthóidh an Chorparáid beidh ráiteas feiceálach ar a aghaidh á rá nach oblagáid leis an mBanc é ná, mura mbeidh sin sainráite ar an urrús, le haon rialtas.

Alt 9.

Toirmeasc ar ghníomhacht pholaitíochta.

Ní chuirfidh an Chorparáid ná a hoifigigh isteach ar chúrsaí polaitíochta aon chomhalta; agus, le linn dóibh cinneadh a dhéanamh, ní ghlacfaidh siad aon tionchar ó ghné pholaitíochta an chomhalta nó na gcomhaltaí a bheidh i gceist. Is cúrsaí geilleagair amháin a bheidh mar fhoras le gach cinneadh a dhéanfaidh siad agus breithneofar na cúrsaí sin go neamhchlaon chun na cuspóirí a luaitear sa Chomhaontú seo a bhaint amach.

Airteagal IV. Eagraíocht agus Bainistí.

Alt 1.

Comhdhéanamh na Corparáide.

Beidh ag an gCorparáid Bord Rialtóirí, Bord Stiúrthóirí, Cathaoirleach ar an mBord Stiúrthóirí, Uachtarán agus cibé oifigigh agus foireann eile chun cibé dualgais a dhéanamh a chinnfidh an Chorparáid.

Alt 2.

An Bord Rialtóirí.

(a) Beidh cumhachtaí uile na Corparáide dílsithe sa Bhord Rialtóirí.

(b) Gach Rialtóir agus gach Rialtóir Malartach den Bhanc a cheap comhalta den Bhanc ar comhalta den Chorparáid é freisin beidh sé, ex officio, ina Rialtóir nó ina Rialtóir Malartach, faoi seach, den Chorparáid. Ní fhéadfaidh aon Rialtóir Malartach vótáil ach nuair a bheidh a phríomhaí as láthair. Roghnóidh an Bord Rialtóirí duine de na Rialtóirí chun bheith ina Chathaoirleach ar an mBord Rialtóirí. Scoirfidh aon Rialtóir nó Rialtóir Malartach d'oifig a shealbhú má scoireann an comhalta a cheap é de bheith ina chomhalta den Chorparáid.

(c) Féadfaidh an Bord Rialtóirí údarás a tharmligean chun an Bhoird Stiúrthóirí chun aon chumhacht de chuid an Bhoird Rialtóirí a fheidhmiú, ach amháin an chumhacht chun:

(i) comhaltaí nua a ghlacadh agus coinníollacha a nglactha a chinneadh;

(ii) an stoc caipitil a mhéadú nó a laghdú;

(iii) comhalta a chur ar fionraí;

(iv) cinneadh a dhéanamh ar achomhairc i gcoinne léirithe a dhéanfaidh an Bord Stiúrthóirí ar an gComhaontú seo;

(v) comhshocraíochtaí a dhéanamh chun comhoibriú le heagrais idirnáisiúnta eile (seachas comhshocraíochtaí neamhfhoirmiúla sealadacha agus riaracháin);

(vi) cinneadh ar oibríochtaí na Corparáide a fhionraí go buan agus a sócmhainní a imdháil;

(vii) díbhinní a dhearbhú;

(viii) an Comhaontú seo a leasú.

(d) Beidh cruinniú bliantúil den Bhord Rialtóirí ann agus cibé cruinnithe eile dá ndéanfaidh an Bord Rialtóirí socrú nó a ghairmfidh an Bord Stiúrthóirí.

(e) Comórfar cruinniú bliantúil an Bhoird Rialtóirí i gcomhréim le cruinniú bliantúil Bhord Rialtóirí an Bhainc.

(f) Is é is córam d'aon chruinniú den Bhord Rialtóirí tromlach na Rialtóirí a bhfuil dhá thrian ar a laghad den chumhacht vótála iomlán acu.

(g) Féadfaidh an Chorparáid le rialachán nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh an Bord Stiúrthóirí vóta na Rialtóirí a fháil ar cheist shonrach gan cruinniú den Bhord Rialtóirí a ghairm.

(h) Féadfaidh an Bord Rialtóirí, agus an Bord Stiúrthóirí a mhéid a údaraítear sin, cibé rialacha agus rialacháin a ghlacadh chucu is gá nó is cuí chun gnó na Corparáide a sheoladh.

(i) Fónfaidh na Rialtóirí agus na Rialtóirí Malartacha sa cháil sin gan cúiteamh ón gCorparáid.

Alt 3.

Vótáil.

(a) Beidh ag gach comhalta dhá chéad caoga vóta móide vóta breise amháin in aghaidh gach scaire stoic ina sheilbh.

(b) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráiteach, déanfar gach ábhar os comhair na Corparáide a chinneadh le tromlach na vótaí a chaithfear.

Alt 4.

An Bord Stiúrthóirí.

(a) Beidh an Bord Stiúrthóirí freagarthach in oibríochtaí ginearálta na Corparáide a sheoladh agus chuige sin feidhmeoidh sé na cumhachtaí uile a thugtar dó leis an gComhaontú seo nó a tharmligfidh an Bord Rialtóirí chuige.

(b) Beidh Bord Stiúrthóirí na Corparáide comhdhéanta, ex officio, de gach Stiúrthóir Feidhmiúcháin den Bhanc a bheidh (i) arna cheapadh ag comhalta den Bhanc ar comhalta den Chorparáid é freisin nó a bheidh (ii) arna thoghadh i dtoghachán ina ndearnadh vótaí chomhalta amháin ar a laghad den Bhanc ar comhalta den Chorparáid é freisin a áireamh chun a thofa. Beidh Malartach gach Stiúrthóra Fheidhmiúcháin acu sin den Bhanc ina Stiúrthóir Malartach ex officio den Chorparáid. Scoirfidh aon Stiúrthóir d'oifig a shealbhú má scoireann an comhalta a cheap é, nó má scoireann na comhaltaí go léir ar áiríodh a vótaí chun a thofa, de bheith ina gcomhaltaí den Chorparáid.

(c) Beidh teideal ag gach Stiúrthóir a bheifear tar éis a cheapadh ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin den Bhanc an méid vótaí a chaitheamh a bheidh de theideal ag an gcomhalta a cheap é amhlaidh a chaitheamh sa Chorparáid. Beidh teideal ag gach Stiúrthóir is Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa ar an mBanc an méid vótaí a chaitheamh a bheidh de theideal ag an gcomhalta nó ag na comhaltaí den Chorparáid ar áiríodh a vótaí chun a thofa sa Bhanc a chaitheamh sa Chorparáid. Is mar aonad a chaithfear na vótaí uile a bheidh teideal ag Stiúrthóir a chaitheamh.

(d) Beidh lán-chumhacht ag Stiúrthóir Malartach gníomhú nuair a bheidh an Stiúrthóir a cheap é as láthair. Nuair a bheidh Stiúrthóir i láthair, féadfaidh a Mhalartach páirt a ghlacadh i gcruinnithe ach ní vótálfaidh sé.

(e) Is é is córam d'aon chruinniú den Bhord Stiúrthóirí tromlach de na Stiúrthóirí a bhfuil leath na cumhachta vótála iomláine ar a laghad acu.

(f) Beidh cruinniú den Bhord Rialtóirí ann a mhinicí is gá le haghaidh gnó an Bhainc.

(g) Glacfaidh an Bord Rialtóirí chucu rialacháin faoina bhféadfaidh comhalta den Chorparáid nach bhfuil teideal aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin den Bhanc a cheapadh ionadaí a chur chun freastal ag aon chruinniú de Bhord Stiúrthóirí na Corparáide nuair a bheidh aon iarratas ón gcomhalta sin, nó aon ní a bhainfidh leis go háirithe, á bhreithniú.

Alt 5.

Cathaoirleach, Uachtarán agus Foireann.

(a) Beidh Uachtarán an Bhainc ina Chathaoirleach ex officio ar Bhord Stiúrthóirí na Corparáide, ach ní bheidh aon vóta aige ach amháin vóta réitigh i gcás comhionannais vótála. Féadfaidh sé páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialtóirí, ach ní vótálfaidh sé ag na cruinnithe sin.

(b) Ceapfaidh an Bord Stiúrthóirí Uachtarán na Corparáide ar mholadh an Chathaoirligh. Beidh an tUachtarán ina cheann ar fhoireann oibríochta na Corparáide. Déanfaidh sé, faoi stiúradh an Bhoird Stiúrthóirí agus faoi mhaoirseacht ghinearálta an Chathaoirligh, gnáthghnó na Corparáide a sheoladh agus beidh sé, faoina rialú ginearálta, freagarthach in eagrú, ceapadh agus díbhe na n-oifigeach agus na foirne. Féadfaidh an tUachtarán páirt a ghlacadh i gcruinnithe den Bhord Stiúrthóirí ach ní vótálfaidh sé ag na cruinnithe sin. Scoirfidh an tUachtarán de bheith i seilbh oifige nuair a dhéanfaidh an Bord Stiúrthóirí cinneadh chuige sin lena n-aontóidh an Cathaoirleach.

(c) Ag comhlíonadh a n-oifigí d'Uachtarán, d'oifigigh agus d'fhoireann na Corparáide, dlífidh an Chorparáid a ndualgais go léir díobh agus ní dhlífidh aon údarás eile aon dualgas díobh. Tabharfaidh gach comhalta den Chorparáid d'aitheantas gur dualgas idirnáisiúnta an dualgas sin agus ní dhéanfaidh aon iarracht ar thionchar a imirt ar aon duine acu i gcomhlíonadh a dhualgas dó.

(d) Nuair a bheifear ag ceapadh oifigeach agus foirne na Corparáide, cuirfear san áireamh go cuí, faoi réir a ró-thábhachtaí é na caighdeáin is airde éifeachta agus cumais teicnice a áirithiú, gur ní tábhachtach na daoine a cheapfar a thoghadh as an méid is mó tíortha is féidir.

Alt 6.

Caidreamh leis an mBanc.

(a) Is entitas ar leithligh ón mBanc an Chorparáid agus coimeádfar cistí na Corparáide ar leithligh ó chistí an Bhainc. Ní dhéanfaidh an Chorparáid aon airgead a thabhairt ar iasacht don Bhanc ná a thógáil ar iasacht ón mBanc. Ní choiscfidh forálacha an Ailt seo ar an gCorparáid comhshocraíochtaí a dhéanamh leis an mBanc i dtaobh saoráidí, pearsanra, agus seirbhísí agus comhshocraíochtaí i dtaobh aisíoc caiteachais riaracháin a íocadh sa chéad ásc ag ceachtar eagras thar ceann an eagrais eile.

(b) Ní chuirfidh aon ní sa Chomhaontú seo an Chorparáid faoi dhliteanas i leith gníomhartha nó oblagáidí an Bhainc ná an Banc faoi dhliteanas i leith gníomhartha nó oblagáidí na Corparáide.

Alt 7.

Caidreamh le hEagrais Idirnáisiúnta Eile.

Déanfaidh an Chorparáid, ag gníomhú di tríd an mBanc, comhshocraíochtaí foirmiúla leis na Náisiúin Aontaithe agus féadfaidh sí comhshocraíochtaí den sórt sin a dhéanamh le heagrais idirnáisiúnta phoiblí eile a bhfuil sainfreagarthachtaí saineolacha orthu in earnála coibhneasacha.

Alt 8.

Suíomh Oifigí.

Is sa cheantar céanna a mbeidh príomh-oifig an Bhainc a bheidh príomh-oifig na Corparáide. Féadfaidh an Chorparáid oifigí eile a bhunú i gcríocha aon chomhalta.

Alt 9.

Taisclanna.

Ainmneoidh gach comhalta a bhanc ceannais féin mar thaisclann ina bhféadfaidh an Chorparáid sealúchais d'airgeadra an chomhalta sin nó socmhainní eile de chuid na Corparáide a choimeád nó, mura bhfuil banc ceannais aige, ainmneoidh sé cibé foras eile lena nglacfaidh an Chorparáid.

Alt 10.

Meán Cumarsáide.

Ainmneoidh gach comhalta údarás iomchuí lena bhféadfaidh an Chorparáid dul i gcumarsáid i dtaobh aon ábhair faoin gComhaontú seo.

Alt 11.

Tuarascála a fhoilsiú agus Eolas a Chur ar Fáil.

(a) Foilseoidh an Chorparáid tuarascáil in aghaidh na bliana ina mbeidh ráiteas iniúchóra ar a cuntais agus cuirfidh sí timpeall chun na gcomhaltaí, i gceann tréimhsí iomchuí, ráiteas achomair ar a staid airgeadais agus ráiteas sochair agus dochair ag taispeáint torthaí a hoibríochtaí.

(b) Féadfaidh an Chorparáid cibé tuarascála eile a fhoilsiú is inmholta dar léi chun a cuspóirí a chur i gcrích.

(c) Imdháilfear ar na comhaltaí cóipeanna de na tuarascála, de na ráitis agus de na foilseacháin uile a dhéanfar faoin Alt seo.

Alt 12.

Díbhinní.

(a) Féadfaidh an Bord Rialtóirí a chinneadh ó am go ham cad é an chuid de ghlan-ioncam agus barrachas na Corparáide a imdháilfear mar dhíbhinní tar éis soláthar iomchuí a dhéanamh le haghaidh cúlchistí.

(b) Imdháilfear díbhinní pro rata i gcoimhréir le stoc caipitil na gcomhaltaí.

(c) Íocfar díbhinní i cibé slí agus i cibé airgeadra nó airgeadraí a chinnfidh an Chorparáid.

Airteagal V. Éirí as; Comhaltas a Fhionraí; Oibríochtaí a Fhionraí.

Alt 1.

Comhaltaí d'Éirí As.

Féadfaidh aon chomhalta éirí as comhaltas sa Chorparáid am ar bith trí fhógra i scríbhinn a chur chun na Corparáide chun a príomh-oifige. Tiocfaidh an t-eirí-as in éifeacht an dáta a gheofar an fógra sin.

Alt 2.

Comhaltas a Fhionraí.

(a) Má mhainníonn comhalta aon cheann dá oblagáidí don Chorparáid a chomhlíonadh, féadfaidh an Chorparáid a chomhaltas a fhionraí trí chinneadh ó thromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh tromlach na cumhachta vótála iomláine. An comhalta a fhionrófar amhlaidh scoirfidh sé, air sin, de bheith ina chomhalta bliain ó dháta a fhionraí mura gcinne an tromlach céanna an comhalta a ligean ar ais faoi réim.

(b) An fhad a bheidh comhalta ar fionraí, ní bheidh teideal aige aon chirt faoin gComhaontú seo a fheidhmiú ach amháin an ceart chun éirí as, ach fanfaidh sé faoi réir na n-oblagáidí uile.

Alt 3.

Fionraí Chomhaltais, nó Deireadh le Comhaltas, sa Bhanc.

Aon chomhalta a fhionrófar ó bheith, nó a scoirfidh de bheith, ina chomhalta den Bhanc beidh sé air sin, ar fionraí ó bheith, nó scoirfidh sé de bheith, ina chomhalta den Chorparáid, de réir mar bheidh.

Alt 4.

Cearta agus Dualgais Rialtas a Scoirfidh de bheith ina gComhaltaí.

(a) Nuair a scoirfidh Rialtas de bheith ina chomhalta leanfaidh sé air de bheith faoi dhliteanas i leith na suimeanna uile a bheidh dlite de don Chorparáid. Déanfaidh an Chorparáid socrú i dtaobh stoc caipitil an Rialtais sin a athcheannach mar chuid den tsocraíocht chuntas leis an rialtas sin de réir forálacha an Ailt seo, ach ní bheidh aon chearta eile ag an rialtas faoin gComhaontú seo ach amháin mar fhoráltar san Alt seo agus in Airteagal VIII (c).

(b) Féadfaidh an Chorparáid agus an rialtas comhaontú ar stoc caipitil an Rialtais a athcheannach, ar cibé téarmaí is iomchuí sna himthosca gan aird ar fhorálacha míre (c) thíos. Féadfar socrú a bheith sa chomhaontú sin le haghaidh socraíochta deiridh ar oblagáidí uile an Rialtais don Chorparáid, i dteannta nithe eile.

(c) Mura ndéantar comhaontú den sórt sin laistigh de shé mhí tar éis don rialtas scor de bheith ina chomhalta nó de cibé tréimhse eile ar a gcomhaontóidh an Chorparáid agus an rialtas sin, is é praghas athcheannaigh stoic chaipitil an rialtais luach an chéanna de réir leabhar na Corparáide an lá a scoirfidh an rialtas de bheith ina chomhalta. Beidh athcheannach an stoic chaipitil faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(i) nuair a thabharfaidh an rialtas scaireanna stoic suas, féadfar íocaíochtaí a dhéanamh ina leith ó am go ham i cibé tráthchodanna, cibé trátha agus i cibé airgeadra nó airgeadraí a bheidh ar fáil, a chinnfidh an Chorparáid go réasúnach, ag cuimhneamh di ar staid airgeadais na Corparáide;

(ii) déanfar aon suim a bheidh dlite don rialtas i leith a stoic chaipitil a choimeád siar an fhad a dhlífidh an rialtas nó aon cheann dá ghníomhaireachtaí aon suim a íoc leis an gCorparáid agus féadfar, más rogha leis an gCorparáid é, an tsuim sin a fhritháireamh, de réir mar is iníoctha í, i gcoinne na suime a bheidh dlite den Chorparáid;

(iii) má bhaineann glan-chaillteanas don Chorparáid i ndáil leis na hinfheistíochtaí a rinneadh de bhun Airteagail III, Alt 1, agus a bheidh ar seilbh aici ar an dáta a scoirfidh an rialtas de bheith ina chomhalta, agus gur mó méid an chaillteanais sin ná méid na gcúlchistí a bheidh in áirithe faoina chomhair ar an dáta sin, aisíocfaidh an rialtas sin, ar éileamh, an méid a laghdófaí praghas athcheannaigh a scaireanna stoic dá n-áirítí an caillteanas sin nuair a cinneadh an praghas athcheannaigh.

(d) Ní dhéanfar in aon chás aon suim a bheidh dlite do rialtas i leith a stoic chaipitil faoin Alt seo a íoc go dtí sé mhí tar éis an dáta a scoirfidh an rialtas de bheith ina chomhalta. Má tharlaíonn laistigh de shé mhí ón dáta a scoirfidh rialtas de bheith ina chomhalta go bhfionróidh an Chorparáid oibríochtaí faoi Alt 5 den Airteagal seo, beidh cearta uile an rialtais sin arna bhforceannadh le forálacha an Ailt sin 5 agus measfar an rialtas sin a bheith fós ina chomhalta den Chorparáid chun críocha an Ailt sin 5, ach amháin nach mbeidh aon chearta vótála aige.

Alt 5.

Fionraí Oibríochtaí agus Socrú Oblagáidi.

(a) Féadfaidh an Chorparáid a hoibríochtaí a bhuanfhionraí trí vóta thromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh tromlach na cumhachta vótála iomláine. Tar éis oibríochtaí a fhionraí amhlaidh, scoirfidh an Chorparáid láithreach de gach gníomhacht ach amháin gníomhachtaí a bhainfidh lena sócmhainní a imchoimeád agus a chaomhnadh agus a réadú go hordúil agus lena hoblagáidí a shocrú. Go dtí go mbeifear críochnaithe le socrú na n-oblagáidí sin agus le himdháil na sócmhainní sin, leanfaidh an Chorparáid de bheith ann agus leanfaidh comhchearta agus comh-oblagáidí uile na Corparáide agus a chomhaltaí faoin gComhaontú seo gan oirbhearnadh ach amháin nach bhfionrófar aon chomhalta agus nach n-éireoidh aon chomhalta as agus nach ndéanfar aon imdhháil chun comhaltaí ach amháin mar fhoráltar san Alt seo.

(b) Ní dhéanfar aon imdháil chun comhaltaí ar chuntas a suibscríobh chun stoic chaipitil na Corparáide go dtí go nglanfar a mbeidh dlite do chreidiúnaithe nó go dtí go ndéanfar soláthar ina leith agus go dtí go gcinnfidh an Bord Rialtóirí, trí vóta thromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh tromlach na cumhachta vótála iomláine, an imdháil sin a dhéanamh.

(c) Faoi réir na méide sin roimhe seo, imdháilfidh an Chorparáid sócmhainní na Corparáide ar na comhaltaí pro rata i gcomhréir leis an stoc caipitil a bheidh acu, faoi réir, i gcás aon chomhalta, socrú a bheith déanta ar gach éileamh ag an gCorparáid ar an gcomhalta sin. Déanfar an imdháil sin cibé trátha, i cibé airgeadraí, agus ina airgead nó sócmhainní eile mar mheasfaidh an Chorparáid a bheith cóir cothrom. Na scaireanna a imdháilfear ar na comhaltaí uile ní gá iad a bheith comhréireach ó thaobh an chiníl shócmhainní a imdháilfear nó na n-airgeadraí ina dtabharfar iad.

(d) Aon chomhalta a gheobhaidh sócmhainní a imdháilfidh an Chorparáid de bhun an Ailt seo, beidh na cearta céanna aige maidir leis na sócmhainní sin a bhí ag an gCorparáid sular imdháileadh iad.

Airteagal VI. Stádas, Díolúintí agus Pribhléidí.

Alt 1.

Cuspóirí an Airteagail.

Ionas go bhféadfaidh an Chorparáid na feidhmeanna atá á gcur de chúram uirthi a chomhlíonadh, déanfar an stádas, na díolúintí agus na pribhléidí atá leagtha amach san Airteagal seo a thabhairt don Chorparáid i gcríocha gach comhalta.

Alt 2.

Stádas na Corparáide.

Is duine lán-dlíthiúnach an Chorparáid, agus, go háirithe, tá cumas inti:

(i) conradh a dhéanamh;

(ii) maoin dochorraithe agus maoin shochorraithe a fháil agus a dhiúscairt;

(iii) imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

Alt 3.

Seasamh na Corparáide Maidir le Próis Bhreithiúnach.

Ní fhéadfar caingin a thionscnamh i gcoinne na Corparáide ach amháin i gcúirt dlínse inniúla i gcríocha chomhalta ina bhfuil oifig ag an gCorparáid, ina bhfuil gníomhaire ceaptha aici chun glacadh le seirbheáil nó fógra próise, nó ina bhfuil sí tar éis urrúis a eisiúint nó a ráthú. Ní dhéanfaidh comhaltaí ná daoine thar ceann comhaltaí nó a dhíorthóidh éilithe ó chomhaltaí aon chaingin a thionscnamh. Is cuma cibé áit a mbeidh maoin agus sócmhainní de chuid na Corparáide, agus cibé duine ag a mbeidh an céanna, beidh díolúine acu ó gach saghas urghabhála, astaithe nó forghníomhaithe sula dtabharfar an breithiúnas deiridh i gcoinne na Corparáide.

Alt 4.

Díolúine Sócmhainní ó Urghabháil.

Beidh ag maoin agus sócmhaínní na Corparáide, cibé áit a mbeidh an céanna agus cibé duine ag a mbeidh an céanna, díolúine ó chuardach, foréileamh coigistiú, díshealbhú nó aon sórt eile urghabhála trí ghníomhú feidhmiúcháin nó gníomhú reachtach.

Alt 5.

Díolúine ag Cairtlanna.

Beidh cairtlanna na Corparáide do-sháraithe.

Alt 6.

Sócmhainní a Bheith Saor ó Shriantachtaí.

A mhéid is gá sin chun na hoibríochtaí a dhéanamh dá bhforáltar sa Chomhaontú seo agus faoi réir forálacha Airteagail III, Alt 5 beidh maoin agus sócmhainní uile na Corparáide saor ó shriantachtaí, rialacháin, rialuithe agus mortchairde d'aon sórt.

Alt 7.

Pribhléidí Cumarsáide.

Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla na Corparáide an chóir chéanna ó gach comhalta a thugann sé do chumarsáidí oifigiúla chomhaltaí eile.

Alt 8.

Díolúintí agus Pribhléidí Oifigeach agus Fostaithe.

Maidir le Rialtóirí, Stiúrthóirí, Malartaigh, oifigigh agus fostaithe uile na Corparáide:

(i) beidh díolúine acu ó phróis dlíthiúil i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad ina gcáil oifigiúil;

(ii) muran náisiúnaigh áitiúla iad, tabharfar dóibh na díolúintí céanna ó shriantachtaí inimirce, ceanglais chlárúcháin d'eachtrannaigh agus oblagáidí seirbhíse náisiúnta, maraon leis na saoráidí céanna i leith sriantachtaí iomlaoide, a thugann na comhaltaí d'ionadaithe, d'oifigigh agus d'fhostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile;

(iii) tabharfar an chóir chéanna dóibh i leith saoráidí taistil a thugann comhaltaí d'ionadaithe, d'oifigigh agus d'fhostaithe comhchéime de chuid na gcomhaltaí eile.

Alt 9.

Díolúine ó Cháin.

(a) Beidh an Chorparáid, a sócmhainní, a maoin, a hioncam agus na hoibríochtaí agus na hidirbhearta a údaraítear leis an gComhaontú seo saor ó gach cáin agus ó gach dleacht chustam. Beidh an Chorparáid saor freisin ó gach dliteanas maidir le bailiú nó íoc aon chánach nó dleachta.

(b) Ní dhéanfar aon cháin a thobhach ar thuarastail agus sochar, ná i leith tuarastal agus sochar, a íocfaidh an Chorparáid le Stiúrthóirí, Malartaigh, oifigigh nó fostaithe eile de chuid na Corparáide nach saoránaigh áitiúla, géillsinigh áitiúla, ná náisiúnaigh áitiúla eile.

(c) Ní thoibheofar cáin d'aon saghas ar aon oblagáid ná urrús a eiseoidh an Chorparáid (lena n-áirítear aon díbhinn nó ús air sin) cibé duine a shealbhóidh an céanna:

(i) más cáin í a dhéanann idirdhealú i gcoinne na hoblagáide nó an urrúis sin ar an aon-ábhar gurb í an Chorparáid d'eisigh an céanna; nó

(ii) más é an t-aon-bhonn dlínsiúil atá leis an gcáin sin an áit nó an t-airgeadra ina mbeidh sí arna heisiúint nó ina mbeidh sí le híoc nó ina n-íocfarí, nó suíomh aon oifige nó áite gnó atá á cothabháil ag an gCorparáid.

(d) Ní thoibheofar aon cháin ar aon oblagáid ná urrús a ráthóidh an Chorparáid (lena n-áirítear aon díbhinn nó ús ar an gcéanna) cibé duine a shealbhóidh an céanna—

(i) más cáin í a dhéanann idirdhealú i gcoinne na hoblagáide nó an urrúis sin ar an aon-ábhar gurb í an Chorparáid a ráthaigh an céanna; nó

(ii) más é an t-aon-bhonn dlínsiúil atá leis an gcáin sin suíomh aon oifige nó áite gnó atá á cothabháil ag an gCorparáid.

Alt 10.

An tAirteagal a Chur i bhFeidhm.

Déanfaidh gach comhalta cibé beart is gá ina chríocha féin chun éifeacht i dtéarmaí a dhlí féin a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach san Airteagal seo agus tabharfaidh sé mionchuntas don Chorparáid ar an mbeart a rinne sé.

Alt 11.

Tarscaoileadh.

Féadfaidh an Chorparáid aon phribhléid agus díolúine a thugtar leis an Airteagal seo a tharscaoileadh a mhéid, agus ar cibé coinníollacha, a chinnfidh sí.

Airteagal VII. Leasuithe.

(a) Féadfar an Comhaontú seo a leasú le vóta trí chúigiú na Rialtóirí a fheidhmeoidh ceithre chúigiú na cumhachta vótála iomláine.

(b) D'ainneoin míre (a) thuas, ní mór vótaí na Rialtóirí go léir a bheith le haon leasú a mhodhnóidh:

(i) an ceart chun éirí as an gCorparáid a fhoráltar in Airteagal V, Alt 1;

(ii) an ceart réamhcheannaigh a áirithítear le hAirteagal II, Alt 2 (d);

(iii) an teorainn le dliteanas a fhoráltar in Airteagal II, Alt 4.

(c) Aon togra chun an Comhaontú seo a mhodhnú, cibé acu ó chomhalta, ó Rialtóir nó ón mBord Stiúrthóirí é, cuirfear faoi bhráid Chathaoirligh an Bhoird Rialtóirí é agus cuirfidh seisean an togra os comhair an Bhoird Rialtóirí. Nuair a ghlacfar go cuí le leasú deimhneoidh an Chorparáid é sin go cuí trí scríbhinn fhoirmiúil a dhíreofar chun na gcomhaltaí uile. Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm i leith gach comhalta trí mhí tar éis dáta na scríbhinne foirmiúla, mura sonróidh an Bord Rialtóirí tréimhse níos giorra.

Airteagal VIII. Léiriú agus Eadráin.

(a) Aon cheist faoi léiriú forálacha an Chomhaontaithe seo a éireoidh idir aon chomhalta agus an Chorparáid, nó idir aon chomhaltaí den Chorparáid cuirfear faoi bhráid an Bhoird Stiúrthóirí í lena cinneadh. Má bhaineann an cheist go sonrach le haon chomhalta den Chorparáid nach bhfuil teideal aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin den Bhanc a cheapadh beidh teideal aige chun ionadaíochta de réir Airteagail IV, Alt 4 (g).

(b) In aon chás ina mbeidh an Bord Stiúrthóirí tar éis cinneadh a dhéanamh faoi (a) thuas, féadfaidh aon chomhalta a chur faoi deara go ndéanfar an cheist a tharchur chun an Bhoird Rialtóirí agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhoird Rialtóirí. Féadfaidh an Chorparáid gníomhú a mhéid is dóigh léi is gá ar chinneadh an Bhoird Stiúrthóirí nó go mbeidh toradh ar an tarchur chun an Bhoird Rialtóirí.

(c) Aon uair a éireoidh aighneas idir an Chorparáid agus tír a bheidh tar éis scor de bheith ina comhalta nó idir an Chorparáid agus aon chomhalta le linn don Chorparáid a bheith ar buan-fhionraí cuirfear an t-aighneas sin faoi eadráin bhínse ar a mbeidh triúr eadránaithe arb í an Chorparáid a cheapfaidh duine díobh, arb í an tír lena mbainfidh a cheapfaidh duine díobh agus moltóir a cheapfar, mura gcomhaontóidh na páirtithe ina thaobh, ag Uachtarán na Cúirte Ceartais Idirnáisiúnta nó ag cibé údarás eile a bheidh forordaithe le rialachán ar ghlac an Chorparáid leis. Beidh lán-chumhacht ag an moltóir gach ceist faoi nós imeachta a shocrú in aon chás nach réiteoidh na páirtithe ina leith.

Airteagal IX. Forálacha Deiridh.

Alt 1.

Teacht i bhFeidhm.

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm nuair a bheidh sé arna shíniú thar ceann 30 rialtas ar a laghad nach lú a suibscríobh ná 75 faoin gcéad den suibscríobh iomlán atá leagtha amach i Sceideal A agus nuair a bheidh na hionstraimí dá dtagartar in Alt 2 (a) den Airteagal seo taiscthe thar a gceann, ach in aon chás ní thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm roimh an 1 Deireadh Fómhair, 1955.

Alt 2.

Síniú.

(a) Gach rialtas a síneofar an Comhaontú seo thar a cheann, taiscfidh sé leis an mBanc ionstraim á rá go bhfuil glactha aige, gan agús, leis an gComhaontú seo de réir a dhlí féin agus go bhfuil gach beart déanta aige is gá chun a chur ar a chumas a oblagáidí uile faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.

(b) Beidh gach rialtas ina chomhalta den Chorparáid amhail ón dáta a thaiscfear thar a cheann an ionstraim dá dtagartar i mír (a) thuas, ach ní bheidh aon rialtas ina chomhalta sula dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo.

(c) Fanfaidh an Comhaontú seo ar oscailt, go dtí deireadh gnó an 31 Nollaig, 1956, chun a shínithe i bpríomhoifig an Bhainc thar ceann rialtas na dtíortha a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A.

(d) Tar éis an Comhaontú seo a theacht i bhfeidhm, beidh sé ar oscailt chun a shínithe thar ceann rialtais aon tíre a bhformheasfar a comhaltas de bhun Airteagail II, Alt 1 (b).

Alt 3.

Tionscnamh na Corparáide.

(a) A luaithe a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm faoi Alt 1 den Airteagal seo gairfidh Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí cruinniú den Bhord Stiúrthóirí.

(b) Tosóidh an Chorparáid ar oibríochtaí ar an dáta a chomórfar an cruinniú sin.

(c) Go dtí go mbeidh an chéad chruinniú den Bhord Rialtóirí ann, féadfaidh an Bord Stiúrthóirí cumhachtaí uile an Bhoird Rialtóirí a fheidhmiú ach amháin na cumhachtaí a fhorcoimeádtar don Bhord Rialtóirí faoin gComhaontú seo.

Arna Dhéanamh i Washington in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcairtlanna an Bhainc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte, a chuireann in iúl trína shíniú anseo thíos go gcomhaontaíonn sé gníomhú mar thaisclann don Chomhaontú seo agus go ndéanfaidh sé an dáta a thiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, faoi Airteagal IX. Alt 1 de seo, a chur in iúl do na rialtais uile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach i Sceideal A.