An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Seirbhísí Traenach a Scor agus Iarnróid agus Canálacha a Dhúnadh.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a Athghairmtear.)

19 1958

AN tACHT IOMPAIR, 1958

CUID V.

Iompar de Bhóithre.

An Bord a dhíolmhadh ó cheanglas i dtaobh ceadúnas paisnéirí.

1932, Uimh. 2 .

24. —Ní bheidh feidhm maidir leis an mBord ag alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , a choisceann ród-sheirbhís do phaisnéirí a bheith ar siúl gan ceadúnas paisnéirí.

Srian le ródsheirbhísí do phaisnéirí a thionscnamh agus a athrú.

25. —(1) Ní dhéanfaidh an Bord, gan toiliú an Aire, aon ródsheirbhís do phaisnéirí a thionscnamh ná aon ród-sheirbhís do phaisnéirí a bheidh á hoibriú aige de thuras na huaire a athrú chun dul i gcomórtas le ród-sheirbhís phaisnéirí cheadúnaithe.

(2) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh aon seirbhís nó athrú, láithreach nó beartaithe, a bheith i gcomórtas amhlaidh, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh.

(3) Déanfaidh an Bord de réir cibé treoracha a bhéarfaidh an tAire dó chun críocha an ailt seo.

Fuascailt ón oblagáid chun pláta feithicle a iompar.

1933, Uimh. 8 .

26. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le:—

(a) feithicil atá á húsáid ag cuideachta údaraithe (iompartha mharsantais) chun críocha a gnó, agus

(b) feithicil atá á húsáid chun páipéir Domhnaigh a imdháil faoi cheadúnas marsantais nach mbaineann ach leis sin amháin.

(2) D'ainneoin ailt 34 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ní bheidh de cheangal ann go mbeidh pláta feithicle ar fheithicil lena mbaineann an t-alt seo agus ní eiseofar aon phláta i leith na feithicle sin.

Beodhíle a iompar d'fheirmeoirí comharsan.

1952, Uimh. 24 .

27. —(1) D'ainneoin ailt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , féadfaidh duine ar feirmeoireacht a aon-ghairm nó a phríomh-ghairm bheatha agus nach bhfuil ceadúnas marsantais aige, beodhíle a iompar ar luaíocht i bhfeithicil a bheidh á tarraingt ag tarraicire talmhaíochta leis agus ar inmhuirir dleacht mháil ina leith de réir an ráta a shonraítear i bhfo-mhír (c) de mhír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , más beodhíle iad le duine a chónaíonn dhá mhíle ar a mhéid ó áit chónaithe an iompróra agus go mbeidh an bheodhíle á n-iompar go dtí feirm nó uaithi nó go dtí nó ó láthair cheantála beodhíle nó áit ina mbeidh margadh nó aonach ar siúl, a bheidh sonraithe le hordú ón Aire faoin alt seo, an lá a bheidh an cheaint, an margadh nó an t-aonach sin ar siúl agus nach mbeidh siad á n-iompar i gceachtar treo ar aon chuid de bhóthar poiblí a bheidh breis agus fiche míle de bhóthar poiblí ó áit chónaithe an iompróra.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, margaí agus aontaí a shonrú chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Tarraingt neamhdhleathach: an dara cion agus cionta ina dhiaidh sin.

1933, Uimh. 8 .

1907, c. 17.

28. —(1) Má chiontaítear duine i gcion faoi alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , ní lú ná deich bpuint an fhíneáil a bheidh le forchur ag an gcúirt i leith an dara ciona a dhéanfaidh sé laistigh de chúig bliana tar éis déanamh an chéad chiona agus ní bheidh an fhíneáil i leith gach ciona a dhéanfaidh sé ina dhiaidh sin laistigh d'aon tréimhse chúig mblian níos lú ná dhá oiread na fíneála íosta a fhorordaítear leis an alt seo i leith an chiona díreach roimhe sin, ach sin faoi réir fíneála uasta trí chéad agus fiche punt in ionad na fíneála uasta a shonraítear san alt sin 9.

(2) I dteannta na fíneála, féadfaidh an Chúirt a ordú go bhforghéillfear aon fheithicil nó feithiclí inneall-ghluaiste ar leo a rinneadh an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin.

(3) Déanfar aon fheithiclí inneallghluaiste a ordófar a fhorghéilleadh amhlaidh a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an tAire agus an t-airgead uile a thiocfaidh den diúscairt sin a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Ni bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin den sórt sin.

Laraithe agus tarraicirí neamhluchtaithe a allmhuiriú.

1935, Uimh. 23 .

29. —(1) Déantar leis seo alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre 1935, a chuireann srian le hallmhuiriú laraithe agus tarraicirí luchtaithe a bheidh ag tarraingt foileantóirí luchtaithe, a leasú trí mhír (b) d'fho-alt (1) a scriosadh, d'fhonn go mbainfidh an t-alt le laraithe agus tarraicirí neamhluchtaithe mar an gcéanna.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt maidir le hallmhuiriú laraithe agus tarraicirí ag aon duine i gcúrsa a thrádála i laraithe agus tarraicirí sa cháil sin.