An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Airgeadas.) Ar Aghaidh (CUID V. Iompar de Bhóithre.)

19 1958

AN tACHT IOMPAIR, 1958

CUID IV.

Seirbhísí Traenach a Scor agus Iarnróid agus Canálacha a Dhúnadh.

Seirbhísí traenach a fhorceannadh.

1932, Uimh. 2 .

1933, Uimh. 8 .

19. —(1) Féadfaidh an Bord, faoi réir forálacha an ailt seo, deireadh a chur le haon seirbhís traenach do phaisnéírí agus do mharsantas nó do cheachtar acu.

(2) Ní fhorceannfaidh an Bord seirbhís mura deimhin leis go bhfuil sé míthíobhasach a bheith á hoibriú agus nach bhfuil súil ar bith, má leantar di, go mbeidh sí tíobhasach laistigh de thréimhse réasúnach.

(3) Ní fhorceannfaidh an Bord seirbhís ná n dhúnfaidh sé stáisiún iarnróid i gcás aon tsaghas nó gach saghas tráchta mura mbeidh an Bord tar éis fógra á rá go bhfuil sin ar intinn aige a fhoilsiú, dhá mhí ar a laghad roimh dháta a dhéanta, san Iris Oifigiúil agus i cibé nuachtáin is cuí leis an mBord agus a léitear sa límistéar lena mbainfidh an togra.

(4) Luafar sa bhfógra na seirbhísí ród-iompair nua nó breise, a bheartaíonn an Bord a chur ar fáil sa límistéar, má bheartaíonn.

(5) Mura mbeartóidh an Bord seirbhís ród-iompair eile a chur ar fáil, luafar sa bhfógra go bhféadfaidh daoine ar mian leo ród-sheirbhísí eile a chur ar fáil ceadúnais phaisnéirí faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , nó ceadúnais mharsantais faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , nó an dá shórt sin ceadúnas, mar is iomchuí, a iarraidh.

(6) I gcás nach mbeartóidh an Bord ród-sheirbhísí eile a chur ar fáil, cuirfidh an Bord ar fáil, i stáisiún iarnróid éigin sa límistéar lena mbaineann, do dhaoine a mbeidh leas acu i ród-sheirbhísí eile a chur ar fáil sonraí ar an trácht a bhí á iompar leis an seirbhís traenach a bheartaítear a fhorceannadh, nó a cuireadh chun siúil ón stáisiún nó fuarthas sa stáisiún a bheartaítear a dhúnadh mar adúradh, i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag is déanaí a mbeidh na sonraí sin ar fáil ina leith. Luafar sa bhfógra go gcuirfear na sonraí sin ar fáil ag stáisún sonraithe éigin.

Línte iarnróid de chuid an Bhoird a thréigean.

20. —Beidh feidhm ag alt 21 d'Acht 1950, arna leathnú le halt 6 d'Acht 1955, a dhéanann socrú i dtaobh línte iarnróid a thréigean, maidir le líne iarnróid nó le roinn d'iarnród a bhfuil na seirbhísí traenach uile uirthi forceannta ag an mBord.

Línte iarnróid le cuideachtaí iarnróid eile a thréigean.

1933, Uimh. 9 .

1944, Uimh. 21 .

21. —Aon uair a bheidh na seirbhísí traenach uile, ar aon líne iarnróid nó ar aon roinn de líne iarnróid lena mbaineann alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 , forceannta féadfaidh an tAire, d'ainneoin nár comhlíonadh forálacha an ailt sin, ordú a dhéanamh faoi alt 110 den Acht Iompair, 1944 , á údarú an líne nó an roinn sin a thréigean.

Talamh iarnróid tréigthe a dhíol le comhlacht poiblí.

1941. Uimh. 23.

22. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 21 d'Acht 1950 nó in aon achtachán eile, féadfaidh cuideachta iarnróid talamh ar bith faoi líne iarnróid tréigthe nó ag síneadh leis a dhíol trí chonradh príobháideach le húdarás áitiúil nó le gnóthas fóntais phoiblí.

(2) San alt seo—

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “gnóthas fóntais phoiblí” aon údarás nó cuideachta a bhfuil gnóthas leictreachais nó gáis á sheoladh aige agus aon bhord nó comhlacht arna bhunú le reacht de chuid Shaorstát Éireann nó le hAcht ón Oireachtas.

Canáil a dhúnadh.

1873, e. 48.

23. —(1) Féadfaidh an Bord aon chanáil nó cuid de chanáil dá chuid, agus nár úsáideadh le haghaidh loingseoireachta poiblí le trí bliana nó breis a dhúnadh in aghaidh loingseoireachta.

(2) Ní dhúnfaidh an Bord aon chanáil ná cuid de chanáil muran rud é go mbeidh an Bord tar éis fógra á rá go bhfuil sin ar intinn aige a fhoilsiú, dhá mhí ar a laghad roimh dháta a dhéanta, san Iris Oifigiúil agus i cibé nuachtáin is cuí leis an mBord agus a léitear sa límistéar ina bhfuil an chanáil nó an chuid de chanáil.

(3) Ní fhuasclóidh an dúnadh sin an Bord ó aon oblagáidí (lena n-áirítear oblagáidí maidir le siltean, nó maidir le tuiliú a chosc) a bheadh de dhliteanas ar an mBord maidir leis an gcanáil sin nó leis an gcuid sin di, seachas an oblagáid chun í a choimeád ar oscailt agus i riocht oiriúnach chun loingseoireachta.

(4) Féadfaidh an Bord agus an t-údarás bóthar ar ina límistéar feidhmiúcháin a bheidh aon droichead thar an gcanáil nó thar an gcuid de chanáil a dhúnfar amhlaidh comhaontú a dhéanamh chun an droichead agus oblagáid a chothabhála a aistriú chun an údaráis bhóthar sin, agus féadfaidh siad an comhaontú sin a chur i gcrích.

(5) Is feidhm forcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineann leis an údarás sin feidhmeanna údaráis bhóthar faoi fho-alt (4).

(6) San alt seo, tá le “canáil” an bhrí chéanna a thugtar do “canal” le halt 3 den Regulation of Railways Act, 1873.