|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cumhachtaí agus Dualgais Ghinearálta an Bhoird.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Seirbhísí Traenach a Scor agus Iarnróid agus Canálacha a Dhúnadh.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Airgeadas. | |
[EN] |
Deontais don Bhord. |
10. —(1) Tabharfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas bliantúil £1,000,000 don Bhord an bhliain airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1959, agus gach bliain de na cheithre bliana airgeadais ina dhiaidh sin. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Bord na híocaíochtaí sin a úsáid a mhéid is gá chun an t-ús ar a stoc iompair a ghlanadh agus féadfaidh sé an t-iarmhéid a úsáid le haghaidh a ghnóthais i cibé slí is oiriúnach leis. | |
[EN] | (3) An fhoráil le haghaidh íoc úis a dhéantar le fo-alt (2) is foráil í gan dochar d'fho-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1950 do leanúint i ngníomh. | |
[EN] |
Stoc Iompair 3% C.I.E., 1955-60, a bheith ina iasacht rialtais. |
11. —(1) Beidh sé de dhliteanas ar an Aire Airgeadais, d'eisiamh an Bhoird, an phríomhshuim, dar méid £9,889,083 de Stoc Iompair 3% an Bhoird, 1955-60 a íoc go cuí, agus beidh an stoc sin ina iasacht Rialtais chun críocha an Achta um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 . |
[EN] | (2) Íocfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead uile a theastóidh ón Aire Airgeadais chun príomhshuim an stoic dá dtagartar i bhfo-alt (1) a íoc go cuí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith faoi chomhair íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (2) agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh sé urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis, agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó aon ní eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (4) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear agus íoc na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] | (5) Íocfaidh an tAire Airgeadais as an bPríomh-Chiste leis an mBord na suimeanna is gá chun an t-ús a ghlanadh a bheidh dlite ó am go ham tar éis an lú lá d'Aibreán, 1959, ar an stoc dá dtagartar i bhfo-alt (1) agus úsáidfidh an Bord an t-airgead sin chun na suimeanna a bheidh dlite do shealbhóirí an stoic sin a íoc. | |
[EN] | (6) An t-airgead go léir a theastóidh le haghaidh na n-íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste dá dtagartar i bhfo-alt (5) muirearófar é ar an bPríomh-Chiste agus ar a thoradh fáis. | |
[EN] |
An Bord a fhuascailt ó dhliteanas chun airleacain £5,623,400 a aisíoc i leith úis stoic iompair agus iasachta sealadaí. |
12. —(1) Ní bheidh de dhliteanas ar an mBord suim £5,623,400 a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, is é sin iomlán na n-airleacan a rinneadh faoi fho-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1950 suas go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1958, faoi chomhair suimeanna dob iníoctha ag an Aire Airgeadais faoi ráthaíochtaí a thug sé faoin alt sin (arb é atá iontu £4,820,400 i leith úis ar stoc iompair agus £803,000 i leith iasachta sealadaí) ná ní bheidh de dhliteanas ar an mBord ús a íoc in aghaidh aon tréimhse tar éis an dáta sin ar na hairleacain sin; agus modhnaítear dá réir sin fo-ailt (6) agus (8) den alt sin. |
[EN] | (2) Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1950, arna leasú le halt 3 d'Acht 1955, measfar an tsuim sin £803.000 a bheith aisíoctha ag an mBord. | |
[EN] |
Airleacain inaisíoctha £1,000,000 le haghaidh caiteachais chaipitiúil a áireamh mar dheontas neamhinaisíoctha. |
13. —Aireofar mar dheontas neamh-inaisíoctha ón lú lá d'Aibreán, 1958, suim £1,000,000, is é sin, iomlán na n-airleacan inaisíoctha chun an Bhoird le haghaidh caiteachais chaipitiúil a ndearnadh, arna gcur i Meastachán Forlíontach a cheadaigh Dáil Éireann an 25ú lá d'Iúil, 1956, iad a dheonadh leis an Acht Príomh-Chiste, 1957 , agus a leithreasú chun na críche sin leis an Acht Leithreasa, 1957 . |
[EN] |
Cúiteamh d'fhostaithe a scaoilfear lena seirbhísí nó a ndéanfar dochar dá gcoinníollacha. |
14. —(1) Aon uair a scoirfidh an Bord d'aon seirbhís iompair d'iarnród nó d'uisce-bhealach intíre a chur ar fáil nó a bhuanlaghdóidh sé an céanna nó aon uair a chuirfidh sé cumhacht diesel in ionad cumhachta gaile nó aon uair a dhéanfar ordú faoi alt 9 maidir le crosaire comhréidh sonraithe agus dá dhroim sin go dtarlóidh, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith, go scaoilfidh an Bord le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh áirithe don Bhord nó go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le hoifigeach nó seirbhíseach a bhí, ar dháta a dhíbhe nó a aistrithe, ar buanfhostaíocht nó a bhí, lasmuigh de chorr bhearna fostaíochta, ar fostú ag an mBord ar feadh iomlán na dtrí mblian roimhe sin. | |
[EN] | (3) Má scaoileann an Bord lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis arna ríomh de réir an Dara Sceidil. | |
[EN] | (4) Má aistrítear é go dtí post eile agus go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse, de réir bhrí ailt 37 d'Acht 1950, mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord, déanfaidh an Bord cnapshuim a mbeidh méid réasúnach inti a íoc de chúiteamh leis. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (a bhaineann le cinneadh cúitimh faoin Acht sin) maidir le cúiteamh faoin alt seo. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire le hordú cás ar bith a thabhairt faoi réim forálacha an ailt seo ar cás é ina dtarlóidh, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith, go scaoilfear le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh nó go n-aistreofar é go dtí post eile mar gheall ar iomarcacht de bharr aon scéime le haghaidh atheagrú agus oibriú níos tíobhasaí ar aon roinn den ghnóthas a bhainfidh le haon dream nó aicme oibrithe, agus féadfaidh le hordú aon ordú den sórt sin a leasú. | |
[EN] |
Deontais i leith cúitimh. |
15. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé deontais is cuí leis, i leith costas cúitimh faoi alt 14, a thabhairt don Bhord ó am go ham i rith aon bhliana airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] | (2) Más lú iomlán na ndeontas sin ná an méid a dheimhnigh iniúchóirí an Bhoird a bheith íoctha go cuí mar chúiteamh sa bhliain airgeadais sin, tabharfaidh an tAire don Bhord, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas ar cóimhéid leis an easnamh. | |
[EN] | (3) Más mó iomlán na ndeontas sin ná an méid a deimhníodh amhlaidh, féadfar, le toiliú an Aire, déileáil leis an mbarrachas mar dheontas i leith na céad bhliana airgeadais eile. | |
[EN] |
Srian le forálacha láithreacha cúitimh. |
16. —Ní bheidh feidhm ag alt 39 ná ag alt 40 d'Acht 1950 ná ag alt 4 d'Acht 1955, a dhéanann foráil le haghaidh cúitimh i gcásanna áirithe ina ndéanfar oifigigh agus seirbhísigh a dhíbhe nó a aistriú, maidir le duine a scaoilfear lena sheirbhísí nó a aistreofar go dtí post eile tar éis dáta an Achta seo a rith. |
[EN] |
Tuairisceáin maidir le cúiteamh. |
17. —(1) Tabharfaidh an Bord don Aire roimh an 1ú lá de Shamhain gach bliain, meastachán ar a chaiteachas i leith cúitimh faoi alt 14 gach ráithe den bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin. |
[EN] | (2) Tabharfaidh an Bord don Aire, ag deireadh gach ráithe gach bliain airgeadais, tuairisceán, i cibé foirm a ordóidh an tAire, ina dtaispeáinfear an méid cúitimh a híocadh an ráithe sin. | |
[EN] | (3) Tabharfaidh an Bord don Aire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, tuairisceán, i cibé foirm a ordóidh an tAire, agus é deimhnithe ag iniúchóirí an Bhoird, ina dtaispeáinfear an méid cúitimh a híocadh an bhliain sin. | |
[EN] |
Alt 44 d'Acht 1950 a leasú. |
18. —Leasaítear leis seo fo-alt (8) d'alt 44 (a bhaineann le scéimeanna aoisliúntais) d'Acht 1950 trí “nó faoi alt 45 den Acht sin” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 44 d'Acht 1944”. |