|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IOMPAIR, 1958) | Ar Aghaidh (CUID II. Cumhachtaí agus Dualgais Ghinearálta an Bhoird.) |
AN tACHT IOMPAIR, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Iompair, 1958 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1955” an tAcht Iompair, 1955 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Cosaint do chearta an Aire Poist agus Teileagrafa. |
3. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir do chearta an Aire Poist agus Teileagrafa faoi aon achtachán a bhaineann le litir-phost nó beart-phost a iompar d'iarnród. |
[EN] |
Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
4. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin. |
[EN] |
Caiteachais. |
5. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Athghairm. |
6. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún. |