An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (INFHEISTÍOCHT ÓN gCOIGRÍCH A GHRÍOSADH), 1958) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Gnó Díolmhaithe 1932 maidir le Próis Mhonaraíochta Airithe a Sheoladh.)

16 1958

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (INFHEISTÍOCHT ÓN gCOIGRÍCH A GHRÍOSADH), 1958

AN CHEAD SCEIDEAL.

Cuideachtana Cáilithe agus Gnóthaí Cáilithe.

Alt 5 (1) (d) agus (e).

Cuid I.

Cuideachtana Cáilithe.

1. (1) Chun críocha Coda I den Sceideal seo (lena n-áirítear fo-mhír (2) den mhír seo), beidh cuideachta ina cuideachta shealbhaíochta cháilithe (A) tráth áirithe má chomhlíonann sí an tráth sin an dá choinníoll seo a leanas—

(a) go bhfuil a scaireanna eisithe, suas go dtí méid is mó ná a leath (luach ainmniúil) ar únaeracht thairbhiúil an tráth sin ag daoine is daoine cáilithe (Acht 1934) an tráth sin, agus

(b) go bhfuil dhá dtrian ar a laghad (luach ainmniúil) de gach aicme dá scaireanna eisithe lena ngabhann cearta vótála (pé acu cinn láithreacha iad nó cinn a bheas ann in imthosca áirithe) ar únaeracht thairbhiúil an tráth sin ag daoine is daoine cáilithe (Acht 1934) an tráth sin.

(2) Chun críocha Coda I den Sceideal seo, beidh cuideachta ina cuideachta shealbhaíochta cháilithe (B) tráth áirithe má chomhlíonann sí an tráth sin an dá choinníoll seo a leanas—

(a) go bhfuil a scaireanna eisithe, suas go dtí méid is mó ná a leath (luach ainmniúil), ar únaeracht thairbhiúil an tráth sin ag duine arb éard é, nó ag beirt daoine nó níos mó arb éard gach duine acu, an tráth sin, duine cáilithe (Acht 1934) nó cuideachta arb éard í an tráth sin cuideachta shealbhaíochta cháilithe (A), agus

(b) go bhfuil dhá dtrian ar a laghad (luach ainmniúil) de gach aicme dá scaireanna eisithe lena ngabhann cearta vótála (pé acu cinn láithreacha iad nó cinn a bheas ann in imthosca áirithe) ar únaeracht thairbhiúil an tráth sin ag duine arb éard é, nó ag beirt daoine nó níos mó arb éard gach duine acu, an tráth sin, duine cáilithe (Acht 1934) nó cuideachta arb éard í an tráth sin cuideachta shealbhaíochta cháilithe (A).

2. Faoi réir míre 3 den Sceideal seo, beidh cuideachta, chun críocha míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, ina cuideachta cháilithe tráth áirithe má chomhlíonann sí an tráth sin na coinníollacha seo a leanas go léir—

(a) go bhfuil a scaireanna eisithe an tráth sin, suas go dtí méid is mó ná a leath (luach ainmniúil), ar únaeracht thairbhiúil ag duine arb éard é, nó ag beirt daoine nó níos mó arb éard gach duine acu, an tráth sin, duine cáilithe (Acht 1934) nó cuideachta arb éard í an tráth sin cuideachta shealbhaíochta cháilithe (A) nó cuideachta shealbhaíochta cháilithe (B); agus

(b) go bhfuil dhá dtrian ar a laghad (luach ainmniúil), de gach aicme dá scaireanna eisithe lena ngabhann cearta vótála (pé acu cinn láithreacha iad nó cinn a bheas ann in imthosca áirithe) ar únaeracht thairbhiúil an tráth sin ag duine arb éard é, nó ag beirt daoine nó níos mó arb éard gach duine acu, an tráth sin, duine cáilithe (Acht 1934) nó cuideachta arb éard í an tráth sin cuideachta shealbhaíochta cháilithe (A) nó cuideachta shealbhaíochta cháilithe (B); agus

(c) gurb éard iad tromlach a stiúrthóirí (seachas stiúrthóir bainistí a thugas iomlán a chuid ama dá dhualgais sa cháil sin agus nach duine cáilithe (Acht 1932)) daoine is daoine cáilithe (Acht 1932) an tráth sin.

3. (1) An lá ceaptha agus dá éis, ní bheidh cuideachta, tráth áirithe, ina cuideachta cháilithe chun críocha míre (d) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, muran rud é, i dteannta na gcoinníollacha uile a sonraítear i mír 2 den Sceideal seo a chomhlíonadh, nach lú an tráth sin a scair-chaipiteal íoctha ná leath na suime seo a leanas, eadhon, an méid is fiú an tráth sin na sócmhainní fosaidh a bheas á n-úsáid an tráth sin ina gnó nó costas bunaidh na sócmhainní sin, pé acu is lú, tar éis na méideanna seo a leanas a bhaint as an gcéanna—

(a) méid aon deontais a tugadh di as airgead a sholáthraigh an tOireachtas nó aon chomhlacht a bunaíodh le haon achtachán nó faoi,

(b) méid a cúltacaí sa mhéid gur as brabúis a soláthraíodh iad,

(c) aon mhéideanna atá dlite uaithi i leith comhaontuithe fruilcheannaigh, do réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946 ( Uimh. 16 de 1946 ), in aghaidh tréimhsí nach sia ná cúig bliana,

(d) méid aon iasachtaí a bheas gan aisíoc an tráth sin agus a tugadh di agus a dtug an tAire ráthaíocht ina leith,

(e) méid aon iasachtaí a bheas gan aisíoc an tráth sin agus a fuair sí ó shaoránaigh nó ó chuideachtana Éireannacha a bheas an tráth sin, díolmhaithe ó oibriú ailt 9 d'Acht 1934, arna leasú le halt 5 den Acht seo, de bhuaidh míre (d), (e), nó (f) d'fho-alt (1) den alt sin 5, agus

(f) méid aon iasachtaí a bheas gan aisíoc an tráth sin agus a fuair sí ón gCuideachta Chairde Tionscail, Teoranta, nó ar ráthaigh an Chuideachta sin a n-aisíoc.

(2) (a) Más rud é—

(i) go mbeidh, tráth áirithe, aon scaireanna le cuideachta ar seilbh ag cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta shealbhaíochta sa chlásal seo) is cuideachta shealbhaíochta cháilithe (A) nó cuideachta shealbhaíochta cháilithe (B) an tráth sin, agus

(ii) gur mó luach ainmniúil na scaireanna sin ná an méid a bheas íoctha an tráth sin de scairchaipiteal na cuideachtan sealbhaíochta,

ansin, chun críocha fo-mhíre (1) den mhír seo, ní háireofar an bhreis nuair a bheas a mbeidh íoctha an tráth sin de scair-chaipiteal na cuideachtan céadluaite á ríomh.

(b) Más rud é—

(i) go mbeidh, tráth áirithe, aon scaireanna le cuideachta is cuideachta shealbhaíochta cháilithe (B) an tráth sin i seilbh chuideachta is cuideachta shealbhaíochta cháilithe (A) an tráth sin, agus

(ii) gur mó luach ainmniúil na scaireanna sin ná an méid a bheasíoctha an tráth sin de scair-chaipiteal na cuideachtan sealbhaíochta cáilithe (A) sin,

ansin, chun críocha clásail (a) den fho-mhír seo, ní háireofar an bhreis nuair a bheas scair-chaipiteal íoctha na cuideachtan sealbhaíochta cáilithe (B) sin á ríomh.

Cuid II.

Gnóthaí Cáilithe.

4. Chun críocha míre (e) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, beidh gnó ina ghnó cáilithe tráth áirithe má chomhlíonann sé an tráth sin an dá choinníoll seo a leanas—

(a) go raibh sé, an 2ú lá d'Iúil, 1934, ar únaeracht ag cuideachta a raibh níos mó ná leath (luach ainmniúil) a scaireanna eisithe ar únaeracht thairbhiúil, an 2ú lá d'Iúil, 1934, ag duine arbh éard é, nó ag beirt daoine nó níos mó arbh éard gach duine acu, an 2ú lá d'Iúil, 1934, duine cáilithe (Acht 1932) nó cuideachta a raibh níos mó ná leath (luach ainmniúil) a scaireanna eisithe ar únaeracht thairbhiúil, an 2ú lá d'Iúil, 1934, ag daoine ar dhaoine cáilithe (Acht 1932) iad an 2ú lá d'Iúil, 1934, agus

(b) go bhfuil sé an tráth sin ar únaeracht ag cuideachta a bhfuil níos mó ná leath a scaireanna eisithe (luach ainmniúil) ar únaeracht thairbhiúil ag duine arb éard é, nó ag beirt daoine nó níos mó arb éard gach duine acu, an tráth sin, duine cáilithe (Acht 1932) nó cuideachta a bhfuil níos mó ná leath (luach ainmniúil) a scaireanna eisithe ar únaeracht thairbhiúil, an tráth sin, ag daoine cáilithe (Acht 1932).

Cuid III.

Forála d'fhorlíonadh Coda I agus II.

5. Beidh feidhm chun críocha Coda I agus II den Sceideal seo ag na forála atá leagtha amach sna míreanna ina dhiaidh seo den Sceideal seo.

6. Má éagann pearsa ar duine cáilithe (Acht 1932) nó duine cáilithe (Acht 1934) é agus go raibh sé tráth a bháis ina únaer tairbhiúil ar aon scaireanna i gcuideachta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) measfar, nó go ndeonfar probháid a uachta nó litreacha riaracháin a eastáit phearsanta, go leanann na scaireanna sin, má ba dhuine cáilithe (Acht 1932) é, ar únaeracht thairbhiúil dhuine cháilithe (Acht 1932) nó, má ba dhuine cáilithe (Acht 1934) é, ar únaeracht thairbhiúil dhuine cháilithe (Acht 1934),

(b) nuair a bheas an deonadh sin déanta, ansin, an té is ionadaí pearsanta na pearsan sin de thuras na huaire, measfar, an fhad agus bheas seisean i dteideal na scaireanna sin ina cháil ionadach—

(i) gurb é únaer tairbhiúil na scaireanna sin é, agus

(ii) má ba dhuine cáilithe (Acht 1932) an phearsa sin agus nach ea an t-ionadaí pearsanta sin—gur duine cáilithe (Acht 1932) é,

(iii) má ba dhuine cáilithe (Acht 1934) an phearsa sin agus nach ea an t-ionadaí pearsanta sin—gur duine cáilithe (Acht 1934) é.

7. Más rud é—

(a) go ndéanfaidh féimheach de phearsa ar duine cáilithe (Acht 1932) nó duine cáilithe (Acht 1934) é nó, d'eile, go mbeidh comhshocraíocht idir é agus a chreidiúnaithe, agus

(b) go raibh an phearsa sin le linn a fhéimheachta nó a chomhshocraíochta ina únaer tairbhiúil ar aon scaireanna i gcuideachta, agus

(c) go ndílseofar a leas sna scaireanna sin ina shannaí i bhféimheacht nó in iontaobhaí d'eastát na pearsan sin, ansin, an fhad a bheas an leas sin dílsithe amhlaidh,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) measfar na scaireanna sin a bheith ar únaeracht thairbhiúil ag an sannaí nó ag an iontaobhaí sin,

(ii) más duine cáilithe (Acht 1932) an phearsa sin agus nach ea an sannaí nó an t-iontaobhaí sin— measfar gur duine cáilithe (Acht 1932) an sannaí nó an t-iontaobhaí sin,

(iii) más duine cáilithe an phearsa sin agus nach ea an sannaí nó an t-iontaobhaí sin—measfar gur duine cáilithe (Acht 1934) an sannaí nó an t-iontaobhaí sin.

8. (1) I gcás teideal a bheith de thuras na huaire ag duine chun an ioncaim ó aon scaireanna a bheas ag iontaobhaí i gcuideachta, measfar, an fhad a leanfas an duine sin de theideal a bheith aige chun an ioncaim sin, gurb é únaer tairbhiúil na scaireanna sin é.

(2) I gcás teideal a bheith de thuras na huaire ag gach duine de bheirt daoine nó níos mó chun coda cionúire den ioncam ó scaireanna i gcuideachta nó ó na scaireanna sin agus ó mhaoin eile a bheas ag iontaobhaí, ansin, an fhad a leanfas gach duine acu sin de theideal a bheith aige chun cionúireachta den ioncam sin, measfar gur únaer tairbhiúil ó ar chionúireacht chomhréire de na scaireanna sin.

9. Má haistrítear scaireanna eisithe cuideachtan chun bainc, ar comhlacht corpraithe é, ar mhodh urrúis i leith airleacain, agus go gclárófar an banc sin mar únaer na scaireanna sin sa chlár de scair-shealbhóirí na cuideachtan sin, ní measfar an t-aistriú agus an clárú sin d'oibriú chun únaeracht na scaireanna sin d'aistriú chun an bhainc sin.

10. Aon uair a scoirfeas scaireanna eisithe cuideachtan de bheith i seilbh sa tslí a luaitear i mír 2 nó 4 den Sceideal seo, measfar, chun críocha na míre sin, na scaireanna sin do leanúint de bheith i seilbh do réir na míre sin ar feadh tréimhse sé mhí tar éis dóibh scor de bheith i seilbh iarbhír amhlaidh.