An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958) Ar Aghaidh (CUID II. Cumhachtaí Ilghnéitheacha leis an Aire.)

15 1958

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1958, a ghairm de na hAchta Iascaigh, 1842 go 1956, agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin ailt 4, 6, 9 go 18, 23, 24, 28 go 30 agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal) i ngníomh láithreach ar é a bheith rite.

(2) Tiocfaidh na forála seo a leanas den Acht seo, eadhon, ailt 4, 6, 9 go 18 agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal i ngníomh an 1ú lá de Nollaig, 1958.

(3) Tiocfaidh na forála seo a leanas den Acht seo, eadhon, ailt 23, 24 agus 28 go 30 i ngníomh pé lá nó laethanta a socrófar chuige sin le hordú ón Aire i gcoitinne nó maidir le haon fhoráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh i gcóir forál éagsúla den tsórt sin.

Léiriú i gcoitinne.

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “na hAchta”na hAchta Iascaigh, 1842 go 1956;

ciallaíonn an abairt “Acht 1848”an Fisheries (Ireland) Act, 1848;

ciallaíonn an abairt “Acht 1850”an Fisheries (Ireland) Act, 1850;

ciallaíonn an abairt “Acht 1925”an t Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1934”an t Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1939”an t Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) :

ciallaíonn an abairt “an tAire”an tAire Tailte;

ciallaíonn an abairt “bliain thoghcháin”an bhliain 1958 agus gach tríú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas iascaireachta”ceadúnas iascaireachta arna eisiúint faoi Chaibidil I de Chuid V den Acht seo;

ciallaíonn an abairt “dleacht ghnáth-cheadúnais”an dleacht is iníoctha faoi Chaibidil I de Chuid V den Acht seo ar ghnáthcheadúnas iascaireachta;

ciallaíonn an abairt “ceadúnas iascaireachta oisrí”ceadúnas iascaireachta arna eisiúint faoi Chuid IX den Acht seo;

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán”ceadúnas chun bradáin d'iascach le slait agus ruaim;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán”gnáthcheadúnas iascaireachta chun bradáin d'iascach le slait agus ruaim;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán” gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse bliana agus a bheidh ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantair) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse bliana agus a bheidh ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán (Límistéar an Fheabhail)”ceadúnas slaite bradán arna eisiúint de bhun rialachán faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952) , agus a bheidh bailí go ceann bliana;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán” gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse seacht lá;

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse lae agus fiche;

ciallaíonn an abairt “inneall sceidealta”inneall den tsórt a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

tá leis an abairt “ceadúnas áitiúil speisialta”an bhrí a bheirtear dó le hAcht 1934;

ciallaíonn an abairt “uiscí taoide speisialta”aon uiscí taoide a bhfuil ordú, arna dhéanamh faoi alt 2 d'Acht 1934, i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

(3) San Acht seo, forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

Athghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.