9 1958


Uimhir 9 de 1958.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLA, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, CHUN DEIREADH A CHUR LE hAMHRAIS MAIDIR LE FEIDHM AILT 23 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941 , ARNA LEASÚ LE hALT 24 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955 , AGUS LEIS AN ORDÚ RIALTAIS ÁITIÚIL (TORAINN AOISE OIFIGEACH), 1957, AGUS MAIDIR LE DAOINE ÁIRITHE DO SCOR DE BHEITH I SEILBH OIFIGE AGUS CHUN ACHTACHÁIN ÁIRITHE D'ATHGHAIRM. [22 Aibreán, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “alt na tórann aoise” alt 23 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), arna leasú le halt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ( Uimh. 9 de 1955 );

ciallaíonn “ordú na tórann aoise” an tOrdú Rialtais Áitiúil (Tórainn Aoise Oifigeach), 1957 (I. R. Uimh. 140 de 1957);

ciallaíonn “na hoifigí iomchuí”—

(a) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Chorcaighe;

(b) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Bhaile Atha Cliath;

(c) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Luimnigh;

(d) oifig Bhainisteora Chathrach agus Bhaile-Chléirigh Phortláirge;

(e) oifig chontae-bhainisteora do chontae faoin Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) .

Deireadh a chur le hamhrais.

2. —(1) D'fhonn deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo mar leanas:

(a) baineann alt na tórann aoise agus, i gcaitheamh na tréimhse a thosnaigh an lá a rinneadh an t-ordú tórann aoise agus a chríochnaigh ar dháta an Achta seo a rith, bhain sé leis na hoifigí iomchuí agus le sealbhóirí na n-oifigí sin,

(b) baineann ordú na tórann aoise agus, i gcaitheamh na tréimhse a thosnaigh an lá a tháinig an t-ordú sin i bhfeidhm agus a chríochnaigh ar dháta an Achta seo a rith, bhain sé leis na hoifigí iomchuí agus le sealbhóirí na n-oifigí sin, agus

(c) maidir leis na sealbhóirí a bhí, an lá a thaínig ordú na tórann aoise i bhfeidhm, i seilbh na n-oifigí iomchuí—

(i) i gcás sealbhóra a bhí, an lá sin, níos sine ná cúig bliana seascad d'aois, scoir sé d'oifig a shealbhú an lá sin, agus

(ii) in aon chás eile, má shroicheann an sealbhóir cúig bliana seascad d'aois, scoirfidh sé d'oifig a shealbhú an lá a shroichfeas sé an aois sin.

(2) Nuair a beifear ag cur fo-mhíre (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo i mbaint le sealbhóir oifige tráth a bheas ordú na tórann aoise arna leasú maidir leis an oifig sin nó arna chúlghairm go hiomlán nó maidir leis an oifig sin, déanfar an tagairt sa bhfo-mhír sin do chúig bliana seascad d'aois d'fhorléiriú mar thagairt d'aon aois a bheas arna foráil an tráth sin mar thórainn aoise don oifig sin le hordú faoi alt na tórann aoise.

Athghairm.

3. —(1) Athghairmtear leis seo na fo-ailt seo a leanas:—

(a) fo-alt (4) d'alt 10 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ),

(b) fo-alt (4) d'alt 53 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ,

(c) fo-alt (3) d'alt 14 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 ( Uimh. 35 de 1934 ),

(d) fo-alt (3) d'alt 13 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 ( Uimh. 25 de 1939 ), agus

(e) fo-alt (1) d'alt 5 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ).

(2) Measfar go dtáinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá a rinneadh ordú na tórann aoise.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1958, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1955, agus den Acht seo le chéile.