Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

7 1958


Uimhir 7 de 1958.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT CHUN DLEACHTA D'FHORCHUR GO PRÁINNEACH, 1932, AGUS ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT D'FHORCHUR DLEACHT, 1957 . [2 Aibreán, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Ordaithe a dhaingniú.

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

(2) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 (Uimh. 7 de 1957) .

(3) Na sonraí a luaitear sa chéad cholún agus sa tríú colún, faoi seach, den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun go mb'usaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad d'aithint, agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht (Orduithe a Dhaingniú), 1958 , a ghairm den Acht seo.