An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT PRAGHSANNA, 1958) Ar Aghaidh (CUID II. Coistí Comhairlitheacha Praghsanna.)

4 1958

AN tACHT PRAGHSANNA, 1958

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Praghsanna, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Mínithe i gcoitinne.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1953” an t Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 (Uimh. 14 de 1953) ;

ciallaíonn “Coiste Comhairlitheach” Coiste Comhairlitheach Praghsanna arna bhunú faoi alt 9 den Acht seo;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh ina oifigeach údaraithe faoi alt 23 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

tá le “cleachtais srianta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1953.

Forléiriú tagairtí d'earra a dhíol agus do sheirbhís a dhéanamh.

3. —San Acht seo—

forléireofar tagairt d'earra a dhíol mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun earra a dhíol nó tairiscint a lorg chun earra a cheannach;

forléireofar tagairt do sheirbhís a dhéanamh mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun seirbhís a dhéanamh nó tairiscint a lorg i leith seirbhís a dhéanamh;

forléireofar tagairt do thairiscint chun earra a dhíol mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhógra ó dhuine i dtaobh an phraghais a bheidh beartaithe aige i leith earra a dhíol arna thabhairt trí phraghas-liosta a fhoilsiú nó tríd an earra a thaispeáint le díol agus marc ag lua an phraghas ag gabháil leis nó trí choinníoll a lua nó eile;

forléireofar tagairt do thairiscint chun seirbhís a dhéanamh mar lua ar thagairt d'fhógra ó dhuine i dtaobh na táille a bheidh beartaithe aige i leith a déanta arna thabhairt trí liosta táillí a fhoilsiú nó trí choinníoll a lua nó eile.

Comhaontuithe fruilcheannaigh.

4. —Chun críocha an Achta seo, measfar gur comhaontú díola comhaontú fruilcheannaigh do réir bhrí ailt 1 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (Uimh. 16 de 1946) , agus measfar go ndearnadh an díol an dáta a rinneadh an comhaontú.

Srian ar Acht.

5. —Ní bhaineann an tAcht seo le aon cheann acu seo a leanas—

(a) gníomhachtaí a sheolann Aire Stáit, údarás áitiúil do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), coiste gairm-oideachais, gnóthas iompair d'iarnród, de bhóthar, d'aer nó d'uisce nó údarás cuain nó a seoltar thar ceann aon ar bith acu sin;

(b) praghsanna earraí (seachas arán nó bainne) a ndéantar nó a bhféadfaí na praghsanna orthu a rialú, a rialáil nó a shonrú faoin aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin nó i gcomhlíonadh aon dualgais reachtúil;

(c) táillí i leith seirbhísí a ndéantar nó a bhféadfaí na táillí ina leith a rialú, a rialáil nó a shonrú faoi aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin nó i gcomhlíonadh aon dualgais reachtúil;

(d) praghsanna a híoctar le táirgeoirí, nó a gheibheann déileálaithe i monarchana, ar tháirgí príomha talmhaíochta (lena n-áirítear uibhe, éanlaithe clóis, bainne agus táirgí bainne) agus ar tháirgí garnóireachta;

(e) táillí i leith inseamnaithe shaorga;

(f) praghsanna éisc as an mbád agus idirbhearta uile an Bhoird Iascaigh Mhara;

(g) táillí i leith seirbhísí ar seirbhísí gairmiúla go hiomlán iad;

(h) táillí i leith seirbhísí a tugtar i ndáil le bancaeracht nó árachas;

(i) praghsanna earraí a díoltar le honnmhuiriú nó a honnmhuirítear le díol;

(j) táillí i leith seirbhísí a tugtar lasmuigh den Stát.

Orduithe a leagadh faoi bhráid Titho an Oireachtais.

6. —Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas nó an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Caiteachais.

7. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo.

Athghairm.

8. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.