|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leas.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Cionta, Pionóis agus Imeachta Dlí.) |
AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Riarachán. | |
[EN] |
Comhairle Chomhairlitheach. |
24. —(1) Beidh comhairle ann ar a mbeidh cathaoirleach agus aon ghnáth-chomhalta déag ar a mhéid (dá ngairmtear an Chomhairle Chomhairlitheach san Acht seo) chun na feidhmeanna a bheirtear di leis an alt seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach breithniú, agus bhéarfaid comhairle don Aire i dtaobh aon nithe a tharlós de dhroim nó i leith an Achta seo a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear aon tograí ón Aire chun aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú nó a chúlghairm faoin Acht seo) agus a tharchuirfeas an tAire chun na Comhairle. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, do réir mar mheasfaid is gá ó am go ham, an tAire a chomhairliú ar na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) an riachtanas atá le haon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo, | |
[EN] | (b) nithe a bhaineas le forála an Achta seo nó orduithe nó rialacháin faoin Acht seo a chur i bhfeidhm. | |
[EN] | (4) Is é an tAire a cheapfas Cathaoirleach agus gnáth-chomhaltaí na Comhairle Comhairlithí. | |
[EN] | (5) Déanfar an chéad cheapachán acu sin a luaithe is féidir é tar éis an tAcht seo a rith agus déanfar ceapacháin dá éis sin ó am go ham do réir mar is gá. | |
[EN] | (6) Beidh ar na daoine a cheapfas an tAire chun bheith ina ngnáth-chomhaltaí den Chomhairle Chomhairlitheach daoine ó eagrais d'fhostaithe, ó eagrais d'fhostóirí agus ó údaráis sláintíochta. | |
[EN] | (7) Beidh Cathaoirleach agus gnáth-chomhaltaí na Comhairle Comhairlithí i seilbh oifige go ceann pé tréimhse a chinnfeas an tAire. | |
[EN] | (8) Féadfar pé luach saothair agus liúntas i leith caiteachais a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais d'íoc le cathaoirleach na Comhairle Comhairlithí. | |
[EN] | (9) Ar an gComhairle Chomhairlitheach dá iarraidh sin agus ar an Aire do thoiliú leis, féadfaidh cigire is oifigeach don Aire freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach chun aon eolas a thabhairt a iarrfas an Chomhairle Chomhairlitheach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh. | |
[EN] | (10) Ar an gComhairle Chomhairlitheach dá iarraidh sin agus ar údarás sláintíochta do thoiliú leis, féadfaidh oifigeach a ainmneos an t-údarás sláintíochta sin freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach chun aon eolas a thabhairt a iarrfas an Chomhairle Chomhairlitheach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh. | |
[EN] |
Údarás forfheidhmiúcháin. |
25. —Is é a chuirfeas forála an Achta seo i bhfeidhm— |
[EN] | (a) i gcás oifigí atá ar áitiú ag an Stát—an tAire, | |
[EN] | (b) i gcás oifigí in áiteanna lena mbaineann an tAcht Monarchan, 1955 (Uimh. 10 de 1955) ,—an t-údarás sláintíochta maidir le halt 13, agus an tAire maidir le forála eile an Achta seo, | |
[EN] | (c) i ngach cás eile—an t-údarás sláintíochta, | |
[EN] | agus forléireofar “údarás forfheidhmiúcháin” dá réir sin. | |
[EN] |
Deimhnithe díolúine. |
26. —(1) Féadfaidh údarás forfheidhmiúcháin, le deimhniú, díolúine a thabhairt ó gach ceann nó aon cheann d'fhorála an Achta seo nó rialachán faoi d'aon áitreabh arb é, agus a mhéid arb é, an t-údarás forfheidhmiúcháin é ina leith. |
[EN] | (2) Ní deonfar deimhniú in aghaidh tréimhse is sia ná dhá bhliain, ach féadfar é d'athnuachan go ceann tréimhse eile, nach sia ná bliain. | |
[EN] | (3) Féadfar coinníollacha a chur le deimhniú a dheonadh nó d'athnuachan. | |
[EN] |
Cigirí. |
27. —(1) Féadfaidh údarás forfheidhmiúcháin a údarú d'aon duine dá oifigigh nó do dhuine oiriúnach eile gníomhú mar chigire chun críocha feidhmeanna an údaráis fhorfheidhmiúcháin sin faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Aon chigire atá arna cheapadh ag an Aire faoin Acht Monarchan, 1955 (Uimh. 10 de 1955) , is cigire é chun críocha an Achta seo. | |
[EN] |
Cumhachta cigirí. |
28. —(1) Beidh ag cigire, chun an tAcht seo d'fhorghníomhú, cumhacht chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá— |
[EN] | (a) dul isteach in oifig agus i ngach cuid di agus í d'iniúchadh agus a scrúdú gach tráth réasúnach, de ló agus d'oíche, nuair a bheas cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil aon duine ar fostú inti, agus dul isteach de ló in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur oifig é agus in aon chuid d'aon fhoirgneamh ar oifig cuid de agus a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil ábhair phléascacha nó sárlasúla ar stór nó á n-úsáid ann; | |
[EN] | (b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má tá cúis réasúnach amhrais aige go gcuirfear aon an-chosc air ag déanamh a dhualgais dó; | |
[EN] | (c) a cheangal go dtabharfar ar aird aon doiciméid is gá a choimeád de bhun rialachán faoin Acht seo, agus aon cheann acu d'iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh dhe; | |
[EN] | (d) pé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forála an Achta seo, agus na n-achtachán atá de thuras na huaire i bhfeidhm maidir le sláinte phoiblí, á gcomhlíonadh, chomh fhada is bhaineas le hoifig agus le haon daoine a fostaítear in oifig; | |
[EN] | (e) a cheangal ar aon duine a gheobhas sé in oifig agus a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil sé ar fostú san oifig pé eolas a thabhairt atá ar a chumas a thabhairt i dtaobh cé hé áititheoir na hoifige; | |
[EN] | (f) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair aon duine eile, do réir mar is oiriúnach leis, maidir le nithe faoin Acht seo, ar gach duine a gheobhas sé in oifig, nó a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur duine é atá, nó a bhí laistigh den dá mhí roimhe sin, ar fostú in oifig, agus a cheangal ar gach duine den tsaghas sin dul faoi scrúdú amhlaidh agus dearbhú a shíniú ar fhírinne na nithe ar scrúdaíodh amhlaidh é ina dtaobh; | |
[EN] | (g) pé cumhachta eile d'fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht. | |
[EN] | (2) Ní ceanglófar ar aon duine, de bhuaidh míre (f) d'fho-alt (1), aon cheist d'fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a raghadh chun a inchoirithe féin. | |
[EN] | (3) Bhéarfaidh áititheoir gach oifige, a ghníomhairí agus a sheirbhísigh, do chigire deiseanna, mar cheanglós sé agus mar bheas riachtanach le haghaidh aon dul isteach, iniúchadh, scrúdú, fiosrú, nó aon chumhachta eile faoin Acht seo, maidir leis an oifig sin. | |
[EN] | (4) Má chuireann aon duine moill go toiliúil ar chigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó má mhainníonn sé déanamh do réir ceanglais chigire de bhun an ailt seo, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a ceanglófar air a thabhairt ar aird de bhun rialachán faoin Acht seo, nó má dhéanann sé go toiliúil aon eolas, i dtaobh cé hé áititheoir aon oifige, a choimeád siar nó aon duine a cheilt nó a bhac, nó iarracht a thabhairt ar é a cheilt nó a bhac, chun nach dtiocfaidh sé i láthair chigire nó nach raghaidh faoi scrúdú aige, measfar an duine sin do chur coisc ar chigire agus é ag feidhmiú a dhualgas faoin Acht seo. | |
[EN] | (5) Má coisctear cigire agus é ag feidhmiú a chumhacht nó a dhualgas faoin Acht seo— | |
[EN] | (a) más in oifig a coiscfear é, beidh an t-áititheoir, agus freisin, murarb é an t-áititheoir féin a choisc an cigire an duine a choisc an cigire, ciontach i gcion, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, beidh an duine a choisc an cigire ciontach i gcion. | |
[EN] |
Deimhniú údaráis chun gníomhú mar chigire. |
29. —Bhéarfar do gach cigire deimhniú ar a údarás chun gníomhú mar chigire, agus ar é d'fhiosrú oifige nó áite lena mbaineann aon cheann d'fhorála an Achta seo, déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile ag a bhfuil post freagarthach bainistíochta san oifig nó san áit. |
[EN] |
Forála maidir le rialacháin, orduithe agus deimhnithe ón Aire. |
30. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. |
[EN] | (2) Sara ndéana an tAire aon orduithe nó rialacháin faoin Acht seo, tarchuirfidh sé a thograí chun na Comhairle Comhairlithí. | |
[EN] | (3) Féadfar aon rialacháin ón Aire faoin Acht seo a dhéanamh le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a dtréimhse agus faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire, agus féadfaidh pé forála forlíontacha agus iarmartacha a bheith sna rialacháin is dóigh leis is gá le lán-éifeacht a thabhairt do na rialacháin agus féadfar, ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráiteach san Acht seo, na rialacháin d'athrú nó a chúlghairm le rialacháin ina dhiaidh sin a déanfar amhail mar a rinneadh na rialacháin bhunaidh. | |
[EN] | (4) Ach amháin mar foráltar a mhalairt, aon deimhniú a eiseos údarás forfheidhmiúcháin faoin Acht seo, féadfar é d'eisiúint le haghaidh tréimhse tóranta nó gan aon tórainn ar a thréimhse, agus féadfaidh an t-údarás forfheidhmiúcháin é d'athrú nó a chúlghairm. |