An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Sábháltacht.)

3 1958

AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958

CUID II.

Sláinte.

Glaineacht.

8. —(1) Coimeádfar gach oifig glan agus, gan dochar don fhoráil sin roimhe seo—

(a) déanfar salachar, cosamar, dramh agus iarmhar ceirde a ghlanadh gach lá, ar mhodh oiriúnach, as na seomraí, de na staighrí agus as na pásáistí uile,

(b) déanfar na hurláir a ghlanadh uair amháin ar a laghad sa tseachtain trína ní nó, más modh éifeachtach oiriúnach é, trína scuabadh nó ar chuma eile.

(2) Nuair a beifear, tráth a bheas obair ar siúl, ag comhlíonadh ceanglas fo-ailt (1), úsáidfear, a mhéid is féidir sin go réasúnach, modhanna nach n-ardóidh deannach.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh ag modhnú forál an ailt seo nó ag ordú tuilleadh ceanglas maidir le glaineacht agus, go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, ceanglas maidir le glanadh, péinteáil, aolní nó dath-ní ballaí inmheánacha, pairtín, síleál nó uachtar seomraí, agus ballaí, taobhanna agus uachtar pasáistí agus staighrí.

P ódú.

9. —(1) Ní bheidh oifig, le linn obair a bheith ar siúl, chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte na ndaoine a fostaítear inti.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1), measfar oifig a bheith chomh plódaithe sin gur baol dá dheasca díobháil a bhaint do shláinte daoine a fostaítear inti má bhíonn an líon daoine a bheas ar fostú san aon-am in aon tseomra chomh mór sin gur lú spás ciúbach in aghaidh gach duine a fostaítear sa seomra ná pé méid a bheas forordaithe i rialacháin a rinne an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige.

Teocht.

10. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, teocht réasúnach i ngach seomra, ach ní húsáidfear aon mhodh a bhéarfas go n-éalóidh isteach in aer aon tseomra an oiread sin agus an saghas sin múiche gur dóigh go ndéanfadh sí díobháil do dhaoine a fostaítear ann nó go mba chol leo í.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán teochta réasúnaí d'fhorordú d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige nó do choda díobh sin, agus toirmeasc a chur le húsáid aon mhodhanna chun teocht réasúnach a chothabháil is dóigh leis a dhéanfadh díobháil do na daoine ar fostú, agus féadfaidh a ordú go gcuirfear ar fáil agus go gcothabhálfar teomhéadair i pé áiteanna agus ionad a sonrófar.

Aerú.

11. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil oiriúnach chun gach seomra a leor-aerú agus a choimeád á leor-aerú trí aer úr a chur ag gluaiseacht ann agus chun séideáin dhíobhálacha a chosc.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-aerúcháin d'fhorordú d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige nó do choda díobh sin.

Soilsiú.

12. —(1) Déanfar socrú éifeachtúil chun go mbeidh, agus chun go gcothabhálfar, leor-sholas oiriúnach, aiceanta nó saorga, i ngach cuid d'oifig a mbíonn daoine ag obair ann nó ag gabháil tríd.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, caighdeán leor-shoilsiúcháin oiriúnaigh d'fhorordú d'oifigí, nó d'aon chineál nó sórt oifige, nó do choda díobh sin, nó d'aon tsórt obair chléireachais.

(3) Déanfar, chomh fada agus is féidir sin, gach fuinneog agus forléas gloine lena soilsítear seomraí a choimeád glan laistigh agus lasmuigh agus saor ó bhacainn.

(4) Ní dhéanfaidh fo-alt (3) den alt seo difir d'aolní, ná do scáthadh, fuinneog agus forléas d'fhonn teas nó greantacht a mhaolú ná d'úsáid réasúnach a dhéanamh de scáileáin chosanta nó scáileáin tréimhshoilseacha.

(5) Chomh fada agus is féidir é le réasún, déanfar socruithe ionas nach mbeidh—

(a) lonnracht an tsolais, ná

(b) scáthadh neamh-oiriúnach, ná

(c) foinsí solais nó ionaid oibre a bheith suite go míchórach,

ina chúis mhíchompóirte ná díobhála ó ghreantacht nó scalladh isteach i súile an oibrí.

Áiseanna sláintíochta.

13. —(1) Déanfar áiseanna sláintíochta a bheas leordhóthaineach agus oiriúnach do na daoine a fostaítear in oifig a chur ar fáil, a chothabháil agus a choimeád glan.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh a chinnfeas d'oifigí nó d'aon chineál nó sórt oifige cad atá leordhóthaineach agus oiriúnach chun críocha an ailt seo.

Seomraí neamhóiriúnacha.

14. —(1) Ní déanfar aon obair chléireachais in aon tseomra a ndeimhneoidh an t-údarás forfheidhmiúcháin go bhfuil sé neamhóiriúnach chuige sin maidir le déanamh, airde, solas nó aerú, nó ar aon fhoras sláinteachais, nó ar an bhforas nach bhfuil leor-dheis éaluithe ó thóiteán ag gabháil leis.

(2) I gcás ina ndeimhneoidh an t-údáras forfheidhmiúcháin faoi fho-alt (1) aon tseomra atá á úsáid a bheith neamhoiriúnach, fionróidh an t-údarás oibriú an deimhnithe go ceann pé tréimhse is dóigh leis an údarás a bheith réasúnach le go bhféadfar an seomra a dhéanamh oiriúnach nó go bhféadfaidh an t-áititheoir áitreabh eile d'fháil agus seirbheálfaidh an t-údarás cóip den deimhniú, agus fógra i dtaobh aon fhionraí air, ar an áititheoir agus ar an únaer.

(3) Má bhíonn an t-áititheoir nó an t-únaer míshásta le haon bhreith ón údarás forfheidhmiúcháin faoin alt seo—

(a) féadfaidh sé, laistigh de lá agus fiche ó dháta an deimhniú d'eisiúint, achomharc ar mhodh gearáin a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche,

(b) measfar, nó go ndéantar cinneadh críochnaitheach ar achomharc i gcoinne breithe faoi fho-alt (1) i gcás seomra atá á úsáid, nach bhfuil cion déanta i ndáil leis an bhfo-alt sin maidir leis an seomra lena mbaineann an t-achomharc,

(c) beidh breith na Cúirte ina ceangal i ngach cás ar an áititheoir, ar an únaer agus ar an údarás forfheidhmiúcháin.

Baint Choda VI d'Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 , le hoibrithe cléireachais.

15. —Bainfidh Cuid VI d'Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 (Uimh. 4 de 1938) , le daoine ar fostú le hobair chléireachais i siopa nó i ndáil le siopa, amhail is dá mba chun obair siopa a bhíodar fostaithe.

Rialacháin shláinte.

16. —(1) I gcás inar deimhin leis an Aire, maidir le haon ábhar, substaint, próis nó sórt oibre, a husáidtear in oifigí, gur de shaghas é go mba chúis fiontair díobhála é do shláinte daoine ar fostú nó d'aon aicme de na daoine sin, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, pé rialacháin a dhéanamh ar dóigh leis gur féidir, le réasún, déanamh dá réir agus a riarfadh ar riachtanais an cháis.

(2) I dteannta nithe eile a dhéanamh, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) toirmeasc a chur le fostú, nó modhnú nó tórainniú a dhéanamh ar uaire fostaíochta, gach duine nó aon aicme áirithe daoine i ndáil le haon phróis nó sórt oibre,

(b) úsáid agus stóráil aon ábhair nó substainte, nó úsáid aon phróise, a thoirmeasc, a thórainniú nó a rialú,

(c) aon fhorála den Acht seo a fhorchuireas ceanglais maidir le sláinte nó sábháltacht a mhodhnú i gcás aon chineál nó sórt oifige,

(d) dualgais d'fhorchur ar únaerí, daoine fostaithe agus daoine eile i dteannta a bhforchur ar áititheoirí.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo feidhm a bheith acu maidir le gach oifig ina n-úsáidtear an t-ábhar, an tsubstaint, an phróis nó an sórt oibre nó maidir le haon chineál nó sórt sonraithe oifige den tsórt sin agus féadfaidh foráil a bheith iontu chun aon chineál nó sórt sonraithe oifige a dhíolmhadh go hiomlán nó faoi réir coinníollacha.