An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) Ar Aghaidh (CUID III. Dleachta Báis.)

20 1957

AN tACHT AIRGEADAIS, 1957

CUID II.

Custaim agus Mál.

Tobac.

7. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1932” an t Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) ;

ciallaíonn “Acht 1956” an t Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) .

(2) Déanfar an dleacht chustam ar thobac, a forchuireadh le halt 20 d'Acht 1932, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid 1 den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 8 d'Acht 1956.

(3) Déanfar an dleacht mháil ar thobac, a forchuireadh le halt 19 d'Acht 1934, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 8 d'Acht 1956.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 d'Acht 1934, agus ag fo-alt (5) de faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, maidir le tobac is inchurtha faoi mhuirear na dleachta máil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin 19, do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus chun críche na feidhme sin forléireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3), (4) agus (5) den alt sin 19 de Chuid 1 den Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(5) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, is do réir cúig pingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac neamhmhonaraithe a luaitear í bhfo-alt (3) d'alt 20 d'Acht 1932, arna leasú le halt 18 d'Acht 1934, agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 d'Acht 1934.

(6) Is do réir dhá scilling déag agus deich bpingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), i gcás aon tobac den tsórt sin a dhíolfas aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfeas sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis.

(7) Maidir le tobac neamhmhonaraithe ag a mbeadh, d'éagmais an fho-ailt seo, teideal, de bhuaidh ailt 5 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , chun na rátaí fábhair dleacht custam a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , déanfar an dleacht chustam is inmhuirir air, ar é a sheachadadh as banna-stóras, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí i leith tobac neamh-mhonaraithe a sonraítear i gCuid III den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Tobac (dleacht mháil ar stoic áirithe).

8. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar na stoic tobac go léir de gach saghas a bheas, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, ar únaeracht nó ar seilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, dleacht mháil, is iníoctha ag an monaróir, do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) sa mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scillinge agus dhá phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) sa mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois), seachas tobac neamhmhonaraithe, na stoic, trí scillinge agus dhá phingin ar gach punt meáchain de thobac neamh-mhonaraithe as a bhfuarthas na stoic dar leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíni, todóga agus snaois, seachas snaois chosamair) a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic agus—

(i) nár thoradh é ar aon oibríocht a rinne monaróir ar bith a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige an uair sin; nó

(ii) go raibh sé ar seilbh an uair sin mar stoc mionreaca in áitreabh a bhí á úsáid chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an uair sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic más rud é go raibh sé, i ngnáthchúrsa gnótha an duine a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige nó ar bealach chuige, le cur faoi phróis éigin eile fós (seachas pacáil) sara ndíolfadh sé é.

(3) Bhéarfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, tráth nach déanaí ná an 15ú lá de Bhealtaine, 1957, tuairisceán do na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfoirm a cheadóid, ag tabhairt pé eolais dóibh a iarrfaid sa bhfoirm sin agus, go háirithe, ag insint na gcainníochtaí tobac de gach saghas, do réir meáchain, a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, in aon áit sa Stát seachas banna-stóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac—

(a) na leabhair thrádála agus gach cuntas agus doiciméad leis an monaróir sin nó atá ina sheilbh, agus is gá chun an tuairisceán d'fhíoradh a thug sé de bhun fo-ailt (3) den alt seo, a thabhairt ar aird, má hiarrtar sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, agus

(b) gach cabhair réasúnach a thabhairt don oifigeach sin chun cuntas a ghlacadh ar an tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957.

(5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, díreach tar éis an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (3) den alt seo a thabhairt nó an 15ú lá de Bhealtaine, 1957, pé acu is luaithe, méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1957, agus a bhí inchurtha faoi mhuirear na dleachta sín, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1958, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaítear air le fo-alt (3) den alt seo tuairisceán a thabhairt den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin agus nach dtabharfaidh an tuairisceán sin, nó a bhéarfas tuairisceán a bheas neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneos nó a dhiúltós aon ní a dhéanamh a ceanglaítear air le fo-alt (4) den alt seo é a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachta a bhaineas le dleachta máil agus in aghaidh gach ciona den tsórt sin dlífear pionós máil caoga punt a chur air agus forghéillfear an tobac go léir a ndearnadh an cion sin maidir leis.

(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha i leith tobac ar ar híocadh an dleacht mháil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt mháil a bheas inti chomh fada is théas an dleacht a híocadh de bhun an fho-ailt sin (1), arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Beoir.

9. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) , agus ciallaíonn “Acht 1954” an t Acht Airgeadais, 1954 (Uimh. 22 de 1954) .

(2) In ionad na dleachta máil a forchuirtear le halt 10 d'Acht 1952, arna leasú le halt 14 d'Acht 1954, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a grúdófar sa Stát an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis sin, dleacht mháil do réir deich bpuint, cúig scillinge agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad foirte de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(3) In ionad na dleachta custam a forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1952, arna leasú le halt 13 d'Acht 1954, déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach dleacht chustam do réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach, agus ar ullmhóidí eile (pé acu giosáilte nó neamh-ghiosáilte dhóibh) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:

(a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, aon phunt ceathrachad agus ceithre scillinge;

(b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, ocht bpunt ceathrachad agus sé scillinge.

(4) In ionad na dleachta custam a forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1952, arna leasú le halt 13 d'Acht 1954, déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, dleacht chustam a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (3) den alt seo) a hallmhuireofar isteach sa Stát do réir deich bpuint sé scillinge ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(5) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht a forchuirtear le fo-alt (2), fo-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir deich bpuint, cúig scillinge agus naoi bpingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(6) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (2) nó fo-alt (4) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (5) den alt seo iníoctha, nach míle agus cúig gráid chaogad saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) go coibhneasach.

(7) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir le ceachtar de na dleachta custam lena mbaineann an t-alt seo.

Ile udrocarbóin.

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an t Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) ;

ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) ;

ciallaíonn “Acht 1956” an t Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) .

(2) Maidir leis an dleacht chustam a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, i gcás íle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir dhá scilling agus naoi bpingne agus feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1956.

(3) Maidir leis an dleacht mháil a forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, i gcás íle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó lena díol nó eile, ó áitreabh a monaróra, an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis sin, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir dhá scilling agus seacht bpingne agus feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1956.

(4) Maidir leis an dleacht chustam a forchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, i gcás íle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirir na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, do réir dhá scilling agus dhá phingin an galún, in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 7 d'Acht 1952.

(5) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, dhá scilling agus dhá phingin an galún; agus

(b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, dhá scilling agus pingin an galún.

(6) Maidir leis an dleacht mháil a forchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, i gcás íle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó lena díol nó eile, ó áitreabh a monaróra, an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, nó dá éis sin, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir dhá scilling an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 7 d'Acht 1952.

(7) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1957, agus ón lá sin amach, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, dhá scilling an galún; agus

(b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, scilling agus aon phingin déag an galún.

(8) Má dhéanann an ceadúnaí faoi cheadúnas paisneirí a deonadh faoi alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 ( Uimh. 2 de 1932 ), a chruthú chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearna sé íle udrocarbóin ar ar híocadh an dleacht chustam a forchuirtear le halt 21 d'Acht 1935 arna leasú le fo-alt (4) den alt seo nó an dleacht mháil a forchuirtear leis an alt sin 21 arna leasú le fo-alt (6) den alt seo d'úsáid chun dócháin in inneall fheithicle inneall-ghluaiste a bhí á húsáid i seirbhís bhóthair do phaisnéirí ar ina leith a deonadh an ceadúnas, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir pé coinníollacha is cuí leo d'fhorchur, dleacht d'aisíoc leis an gceadúnaí do réir sé pingne an galún ar íle udrocarbóin a húsáideadh amhlaidh ar iad d'fháil éilimh uirthi uaidh i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon aisíoc mura ndéantar an t-éileamh laistigh de cheithre mhí ón dáta a húsáideadh an íle.

Dleacht ar íle udrocarbóin a húsáideadh i monarú d'aisíoc.

11. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuair monaróir íle udrocarbóin aon íle udrocarbóin nár húsáideadh agus ar ar híocadh an dleacht chustam nó mháil a forchuirtear le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus gur úsáid seisean í i bpróis mhonaruithe nó gur chuir sé í le substaintí eile mar tháthchuid de thairge monaraithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir pé coinníollacha a mheasaid is gá, aon dleacht den tsórt sin a híocadh ar an íle d'aisíoc leis an monaróir sin, lúide aon lacáiste air sin a lamháltar faoin alt sin 21 arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

Dleacht shiamsa —rátaí i gcás taispeántas cinematografach.

12. —Ar an 1ú lá de Lúnasa, 1957, agus ón lá sin amach, beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), amhail is dá gcuirtí na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin de bhuaidh ailt 4 den Acht Airgeadais, 1953 (Uimh. 21 de 1953) , is é sin le rá:

Ráta na Dleachta

Má tá an íocaíocht as dul isteach, gan dleacht d'áireamh,

níos mó ná

5d.

ach gan bheith níos mó

5½d.

½d.

,,

5½d.

,,              ,,

6d.

1d.

,,

6d.

,,              ,,

7½d.

1½d.

,,

7½d.

,,              ,,

8d.

2d.

,,

8d.

,,              ,,

8½d.

2½d.

,,

8½d.

,,              ,,

10d.

3d.

,,

10d.

,,              ,,

11½d.

4½d.

,,

11½d.

,,              ,,

1s.

1d.

6d.

,,

1s.    1d.

,,              ,,

1s.

2d.

7d.

,,

1s.    2d.

,,              ,,

1s.

4d.

9d.

,,

1s.    4d.

,,              ,,

1s.

5¼d.

10d.

,,

1s. 5¼d.

,,              ,,

1s.

5½d.

10½d.

,,

1s. 5½d.

,,              ,,

1s.

7d.

1s. 0d.

,,

1s.    7d.

,,              ,,

1s.

8d.

1s. 1d.

,,

1s.    8d.

,,              ,,

1s.

9d.

1s. 3d.

,,

1s.    9d.

,,              ,,

..

1s. 3d. ar an gcéad 1s. 9d. agus ½d. ar gach ½d. nó cuid de ½d. sa bhreis.

Leasú ar alt 17 den Acht Airgid, 1936 .

13. —Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), trí “(nó pé tréimhse is sia ná sin a cheadós na Comisinéirí Ioncaim dá rogha féin in aon chás áirithe maidir le loghadh faoin alt seo)” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “laistigh de shé mhí” sa dá áit ina bhfuil na focail sin.

Orduithe a dhaingniú.

14. —Daingnítear leis seo an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 394) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe agus Dleacht Gluaisteán), 1957 (I.R. Uimh. 70 de 1957), an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 397) (Dleacht ar Pháipéar Neamhchlóite), 1957 (I.R. Uimh. 77 de 1957), agus an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 398) (Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe) (Leasú), 1957 (I.R. Uimh. 78 de 1957).