Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagartar san Acht seo.)

15 1957


Uimhir 15 de 1957.


AN tACHT LEITHREASA, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A SEACHT AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A hOCHT, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1957 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT D'FHÁIL. [18 Iúil, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£2,480,109 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1956-57.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim dhá mhilliún, ceithre chéad agus ochtó míle, céad agus naoi bpuint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad caoga a seacht.

£69,422,620 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1957-58.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim seasca a naoi milliún, ceithre chéad fiche agus dhá mhíle, sé chéad agus fiche punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad caoga a hocht.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £71,902,729 a thógaint ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná seachtó a haon milliún, naoi gcéad agus dhá mhíle, seacht gcéad fiche agus naoi bpuint a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasú.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £110,212,729, a leithreasú.

4. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad agus deich milliún dhá chéad agus dhá mhíle dhéag seacht gcéad fiche agus naoi bpuint, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann), a ghabhas leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim sé mhilliún, sé chéad agus dhá mhíle dhéag trí chéad agus tríocha a haon puint d'úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é d'úsáid mar leithreasa-í-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríocha a sonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1957 , a ghairm den Acht seo.