An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Brabúis ó Oibríochtaí Gual-Mhianadóireachta— Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corpáráide.) Ar Aghaidh (CUID IV. Liúntais Foirgníochta Tionscail.)

47 1956

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1956

CUID III.

Brabúis ó Onnmhaire—Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corparáide.

Mínithe (Cuid III).

10. —Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta” tréimhse chuntasaíochta chuideachtan nó cuid de thréimhse chuntasaíochta chuideachtan laistigh den tréimhse ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1961;

ciallaíonn “bonn-tréimhse” an tréimhse ar ar a brabúis nó a sochair a déantar cáin ioncaim i leith trádála cuideachtan a ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D don bhliain éilimh;

ciallaíonn “cuideachta” (ach amháin chun críocha an choinníll a ghabhas leis an míniú san alt seo ar “earraí”) comhlucht corpraithe a dhéanas i gcúrsa a thrádála earraí d'onnmhuiriú as an Stát;

ciallaíonn “earraí” earraí arna monarú sa Stát ag an duine a onnmhuiríos iad nó cuid díobh agus arb é, maidir leis an mbonntréimhse iomchuí nó an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é a éilíos faoiseamh faoin gCuid seo den Acht seo, ach sin faoi réir an choinníll, i gcás dhá chuideachta a bheith ann a bhfuil ceann acu ag monarú na n-earraí agus an ceann eile á n-onnmhuiriú agus níos mó ná nócha faoin gcéad de na gnáthscaireanna i gcuideachta amháin a bheith ar seilbh na cuideachtan eile nó níos mó ná nócha faoin gcéad de na gnáth-scaireanna i gcuideachta amháin a bheith, go díreach nó go neamhdhíreach, ar seilbh dhaoine a bhfuil leas urlámhais acu sa chuideachta eile, go measfar i gcás na n-earraí a mhonaraíos ceann de na cuideachtana agus a onnmhuiríos an chuideachta eile gurb í an chuideachta eile sin a mhonaraigh iad;

ciallaíonn “bliain éilimh” gach bliain de chúig bliana measúnuithe comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu pé bliain de na trí bliana measúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi seach, a roghnós an chuideachta a bheas i gceist nó, mura roghnaí, an bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi réir an choinníll, in aon chás inarb ionann an tréimhse chaighdeánach agus an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nach bliain éilimh an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, más rud é gur ar lá roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1955, a thosnaigh an bhonn-tréimhse maidir léi.

An tréimhse chaighdeánach.

11. —Chun críocha na Coda seo den Acht seo, is í is tréimhse chaighdeánach maidir le trádáil chuideachtan an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó, má roghnaíonn an chuideachta amhlaidh, an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955, agus beidh feidhm ag an tréimhse chaighdeánach sin maidir leis an trádáil pé acu bhí nó nach raibh, i gcaitheamh gach coda nó aon choda den tréimhse chaighdeánach sin, an trádáil á seoladh ag duine, seachas an chuideachta, a sheol í sa bhliain éilimh nó sa tréimhse chuntasaíochta (pé acu é), nó a bhí nó nach raibh coda ar leithligh di á seoladh ag daoine éagsúla, ach ní bheidh feidhm ag an tréimhse chaighdeánach sin i gcás nach raibh an trádáil ar marthain roimh dheireadh na tréimhse caighdeánaí sin.

Bonn an fhaoisimh ó cháin ioncaim.

12. —(1) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le haon bliain éilimh—

(a) go ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

(b) go ndearnadh, sa bhonn-tréimhse, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála, agus

(c) go raibh breis ag an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a luaitear go deiridh ar an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach,

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin ioncaim is iníoctha ag an gcuideachta don bhliain éilimh, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús is inchurtha i leith na breise sin.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar gurb é “an brabús is inchurtha i leith na breise sin” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don bhliain éilimh, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an bhreis sin agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as an díol sin sa bhonntréimhse.

(3) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le haon bhliain éilimh—

(a) nach ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, aon earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála nó nach bhfuil an tréimhse chaighdeánach infheidhme, agus

(b) go ndearnadh, sa bhonn-tréimhse, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin ioncaim is iníoctha ag an gcuideachta don bhliain éilimh, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh.

(4) Chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, measfar gurb é “an brabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don bhliain éilimh, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, is inchurtha i leith díol na n-earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa bhonn-tréimhse as díol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa bhonn-tréimhse.

Bonn an fhaoisimh ó cháin bhrabús corparáide.

13. —(1) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le tréimhse chuntasaíochta—

(a) go ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

(b) go ndearnadh, sa tréimhse chuntasaíochta, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála, agus

(c) go raibh breis ag an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a luaitear go deiridh ar an méid iomlán (dá ngairmtear an méid caighdeánach san alt seo) a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach,

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin bhrabús corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús is inchurtha i leith na breise sin

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar gurb é “an brabús is inchurtha i leith na breise sin” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don tréimhse chuntas aíochta, arna ríomh chun críocha cánach brabús corparáide, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an bhreis sin agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as an díol sin sa tréimhse chuntasaíochta.

(3) Má éilíonn cuideachta agus go gcruthóidh sí maidir le tréimhse chuntasaíochta—

(a) nach ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, aon earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála nó nach bhfuil an tréimhse chaighdeánach infheidhme, agus

(b) go ndearnadh, sa tréimhse chuntasaíochta, earraí d'onnmhuiriú as an Stát i gcúrsa na trádála,

laghdófar caoga faoin gcéad an cháin bhrabús corparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, a mhéid a bhaineas sí leis an mbrabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh.

(4) Chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, measfar gurb é “an brabús as díol na n-earraí a honnmhuiríodh amhlaidh” pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don tréimhse chuntasaíochta, arna ríomh chun críocha cánach brabús corparáide is inchurtha i leith díol na n-earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh), an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa tréimhse chuntasaíochta as díol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta as díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa tréimhse chuntasaíochta.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is ga chun críocha fo-alt (1) agus (3) den alt seo.

(6) I gcás inar gá, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, go gcuirfí i gcomparáid leis an méid caighdeánach an méid iomlán a bhí le fáil as díol earraí a honnmhuiríodh i dtréimhse chuntasaíochta ba lú ná dhá mhí dhéag, measfar, chun críche na comparáide, gurb ionann an méid caighdeánach agus an chuid sin de a mbeidh idir í agus an t-iomlán an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse chuntasaíochta agus dhá mhí dhéag.

(7) Más rud é, lá tosnuithe na tréimhse caighdeánaí nó aon lá dá éis sin, go dtarlóidh aon athrú trína n-aistreofar cuid de thrádáil chun duine ar bith, déanfar, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a dtarlóidh an t-athrú inti nó roimpi, an méid caighdeánach a chionroinnt chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, agus déanfar gach cionroinnt den tsórt sin i pé slí a mheasfas na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, ag féachaint do na himthosca go léir.

(8) Nuair a bheas méid na mbrabús nó na sochar ó thrádáil chuideachtan, á ríomh lena measúnú i leith cánach ioncaim, measfar gur híocadh aon cháin bhrabús corparáide nach bhfuil, de bhua an ailt seo, iníoctha.

Athrú dílseánachta, etc.

14. —(1) Chun críocha fo-ailt (1) d'alt 12 den Acht seo, más rud é, i mbliain éilimh, go dtiocfaidh comharba i seilbh thrádála, déanfar an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach a chionroinnt idir an réamhtheachtaí agus an comharba i gcomhréir le faid na dtréimhsí faoi seach sa bhliain éilimh a raibh an trádáil á seoladh acu.

(2) Más rud é, sa bhliain éilimh, go scoirfear go buan den trádáil, measfar, chun críocha fo-ailt (1) d'alt 12 den Acht seo, gurb é an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach an chuid sin de a mbeidh idir í agus an t-iomlán an cothrom céanna a bheas idir an tréimhse sa bhliain éilimh a raibh an trádáil á seoladh agus dhá mhí dhéag.

(3) Más rud é, lá tosnuithe na tréimhse caighdeánaí nó aon lá dá éis sin, go dtarlóidh aon athrú trína n-aistreofar cuid de thrádáil chun duine ar bith, déanfar, maidir le haon bhliain éilimh a dtarlóidh an t-athrú inti nó roimpi, an méid iomlán a bhí le fáil as díol na n-earraí a honnmhuiríodh sa tréimhse chaighdeánach a chionroinnt chun críocha fo-ailt (1) d'alt 12 den Acht seo, agus déanfar gach cionroinnt den tsórt sin i pé slí a mheasfas na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, ag féachaint do na hiomthosca go léir.

Eisiamh, díbhinní, etc.

15. —(1) Ní déanfar laghdú faoin gCuid seo den Acht seo—

(a) i leith cánach ioncaim a bhfuil teideal ag cuideachta, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, í a mhuirearú ar aon duine eile nó a bhaint, a choimeád siar nó a ghlanadh as aon íocaíocht le haon duine eile, ná

(b) i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide is iníoctha ar bhrabúis ó aon oibríochtaí mianadóireachta.

(2) Má bhíonn teideal, faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ag cuideachta cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, ní déanfar, in aon chás, cáin a bhaint aisti do réir ráta is mó ná ráta na cánach ioncaim arna laghdú d'aon fhaoiseamh ón gcáin sin a bheirtear faoin gCuid seo den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag forála ailt 5 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , le haon mhodhnuithe is gá.

(3) An ráta cánach ioncaim ar dá réir a bheas aon aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnaithe le déanamh beidh sé faoi réir pé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtabharfar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Coda seo den Acht seo.

(4) I gcás ina ndéanfar, de bhua fo-ailt (2) den alt seo, cáin ioncaim a bhaint as díbhinn do réir ráta laghdaithe, is é méid a bheas le cur i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críocha forchánach ná méid a mbeidh idir é agus méid na díbhinne an cothrom céanna a bheas idir ráta na cánach ioncaim a baineadh aisti agus an ráta a húdarófaí a bhaint aisti dá mba nár hachtaíodh an t-alt seo.