35 1956


Uimhir 35 de 1956.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954 .

[14 Samhain, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 , a leathnú.

1. —Déantar leis seo “an 31ú lá de Mhárta, 1960” a chur in ionad “an 26ú lá d'Iúil, 1956” sa mhíniú ar “an tréimhse ordaithe” atá i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 ( Uimh. 8 de 1954 ).

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 agus 1956, a ghairm den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 (Uimh. 8 de 1954) , agus den Acht seo le chéile.