29 1956


Uimhir 29 de 1956.


ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 GO 1954. [24 Iúil, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla.

1. —Athghairmtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1954 ( Uimh. 3 de 1954 ), agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasacht áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIas acht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , thar suim chéad agus deich milliún punt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1956, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1954, agus den Acht seo le chéile.