An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1956) Ar Aghaidh (CUID II. Saoránacht.)

26 1956

ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1956

CUID I.

Réamhráiteach.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1935” Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 (Uimh. 13 de 1935) ;

ciallaíonn “eachtrannach” duine nach saoránach Éireannach;

folaíonn “oifig chonsalachta” ard-chonsalacht, consalacht nó leas-chonsalacht, pé acu faoi chúram oifigigh chonsalachta ghairmiúil nó oifigigh chonsalachta oinigh di;

ciallaíonn “oifigeach taidhleoireachta” ambasadóir urghnáthach agus lánchumhachtach, toscaire urghnáthach agus aire lánchumhachtach, chargé d'affaires, comhairleoir nó rúnaí ambasáide nó leagáideachta, nó attaché;

ciallaíonn “aerárthach coigríche” aerárthach nach aerárthach Éireannach;

ciallaíonn “long choigríche” long nach long Éireannach;

ciallaíonn “lán-aois” bliain is fiche d'aois agus os a chionn sin;

ciallaíonn “Éire” na críocha náisiúnta mar mínítear iad in Airteagal 2 den Bhunreacht;

ciallaíonn “saoránach Éireannach” saoránach d'Éirinn;

ciallaíonn “aerárthach Éireannach” aerárthach atá cláraithe sa Stát;

ciallaíonn “long Éireannach” long atá cláraithe sa Stát nó, mura bhfuil sí cláraithe sa Stát ná faoi dhlí aon tíre eile, a bhaineas go hiomlán le duine atá cáilithe chun long atá cláraithe sa Stát a bheith ar únaeracht aige nó le daoine a bhfuil gach duine acu cáilithe amhlaidh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “saoránach Éireannach eadóirsithe” duine a fuair saoránacht Éireann trí eadóirsiú, pé acu faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile é;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin ón Aire;

nuair a húsáidtear “seirbhís phoiblí” maidir le fostaíocht dhuine, tagrann sé d'fhostaíocht i seirbhís an Rialtais, pé acu sa Stát-Sheirbhís é nó nach ea, nó i seirbhís aon chorparáide poiblí, nó aon údaráis phoiblí, a cothabháiltear go hiomlán nó go páirteach as cistí poiblí nó a bhfuil Aire Stáit freagrach ina leith.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt sin maidir le méid nó bailiú táillí gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

4. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais uile faoina raghaidh an tAire nó an tAire Gnóthaí Eachtracha ag cur an Achta seo in éifeacht.

Athghairm, agus cosaint do shaoránacht atá ar marthain.

5. —(1) Athghairmtear leis seo Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 (Uimh. 13 de 1935) , agus Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann (Leasú), 1937 (Uimh. 39 de 1937) .

(2) Gach duine ba shaoránach d'Éirinn díreach roimh an Acht seo a rith, fanfaidh sé ina shaoránach Éireannach, d'ainneoin na hAchta a luaitear anseo roimhe seo d'athghairm.