An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mál.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cáin Bhrabús Corparáide.)

22 1956

AN tACHT AIRGEADAIS, 1956

CUID III.

Dleachta Báis.

Faoiseamh ó dhleacht eastáit— stoic, scaireanna nó urrúis áirithe.

21. —(1) Má bhaineann alt 7 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), le haon stoic, scaireanna nó urrúis, pé acu roimh dháta an Achta seo a rith a heisíodh nó dá éis sin a heiseofar iad, ansin, faid a bhainfeas an t-alt sin leis na stoic, na scaireanna, nó na hurrúis, bainfidh an t-alt seo freisin leo.

(2) Má bhíonn ar áireamh sa mhaoin a aistreos ar bhás d'fháil, lá an Achta seo a rith nó dá éis sin, do dhuine ar bith a gheobhas bás agus é ina shainchónaí sa Stát, aon stoic, scaireanna nó urrúis lena mbainfidh an t-alt seo le linn na maoine d'aistriú, measfar chun dleacht eastáit a mheasúnú gurb é is luach do na stoic, na scaireanna nó na hurrúis dhá dtrian a luacha arna mheas do réir forál fo-ailt (5) d'alt 7 den Finance Act, 1894.

(3) Ní déanfar an faoiseamh ó dhleacht eastáit a foráltar leis an alt seo a dheonadh i ndáil le bás duine ach amháin má taispeántár chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh teideal tairbhiúil ag an éagach chun na stoc, na scaireanna nó na n-urrús go leanúnach ó dháta a gcéad-eisiúna go dtí lá a bháis nó go leanúnach ar feadh tréimhse nár lú ná trí bliana díreach roimh lá a bháis.

(4) Má tharlaíonn, i gcás ina bhféadfar faoiseamh faoin alt seo a dheonadh, go bhfuil na stoic, na scaireanna nó na hurrúis faoi aon fhiach, muirear, lian nó eire is inlamháilte mar asbhaint óna luach chun críche dleachta eastáit, déanfar méid na hasbhainte i leith an fhéich, an mhuirir, an liain nó na heire a chinneadh amhail is nár laghdaíodh luach na stoc, na scaireanna nó na n-urrús do réir forál fo-ailt (2) den alt seo.