An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Sochair Bhreise.) Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghnéitheach)

10 1956

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956

CUID V.

Forála Airgeadais.

An t-údarás áitiúil ag a mbeidh íocaíocht le déanamh.

55. —(1) I gcás—

(a) ina ndeonfaidh údarás áitiúil cnapshuim, liúntas nó aisce faoin Acht seo, nó

(b) ina gceanglaítear leis an Acht seo ar údarás áitiúil suim d'aisíoc,

is iad a íocfas an chnapshuim, an liúntas, an aisce nó an t-aisíoc—

(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil sin—an t-údarás áitiúil a íocfas faoin Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , an ranníoc áitiúil bliantúil i leith costas an choiste,

(ii) más coiste talmhaíochta do chontae an t-údarás áitiúil sin—comhairle na contae sin,

(iii) más coiste d'aon údarás áitiúil amháin an t-údarás áitiúil sin—an t-aon údarás áitiúil amháin sin,

(iv) in aon chás eile—an t-údarás áitiúil sin.

(2) Má ceanglaítear faoin Acht seo ar údarás áitiúil aon chuid d'aisíoc d'íocaíocht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, is leis an údarás áitiúil a rinne an íocaíocht faoin bhfo-alt sin a déanfar an t-aisíoc.

(3) Aon íocaíocht a dhéanfas údarás áitiúil de bhun fo-mhíre (i) d'fho-alt (1) den alt seo, ní háireofar í chun críche aon tórann a cuirtear le méid aon ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha ag an údarás áitiúil faoin Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(4) Íocfar , as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le húdarás áitiúil a íocfas aon chnapshuim nó liúntas nó aisce a dheoin coiste gairm-oideachais faoin Acht seo, i gcabhair ar an ráta nó don chíste as a n-íocfar an chnapshuim nó an liúntas nó an aisce, leath gach íocaíochta a dhéanfas an t-údarás áitiúil i leith na cnapshuime, an liúntais nó na haisce.

An límistéir mhuirir d'íocaíocht ó údarás áitiúil.

56. —(1) Faoi réir aon orduithe faoi fho-alt (7) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), arna leasú le halt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ( Uimh. 9 de 1955 ), déanfar aon tsuim is iníoctha ag údarás áitiúil faoin Acht seo i leith tréimhse a thug duine ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don údarás áitiúil sin a mhuirearú ar an límistéir ar a ndéanfaí luach saothair an duine sin a mhuirearú dá bhfanadh sé i seilbh na hoifige nó na fostaíochta céanna faoin údarás áitiúil sin.

(2) Aon tsuim is iníoctha ag údarás áitiúil faoin Acht seo i leith tréimhse a thug duine ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil eile, muirearofar í ar an límistéir ar a muirearaítear na costais faoina ndeachaigh an t-údarás áitiúil céadluaite ag soláthar airgid don údarás áitiúil eile.

(3) Má dheonann údarás áitiúil cnapshuim, liúntas nó aisce faoin Acht seo d'oifigeach nó seirbhíseach nó ina leith agus, le linn méid an chéanna a ríomh, go ndearnadh tréimhse sheirbhíse faoi údarás áitiúil eile d'áireamh, measfar, chun críocha an ailt seo, íoc na cnapshuime, an liúntais nó na haisce ag an údarás áitiúil céadluaite a bheith arna dhéanamh i leith seirbhíse an duine sin fúthu sin amháin.

Aisíoc i gcásanna áirithe.

57. —(1) Má íocann údarás áitiúil (dá ngairmtear an t-údarás íoca san alt seo) cnapshuim, liúntas nó aisce faoin Acht seo le duine ar bith nó ina leith agus, le linn méid an chéanna a chinneadh, gur háiríodh aon tréimhse sheirbhíse nár sheirbhís faoin údarás íoca (nach seirbhís dá dtagartar i bhfo-mhír (ii) nó (iii) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11, i mír (h) d'fho-alt (1) d'alt 11 nó i mír (g) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo), aisíocfaidh an t-údarás iomchuí cuid den chnapshuim, den liúntas nó den aisce leis an údarás íoca.

(2) I bhfo-alt (1) agus sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo ciallaíonn “an t-údarás iomchuí”—

(a) má ba sheirbhís sa stát-sheirbhís an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoin údarás íoca, a cuireadh san áireamh—an tAire Airgeadais,

(b) más faoi fho-mhír (i) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo a cuireadh an tréimhse sheirbhíse sin san áireamh—Ciste Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí nó Ciste Aoisliúntais na Múinteoirí Náisiúnta (do réir mar oireas),

(c) in aon chás eile—an comhlucht ar fúthu a tugadh an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoina údarás íoca, a cuireadh san áireamh.

(3) Déanfar an chuid den chnapshuim, den liúntas nó den aisce dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo a chinneadh mar leanas:

(a) má ba sheirbhís sa stát-sheirbhís an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoin Acht seo, a cuireadh san áireamh, is é an tAire Airgeadais a chinnfeas í,

(b) más faoi fho-mhír (i) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo a cuireadh an tréimhse sheirbhíse sin san áireamh, is trí chomhaontú idir an t-údarás íoca agus an t-údarás iomchuí a cinnfear í nó, cheal comhaontuithe, is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a chinnfeas í,

(c) in aon chás eile, is trí chomhaontú idir an t-údarás íoca agus an t-údarás iomchuí a cinnfear í nó, cheal comhaontuithe, is é an tAire (tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, más údarás cuain an t-údarás iomchuí) a chinnfeas í.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo más tréimhse ar haisíocadh ranníoca ina leith, faoi fho-alt (3) d'alt 25 nó fo-alt (3) d'alt 45 den Acht seo, an tréimhse sheirbhíse, nár sheirbhís faoin údarás íoca, a cuireadh san áireamh.

(5) Má híoctar cnapshuim, liúntas nó aisce faoi na hAchta Aoisliúntas le duine ar bith nó ina leith nó má dheonann an tAire Airgeadais aisce phósta agus, le linn méid an chéanna a chinneadh, gur háiríodh aon tréimhse sheirbhíse faoi údarás áitiúil, aisíocfaidh an t-údarás áitiúil leis an Aire Airgeadais pé cuid den chnapshuim, den liúntas, den aisce nó den aisce phósta a chinnfeas an tAire Airgeadais.

(6) Chun críocha fo-ailt (1) agus fo-ailt (5) den alt seo—

(a) measfar gurb ionann seirbhís faoi choiste d'údarás áitiúil agus seirbhís faoin údarás áitiúil sin, agus

(b) measfar gurb ionann seirbhís faoi údarás áitiúil a scoir de bheith ar marthain agus seirbhís faoi chomharba, arna chinneadh ag an Aire, an údaráis áitiúil sin.

(7) D'ainneoin na bhforál roimhe seo den alt seo, féadfaidh dhá údarás comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach n-aisíocfaid aon airgead lena chéile faoi na forála seo.

(8) Má déantar seirbhís faoi údarás áitiúil, is féidir a áireamh faoin Acht seo, d'áireamh nuair a bheas aon tsochar aoinliúntais á dheonadh ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar, ag údarás cuain nó ag comhlucht a bheas ceadaithe chun críocha míre (f) d'fho-alt (1) d'alt 11 nó míre (f) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil na suimeanna iomchuí d'aisíoc leis an údarás sin nó leis an gcomhlucht sin.

(9) Is as airgead a sholáthrós an tOireachtas a híocfar íocaíochtaí ón Aire Airgeadais faoin alt seo.

Comhaontú maidir le ranníoca.

58. —D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, féadfaidh údarás áitiúil agus aon chomhlucht eile (lena n-áirítear údarás áitiúil) dá dtagartar san Acht seo comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach ndéanfaid lena chéile i leith ranníoc aon aisíoc ná cúiteamh ba chuí a dhéanamh de bhun an Achta seo mura mbeadh sin.

Gnóthú íocaíochta ag Aire Stáit.

59. —(1) Aon tsuim a gceanglaítear leis an Acht seo í a bheith le híoc nó le haisíoc ag duine le hAire Stáit, nó le tabhairt ar ais aige dhó, féadfar, gan dochar dá gnóthú ar aon tslí eile, í a ghnóthú trína hasbhaint go hiomlán nó go páirteach as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an duine sin.

(2) An chumhacht chun airgead d'aisbhaint faoi fho-alt (1) den alt seo, is cumhacht í atá faoi réir éileamh, agus gan dochar d'éilimh, an Chiste Ráthaíochta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh.