|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1956. | ||
[EN] |
AN tACHT CUSTAM, 1956. | |
[An tiontó oifigiúil]. | ||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT CUSTAM. [21 Márta, 1956.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1876” an Customs Consolidation Act, 1876, arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu; | |
[EN] | ciallaíonn “achtachán” aon achtachán arb é atá ann— | |
[EN] | (a) reacht Breataineach, | |
[EN] | (b) reacht de chuid Shaorstáit Éireann, nó | |
[EN] | (c) Acht ón Oireachtas (pé acu roimh an Acht seo a ritheadh nó dá éis a rithfear é); | |
[EN] | forléireofar tagairtí d'onnmhuiriú mar thagairtí a fholaíos tagairt d'earraí a liongsiú mar stóranna loinge nó d'earraí a lódáil mar stóranna d'aerárthaigh; | |
[EN] | folaíonn “oifigeach Custam agus Máil” comhalta den Gharda Síochána agus duine ar bith sa tseirbhís phoiblí atá de thuras na huaire ar fostú chun allmhuiriú nó onnmhuiriú earraí go neamhdhleathach a chosc; | |
[EN] | ciallaíonn “ionstraim reachtúil” ionstraim atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus arb é atá inti— | |
[EN] | (a) ordú arna dhéanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) i bhfeidhmiú cumhacht a bheirtear le haon achtachán, nó | |
[EN] | (b) ordú arna dhéanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) nó ordachán i scríbhinn arna thabhairt (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) i bhfeidhmiú cumhacht a bheirtear le hordú arna dhéanamh i bhfeidhmiú cumhacht a bheirtear le haon achtachán. | |
[EN] |
Allmhuiriú earraí go neamhdhleathach. |
2. —Aon earraí a mbeidh a n-allmhuiriú toirmiscthe nó srianta de thuras na huaire le haon achtachán nó ionstraim reachtúil, measfar iad a bheith ar na hearraí a háirítear agus a tuairiscítear sa Táible de Thoirmisc agus Srianta maidir le hEarraí a Thabhairt Isteach atá in alt 42 d'Acht 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag forála Achta 1876. |
[EN] |
Pionós mar gheall ar earraí d'onnmhuiriú go neamhdhleathach. |
3. —(1) Gach duine— |
[EN] | (a) a onnmhuireos aon earraí contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó | |
[EN] | (b) a bhéarfas faoi aon earraí d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó | |
[EN] | (c) a bhéarfas nó a chuirfeas aon earraí go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó | |
[EN] | (d) a bhéarfas faoi aon earraí a bhreith nó a chur go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó | |
[EN] | (e) a bheas páirteach go feasach i ndéileáil le haon earraí (is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmiscthe nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil) le hintinn an toirmeasc nó an srianadh sin a sheachaint, nó | |
[EN] | (f) a choimeádfas aon earraí in aon áit chun go mb'fhusaide iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, nó | |
[EN] | (g) a chabhrós, a neartós, a chuideos nó a chomhcheilgfeas le duine eile chun cion faoi mhír (a), (b), (c), (d), (e) nó (f) den fho-alt seo a dhéanamh, | |
[EN] | beidh sé ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus in aghaidh gach ciona faoi leith den tsórt sin forghéillfidh sé trí oiread luacha na n-earraí nó céad punt, pé acu is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar an duine sin a choinneáil nó imeachta ina choinne a thionscnamh trí thoghairm. | |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh an pionós i leith aon chiona faoi fho-alt (1) den alt seo le ríomh do réir trí oiread luacha aon earraí áirithe, measfar gurb é is luach do na hearraí an praghas ar ar díoladh, an tráth nó um an tráth a rinneadh an cion, earraí dá samhail, ach iad a bheith ina n-earraí den chéad scoth, ar ar híocadh an dleacht nó na dleachta (más ann). | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) duine (dá ngairmtear an príomh-chiontóir sa bhfo-alt seo) a chiontú i gcion (dá ngairmtear an príomh-chion sa bhfo-alt seo) faoi mhír (a), (b), (c), (d), (e) nó (f) d'fho-alt (1) den alt seo, agus | |
[EN] | (b) imeachta a thionscnamh i gcoinne duine eile á chúiseamh i gcion faoi gur chabhraigh, gur neartaigh, gur chuidigh nó gur chomhcheilg sé leis an bpríomhchiontóir chun an príomh-chion a dhéanamh, | |
[EN] | beidh fianaise gur ciontaíodh an príomh-chiontóir sa phríomhchion ina fianaise, sna himeachta sin, go ndearnadh an príomhchion. | |
[EN] |
Forála mar chabhair chun daoine a bheas ag onnmhuiriú earraí go neamhdhleathach a bhrath agus a chiontú. |
4. —(1) Aon uair a bheas amhras réasúnach ag oifigeach Custam agus Máil go bhfuiltear ar intinn aon earraí d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil, féadfaidh sé a iarraidh ar dhuine ar bith, a bhfaighfear na hearraí ina sheilbh nó faoina urláimh nó ar a thalamh nó ann nó ar a áitreabh nó ann nó i ngarchomharsanacht a thalún nó a áitribh, an t-eolas ábhartha go léir, maidir le gach ceann nó aon cheann de na hábhair fiosruithe seo a leanas, atá ag an duine sin nó a bhfuil fios aige ina thaobh, a thabhairt dó, agus gach doiciméad ábhartha, maidir le haon ábhar fiosruithe den tsórt sin, atá ina sheilbh nó ina choimeád ag an duine sin, a thabhairt ar aird dó, is é sin le rá: |
[EN] | (a) ainm agus seoladh únaera na n-earraí, | |
[EN] | (b) an chúis a bhfuil na hearraí san áit ina bhfuarthas iad, | |
[EN] | (c) an ní atá beartaithe a dhéanamh leis na hearraí, | |
[EN] | (d) an bhfuiltear ar intinn na hearraí d'onnmhuiriú, | |
[EN] | (e) má táthar ar intinn na hearraí d'onnmhuiriú, an bhfuar thas ceadúnas nó údarás eile chun na hearraí d'onnmhuiriú nó, mura bhfuarthas, ar hiarradh sin. | |
[EN] | (2) Nuair a iarrfas oifigeach Custam agus Máil, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt seo, ar dhuine ar bith a bhfaighfear aon earraí (is earraí a mbeidh amhras réasúnach aige go bhfuiltear ar intinn iad d'onnmhuiriú contrártha d'aon achtachán nó ionstraim reachtúil) ina sheilbh nó faoina urláimh nó ar a thalamh nó ann nó ar a áitreabh nó ann, nó i ngar-chomharsanacht a thalún nó a áitribh, aon eolas den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin a thabhairt dó nó aon doiciméad den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin a thabhairt ar aird dó, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (a) déanfaidh an duine sin láithreach, do réir mar is fios nó mar is cumas dó, an t-eolas sin a thabhairt nó an doiciméad sin a thabhairt ar aird amhlaidh (pé acu é), | |
[EN] | (b) má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine sin déanamh amhlaidh nó má thugann sé aon eolas atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann dlífear pionós custam caoga punt a chur air agus féadfar é a choinneáil nó imeachta ina choinne a thionscnamh trí thoghairm. | |
[EN] |
Forghéilleadh earraí a bheas á n-onnmhuiriú, nó a mbeifear ag tabhairt faoina n-onnmhuiriú, go neamhdhleathach, etc. |
5. —(1) Más rud é gur déileáladh nó go mbeifear ag déileáil le haon earraí (is earraí a mbeidh a n-onnmhuiriú toirmiscthe nó srianta le haon achtachán nó ionstraim reachtúil) in aon tslí acu seo a leanas, is é sin le rá: |
[EN] | (a) go ndearnadh iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó | |
[EN] | (b) go mbeifear ag tabhairt faoina n-onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó | |
[EN] | (c) gur tugadh nó gur cuireadh iad go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó | |
[EN] | (d) go mbeifear á mbreith nó á gcur go dtí aon áit chun iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, nó | |
[EN] | (e) gur déileáladh nó go mbeifear ag déileáil leo in aon tslí eile le hintinn an toirmeasc nó an srianadh sin a sheachaint, nó | |
[EN] | (f) gur coimeádadh iad nó go mbeifear á gcoimeád in aon áit chun go mb'fhusaide iad d'onnmhuiriú contrártha don achtachán nó don ionstraim reachtúil sin, | |
[EN] | dlífear na hearraí d'fhorghéilleadh. | |
[EN] | (2) Dlífear forghéilleadh a dhéanamh ar gach long, bád, carráiste nó cóir iompair eile, maraon le gach capall agus gach ainmhí agus rud eile a húsáidfear chun aon earraí d'onnmhuiriú nó d'iompar, a ndlitear, de bhuaidh fo-alt (1) den ailt seo, iad d'fhorghéilleadh. | |
[EN] |
Fógra i dtaobh earraí d'urghabháil. |
6. —I gcás aon earraí d'urghabháil mar earraí a ndlitear iad d'fhorghéilleadh, féadfar an fógra urghabhála is gá do réir ailt 207 d'Acht 1876 a thabhairt d'únaer na n-earraí a thabhairt, murab eol aon tseoladh ag an únaer sa Stát, trí fhógra i dtaobh na hurghabhála d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil. |
[EN] |
Fógra éilimh maidir le hurghabháil. |
7. —Má tugtar fógra, de bhun ailt 207 d'Acht 1876, go bhfuil duine (dá ngairmtear an t-éilitheoir san alt seo) ag déanamh éilimh nó ar intinn éileamh a dhéanamh maidir le hurghabháil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas: |
[EN] | (a) beidh an fógra neamhbhailí agus measfar nár tugadh é mura luaitear ann ainm agus seoladh an éilitheora, | |
[EN] | (b) más seoladh lasmuigh den Stát atá ag an éilitheoir, beidh an fógra neamhbhailí agus measfar nár tugadh é mura luaitear ann ainm agus seoladh aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais atá ag cleachtadh sa Stát agus a bhfuil údarás aige glacadh le seirbheáil gach doiciméid is gá a sheirbheáil ar an éilitheoir sna himeachta a luaitear san alt sin 207, agus | |
[EN] | (c) más rud é, de bhuaidh míre (b) den alt seo, go luaitear sa bhfógra ainm agus seoladh aturnae, measfar, má seirbheáltar aon doiciméad den tsórt a luaitear sa mhír sin ar an aturnae, gur seirbheáladh an doiciméad sin ar an éilitheoir. | |
[EN] |
Alt 1 den Acht Custam (Leasú) 1942, a leasú. |
8. —Forléireofar fo-alt (6) d'alt 1 den Acht Custam (Leasú) 1942 ( Uimh. 21 de 1942 ), agus beidh éifeacht aige amhail is dá ndéantaí na focail “agus féadfar é a choinneáil nó féadfar imeachta ina choinne a thionscnamh trí thoghairm” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin. |
[EN] |
Imeachta chun earraí d'fhorghéilleadh agus a dhaoradh. |
9. —Féadfar imeachta a thionscnamh in ainm nó ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla chun earraí d'fhorghéilleadh agus a dhaoradh. |
[EN] |
Meáchan earraí d'fháil amach. |
10. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ag ordú na slí ina ndéanfar meáchan earraí de shaghas sonraithe (arna mhíniú i pé slí agus faoi threoir pé nithe a mheasfaidh na Coimisnéirí Ioncaim is ceart) d'fháil amach chun críocha na nAcht Custam nó aon ionstraime reachtúla a bhaineas leis na Custaim agus, i gcás aon rialacháin faoin alt seo maidir le hearraí de shaghas áirithe a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar, chun na gcríocha sin, meáchan na n-earraí sin d'fháil amach sa tslí a hordófar leis na rialacháin sin. |
[EN] |
Míniú ar na hAchta Custam. |
11. —San Acht seo agus i ngach Acht eile ón Oireachtas (pé acu roimh an Acht seo a ritheadh nó dá éis a rithfear é) ciallóidh “na hAchta Custam” agus, i gcás aon Achta ón Oireachtas a ritheadh roimh an Acht seo, measfar gur chiallaigh sé riamh, gach achtachán a bhaineas leis na Custaim. |
[EN] |
Athghairm. |
12. —Athghairmtear leis seo an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Uimh. 14 de 1945) , agus an tAcht Custam (Forála Sealadacha), 1945 (Buanú), 1955 (Uimh. 6 de 1955) . |
[EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
13. —(1) Féadfar an tAcht Custam, 1956 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Custam mar aon ní amháin. |