Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Míreanna a cuirtear isteach in alt 17 den Príomh-Acht.)

6 1956


Uimhir 6 de 1956.


AN tACHT FORAOISEACHTA, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ URASÚ TAILTE A THÓGAINT CHUN CRÍOCHA AN ACHTA FORAOISEACHTA, 1946 . [27 Feabhra, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Foraoiseachta, 1946 (Uimh. 13 de 1946) .

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht (a bhaineas le híoc cúitimh)—

(i) tríd an mír atá i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh míre (a) d'fho-alt (2), agus

(ii) tríd an mír atá i gCuid II den Sceideal sin a chur isteach i ndiaidh míre (a) d'fho-alt (4).

Forála a leanas as an leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Nuair a íocfas an tAire cúiteamh le duine de bhun míre (aa) d'fho-alt (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht, dlífidh sé, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, cúiteamh d'íoc le haon duine eile a mbeadh teideal aige chun an toradh as an leas iomchuí a dhíol díreach roimh an dáta dílsithe, nó chun scaire den toradh sin, i gcás (agus sa chás sin amháin) ina n-iarrfaidh an duine eile sin cúiteamh ar an Aire faoin bhfo-alt seo laistigh den tréimhse sé mblian dar tosach dáta an orduithe dhílsithe iomchuí.

(2) (a) Má bhíonn cúiteamh iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le leas ar measúnaíodh a luach faoi alt 24 den Phríomh-Acht nó ar measúnaíodh cúiteamh ina leith faoi alt 31 den Phríomh-Acht, beidh méid an chúitimh comhionann (do réir mar is oiriúnach) leis an suim a measúnaíodh amhlaidh nó leis an méid den tsuim a measúnaíodh amhlaidh atá i gcomhréir leis an scair dá dtagartar sa bhfo-alt sin (1).

(b) Má bhíonn cúiteamh iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo i gcás nach mbaineann mír (a) den fho-alt seo leis, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, cheal comhaontuithe, méid an chúitimh a shocrú, ach beidh ceart achomhairc chun an Bhinse Achomhairc amhail mar atá i gcás cúitimh is iníoctha faoi alt 30 den Phríomh-Acht.

(3) Má dhéanann an tAire, tar éis dó cúiteamh i leith leasa d'íoc le duine de bhun míre (aa) d'fho-alt (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht, cúiteamh i leith an leasa sin d'íoc ina dhiaidh sin le duine eile de bhun fo-ailt (1) den alt seo, dlífidh an duine céadluaite suim d'íoc leis an Aire is ionann agus an cúiteamh a híocadh de bhun na míre sin (aa) (maraon le haon ús a híocadh faoi fho-alt (7) d'alt 17 den Phríomh-Acht agus aon tsuim a húsáideadh faoi fho-alt (8) den alt sin) nó an cúiteamh a híocadh de bhun fo-ailt (1) den alt seo (pé acu is lú) agus, mura n-íoctar an tsuim sin amhlaidh, féadfaidh an tAire í a ghnóthú ón duine céadluaite (nó, i gcás báis an duine sin, óna ionadaí pearsanta dlíthiúil) mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Nuair a íocfas an tAire suim de bhun míre (aa) d'fho-alt (4) d'alt 17 den Phríomh-Acht, dlífidh sé, d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, cúiteamh d'íoc le haon duine eile a mbeadh teideal aige chun an iarmhéid sin den toradh as an leas iomchuí a dhíol díreach roimh an dáta dílsithe a bheadh fágtha tar éis an fiach nó na fiacha morgáiste iomchuí a ghlanadh, nó teideal chun scaire san iarmhéid sin, i gcás (agus sa chás sin amháin) ina n-iarrfaidh an duine eile sin cúiteamh ar an Aire faoin bhfo-alt seo laistigh den tréimhse sé mblian dar tosach dáta an orduithe dhílsithe iomchuí.

(5) (a) Má bhíonn cúiteamh iníoctha faoi fho-alt (4) den alt seo maidir le leas ar measúnaíodh a luach faoi alt 24 den Phríomh-Acht nó ar measúnaíodh cúiteamh ina leith faoi alt 31 den Phríomh-Acht, beidh méid an chúitimh comhionann (do réir mar is oiriúnach) leis an suim a measúnaíodh amhlaidh (lúide an fiach nó na fiacha morgáiste is iomchuí) nó leis an méid den tsuim a measúnaíodh amhlaidh (lúide an fiach nó na fiacha morgáiste is iomchuí) atá i gcomhréir leis an scair dá dtagartar sa bhfo-alt sin (4).

(b) Má bhíonn cúiteamh iníoctha faoi fho-alt (4) den alt seo i gcás nach mbaineann mír (a) den fho-alt seo leis, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, cheal comhaonuithe, méid an chúitimh a shocrú, ach beidh ceart achomhairc chun an Bhinse Achomhairc amhail mar atá i gcás cúitimh is iníoctha faoi alt 30 den Phríomh-Acht.

(6) Má dhéanann an tAire, tar éis dó suim i leith leasa d'íoc le duine de bhun míre (aa) d'fho-alt (4) d'alt 17 den Phríomh-Acht, cúiteamh i leith an leasa sin d'íoc ina dhiaidh sin le duine eile de bhun fo-ailt (4) den alt seo, dlífidh an duine céadluaite suim d'íoc leis an Aire is ionann agus an tsuim a híocadh de bhun na míre sin (aa) (maraon le haon ús a híocadh faoi fho-alt (7) d'alt 17 den Phríomh-Acht agus aon tsuim a húsáideadh faoi fho-alt (8) den alt sin) nó an cúiteamh a híocadh de bhun fo-ailt (4) den alt seo (pé acu is lú) agus, mura n-íoctar an tsuim sin amhlaidh, féadfaidh an tAire í a ghnóthú ón duine céadluaite (nó, i gcás báis an duine sin, óna ionadaí dlíthiúil pearsanta) mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Beidh ag gabháil leis an gcúiteamh dá dtagartar i bhfo-alt (1) nó (4) den alt seo ús do réir trí puint faoin gcéad sa bhliain i leith na tréimhse ó dháta a iarrtha go dtí dáta a íoctha.

(8) I gcás—

(a) ina gceanglaítear ar an Aire le fo-alt (1) nó (4) den alt seo aon tsuim d'íoc le duine ar bith, agus

(b) ina mbeidh aon airgead (dá ngairmtear an fiach Stáit sa bhfo-alt seo) dlite ón duine sin d'Aire Stáit, do na Coimisinéirí Ioncaim, do na Coimisinéirí nó do Choimisiún na Talún,

féadfaidh an tAire, in ionad an tsuim sin (lena n-áirítear ús uirthí) d'íoc leis an duine sin, an tsuim agus an t-ús sin d'úsáid chun nó mar chabhair chun an fiach Stáit d'íoc agus an t-iarmhéid (más ann) a bheas fágtha gan íoc di d'íoc leis an duine sin, ach chun críocha fo-alt (3) nó fo-ailt (6), pé acu is cuí, den alt seo, measfar gur híocadh iomlán na suime sin leis an duine sin.

(9) Beidh íoc cúitimh agus úis do réir na bhforál sin roimhe seo den alt seo ina chúiteántas maith sa chéanna.

(10) Measfar an t-alt seo a bheith ina páirt de Chaibidil I de Chuid III den Phríomh-Acht.

Talamh coimín a thógaint.

4. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh iarratas déanta ag an Aire faoi alt 23 den Phríomh-Acht ar ordú tógainte maidir le haon talamh coimín,

(b) ina mbeidh ordú tógainte, a bunaíodh ar an iarratas sin, tagtha i bhfeidhm, agus

(c) de thoradh uiríll, is uiríoll a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, ó aon daoine de na duine is únaerí i gcoiteannas ar an talamh, nach mbaineann an t-ordú tógainte ach le cuid den talamh,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas má déantar ordú dílsithe faoi alt 26 den Phríomh-Acht maidir leis an gcuid sin den talamh:

(i) má rinne beirt nó níos mó (dá ngairmtear na hagóideoirí sa mhír seo) an t-uiríoll, ansin—

(I) amhail ar an dáta dílsithe agus ón dáta sin amach, scoirfidh fuíoll na talún de bheith ar teachtadh i gcoiteannas ag na húnaerí i gcoiteannas agus ní bheidh sé ar teachtadh i gcoiteannas ach ag na hagóideoirí, i scaireanna a bheas i gcomhréir le comhréir na scaireanna a bhí acu cheana, i leith a chéile, sa talamh go léir, agus, i gcás leasa gach duine de na húnaerí i gcoiteannas, seachas na hagóideoirí, sa bhfuíoll sin—

(A) oibreoidh an t-ordú dílsithe, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bheas ar marthain maidir leis an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, d'aistriú chun an chúitimh is iníoctha leis an únaer sin agus a chur ag gabháil leis an gcúiteamh sin,

(B) déanfaidh an cúiteamh sin, maidir le haon chearta nó éilimh a bheas ar marthain, díreach roimh an dáta dílsithe, chun nó i gcoinne an leasa sin, an leas sin d'ionadú chun gach críche, agus

(C) má ba thalamh socraithe, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, beidh an cúiteamh sin ina airgead caipitil chun críocha na nAcht sin,

(II) ní bheith aon duine de na hagóideoirí i dteideal cúitimh maidir leis an tógaint a rinneadh leis an ordú dílsithe,

(III) déanfar méid an chúitimh is iníoctha faoin bPríomh-Acht le gach duine de na húnaerí i gcoiteannas, seachas na hagóideoirí, a chinneadh amhail is dá mbeifí tar éis an talamh go léir lenar bhain iarratas an Aire faoi alt 23 den Phríomh-Acht a thógaint leis an ordú dílsithe,

(IV) ní bhainfidh mír (b) d'fho-alt (4) d'alt 26 den Phríomh-Acht le leas na n-agóideoirí sa talamh dílsithe, agus i gcás leasa gach duine de na hagóideoirí sa talamh dílsithe—

(A) oibreoidh an t-ordú dílsithe, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bheas ar marthain maidir le leas an agóideora sa talamh dílsithe, díreach roimh an dáta dílsithe, d'aistriú chun leasa an agóideora i bhfuíoll na talún, agus

(B) déanfaidh an leas sin i bhfuíoll na talún, maidir le haon chearta nó éilimh a bheas ar marthain, díreach roimh an dáta dílsithe, chun nó i gcoinne an leasa sin sa talamh dílsithe, an leas sin sa talamh dílsithe d'ionadú chun gach críche, agus

(V) déanfaidh Coimisiún na Talún, ar iarratas chuige sin d'fháil ó aon duine de na hagóideoirí, deimhniú d'eisiúint chun an agóideora sin a dheimhneos fíorais an cháis agus a shonrós fuíoll na talún;

(ii) mura ndearna ach an t-aon duine amháin (dá ngairmtear an t-agóideoir sa mhír seo) an t-uiríoll, ansin—

(I) amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, scoirfidh fuíoll na talún de bheith ar teachtadh i gcoiteannas ag na húnaerí i gcoiteannas agus beidh sé ar teachtadh ag an agóideoir amháin, agus i gcás leasa gach duine de na húnaerí i gcoiteannas, seachas an t-agóideoir, sa bhfuíoll sin—

(A) oibreoidh an t-ordú dílsithe, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bheas ar marthain maidir leis an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, d'aistriú chun an chúitimh is iníoctha leis an únaer sin agus a chur ag gabháil leis an gcúiteamh sin,

(B) déanfaidh an cúiteamh sin, maidir le haon chearta nó éilimh a bheas ar marthain, díreach roimh an dáta dílsithe, chun nó i gcoinne an leasa sin, an leas sin d'ionadú chun gach críche, agus

(C) má ba thalamh socraithe, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, beidh an cúiteamh sin ina airgead caipitil chun críocha na nAcht sin,

(II) ní bheidh an t-agóideoir i dteideal aon chúitimh faoin bPríomh-Acht maidir leis an tógaint a rinneadh leis an ordú dílsithe,

(III) déanfar méid an chúitimh is iníoctha faoin bPríomh-Acht le gach duine de na húnaerí i gcoiteannas, seachas an t-agóideoir, a chinneadh amhail is dá mbeifí tar éis an talamh go léir lenar bhain iarratas an Aire faoi alt 23 den Phríomh-Acht a thógaint leis an ordú dílsithe,

(IV) ní bhainfidh mír (b) d'fho-alt (4) d'alt 26 den Phríomh-Acht le leas an agóideora sa talamh dílsithe, agus i gcás leasa an agóideora sa talamh dílsithe—

(A) oibreoidh an t-ordú dílsithe, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bheas ar marthain maidir le leas an agóideora sa talamh dílsithe, díreach roimh an dáta dílsithe, d'aistriú chun leasa an agóideora i bhfuíoll na talún, agus

(B) déanfaidh an leas sin i bhfuíoll na talún, maidir le haon chearta nó éilimh a bheas ar marthain, díreach roimh an dáth dílsithe, chun nó i gcoinne an leasa sia sa talamh dílsithe, an leas sin sa talamh dílsithe d'ionadú chun gach críche, agus

(V) déanfaidh Coimisiún na Talún, ar iarratas chuige sin d'fháil ón agóideoir, deimhniú d'eisiúint chun an agóideora sin a dheimhneos fíorais an cháis agus a shonrós fuíoll na talún;

(iii) i bhfarradh an orduithe dhílsithe a cuirfear, de bhun fo-ailt (7) d'alt 26 d'Acht 1946, go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891 cuirfear cóip den ordú tógainte agus, ar an ordú sin d'fháil, bhéarfaidh an t-údarás clárúcháin sin go ndéanfar, i dteannta an tAire a chlárú mar sonraítear sa bhfo-alt sin (7), aon athruithe is gá in aon chlárú iomchuí faoi Acht 1891 atá fós ar marthain.

(2) An t-uiríoll dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo, is uiríoll é chun na gCoimisinéirí Tuaithe nó chun an Bhinse Achomhairc (do réir mar bheas) á iarraidh gan feidhm a bheith ag an ordú tógainte iomchuí ach amháin maidir le cuid den talamh lena mbaineann an t-iarratas ar an ordú sin, ar an bhforas gur cás é inar cuí go mbeadh éifeacht ag forála fo-ailt (1) den alt seo.

(3) Aithriseofar in ordú tógainte dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo gach uiríoll dá dtáinig nach bhfuil feidhm ag an ordú sin ach amháin maidir le cuid den talamh lena mbaineann iarratas an Aire faoi alt 23 den Phríomh-Acht agus ainm an duine a rinne an t-uiríoll sin.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “talamh choimín” aon talamh arb é atá ann—

(a) gabháltas lena mbaineann fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 24 den Acht Talún, 1939 (Uimh. 26 de 1939) , nó

(b) talamh lena mbaineann na fo-ailt sin arna leathnú le halt 25 den Acht Talún, 1950 ( Uimh. 16 de 1950 );

tá le “únaerí i gcoiteannas” an bhrí chéanna atá le “únaerí páirteacha” sna fo-ailt sin (2), (3), (4) agus (5).

(5) Measfar an t-alt seo a bheith ina páirt de Chaibidil III de Chuid III den Phríomh-Acht.

Easúint nua a bhunú.

5. —Má fhorálann ordú tógainte i leith aon talún, arna dhéanamh ag na Coimisinéirí Tuaithe de bhun fo-ailt (3) d'alt 23 den Phríomh-Acht nó arna athrú ag an mBinse Achomhairc de bhun fo-ailt (7) den alt sin 23, go mbunófar éasúint nua, cuirfear srian leis an éasúint nua, má sonraítear sin san ordú arna dhéanamh nó arna athrú amhlaidh, ionas nach mbeidh inti ach éasúint i gcuid áirithe nó thar cuid áirithe den talamh.

Mion-leasuithe agus leasuithe iarmartacha ar an bPríomh Acht.

6. —(1) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 5 den Phríomh-Acht a leasú trí “i gcás baint a bheith ag an ní nó ag an rud sin le cleacht nó nós imeachta na gCoimisinéirí Tuaithe” a chur in ionad “ach amháin nithe a bhaineas le cleacht agus nós imeachta an Bhinse Achomhairc”.

(2) Déantar leis seo alt 13 den Phríomh-Acht a leasú trí “(seachas iarratas chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda), gach uiríoll” a chur isteach i ndiaidh “iarratas”.

(3) Déantar leis seo mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht a leasú trí “go léir nó aon chuid de” a chur isteach i ndiaidh “an talamh eile sin”.

(4) Déantar leis seo mír (a) d'fho-alt (4) d'alt 25 den Phríomh-Acht a leasú tríd an méid seo a leanas a chur leis: “agus aon chuid den talamh neamh-intógtha nár cuireadh faoi mhuirear leis an ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfar, de bhuaidh an fho-ailt seo, í a scaoiledh ó íomlán na suime bliantúla sin”.

(5) Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (4) d'alt 25 den Phríomh-Acht a leasú trí “nó pé méid de a cuireadh faoi mhuirear leis an ordú faoi fho-alt (1) den alt seo” a chur isteach i ndiaidh “maidir leis an talamh neamh-intógtha”.

(6) Déantar leis seo mír (c) d'fho-alt (4) d'alt 25 den Phríomh-Acht a leasú—

(a) trí “nó ar aon chuid de” a chur isteach i bhfo-mhír (i) i ndiaidh “talamh neamh-intógtha”,

(b) trí “nó pé méid de a cuireadh faoi mhuirear leis an ordú faoi fho-alt (1) den alt seo” a chur isteach i bhfo-mhír (ii) den mhír sin i ndiaidh “maidir leis an talamh neamh-intógtha” agus “nó pé méid de a cuireadh faoi mhuirear leis an ordú faoi fho-alt (1) den alt seo (do réir mar is iomchuí)” a chur isteach i ndiaidh “ach an talamh neamh-intógtha”.

(7) Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (4) d'alt 26 den Phríomh-Acht a leasú trí “(nach éasúint a coimeádadh ar marthain leis an ordú dílsithe ná éasúint a mbunaíonn an t-ordú dílsithe éasúint nua ina hionad)” a chur isteach i ndiaidh “maidir le gach leas”.

(8) Déantar leis seo mír (b) d'alt 27 den Phríomh-Acht a leasú trí “go léir nó cuid de” a chur isteach i ndiaidh “an talamh eile sin” i bhfo-mhír (i) agus i bhfo-mhír (ii).

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Foraoiseachta, 1946 agus 1956, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le cheile.