28 1955


Uimhir 28 de 1955.


AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE TALMHAÍOCHTA DÍOLÚINTÍ A THABHAIRT I gCÁSANNA ÁIRITHE Ó NA COINNÍOLLACHA MAIDIR LE MARCÁIL UBH AGUS PACÁISTÍ A FORCHUIRTEAR LE hALT 31 DEN ACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939. [6 Nollaig, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht agus forléiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Toradh Talmhaíochta (Uibhe), 1939 (Uimh. 2 de 1939) .

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Díolúintí.

2. —Nuair a bheas uibhe le coinsíniú chun a n-onnmhuírithe ó áitreabh mórdhíoltóra cláraithe, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, maidir leis na coinníollacha a bhaineas le marcáil na n-ubh agus na bpacáistí ina mbeid a forchuirtear le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Phríomh-Acht agus na coinníollacha comhréire a forchuirtear le mír (c) den fho-alt sin, díolúine a thabhairt ó gach ceann nó aon cheann nó cinn de na coinníollacha sin, agus cuirfear nóta faoin díolúine in aon cheadúnas chun na huibhe d'onnmhuiriú a heiseofar faoi alt 3 den Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Uimh. 18 de 1947) .

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Uibhe), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Toradh Talmhaíochta (Uibhe), 1939 agus 1955, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile,