|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 25 de 1955. | ||
[EN] |
AN tACHT IOMPAIR, 1955. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA IOMPAIR, 1950 , AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE I dTAOBH IARNRÓD. [6 Nollaig, 1955.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1950” an t Acht Iompair, 1950 (Uimh. 12 de 1950) ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht. |
2. —(1) Leasaítear leis seo mar leanas alt 28 d'Acht 1950: |
[EN] | (a) trí mhilliún agus cúig chéad míle punt a chur in ionad milliún punt i mír (c) d'fho-alt (1) (a chuireas tórainn le hiasachta sealadacha); | |
[EN] | (b) trí dhá mhilliún déag punt a chur in ionad seacht milliún punt i mír (b) d'fho-alt (2) (a chuireas tórainn le hiasachta chun críocha caipitiúla). | |
[EN] | (2) Má thoilíonn an tAire le hairgead d'fháil ar iasacht faoi fho-alt (2) d'alt 28 d'Acht 1950, féadfaidh sé coiníoll a chur leis an toiliú nach n-úsáidfear an t-airgead ach le haghaidh cláir d'oibreacha caipitiúla a cheadós an tAire. | |
[EN] |
Ráthaíocht Stáit le hiasachta sealadacha. |
3. Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1950 a leasú trí mhilliún punt a chur in ionad cúig chéad míle punt i mír (b) (a chuireas tórainn le ráthaíocht an Aire Airgeadais le hiasachta sealadacha). |
[EN] |
Cúiteamh i leith iomarcachta de thoradh cumhacht diesel a chur in ionad cumhachta gaile. |
4. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo” oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a bhí, ar dháta an Achta seo a rith, ar fostú ag an mBord i gcáil bhuan nó a bhí, taobh amuigh de chorrbhriseadh ina fhostaíocht, ar fostú ag an mBord ar feadh iomlán na dtrí mbliain a chríochnaigh díreach roimh an dáta sin; | |
[EN] | ciallaíonn “iomarcacht” iomarcacht de thoradh cumhacht diesel a chur in ionad cumhachta gaile. | |
[EN] | (2) Mura féidir leis an mBord malairt fostaíochta ina sheirbhís a thairiscint do dhuine lena mbaineann an t-alt seo agus nach gá, ar fhoras na hiomarcachta, a choinneáil ina sheirbhís, agus má scaoiltear lena sheirbhísí, íocfaidh an Bord cúiteamh leis a ríomhfar ar an modh atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1950. | |
[EN] | (3) Má dhéanann an Bord duine lena mbaineann an t-alt seo d'aistriú, ar fhoras na hiomareachta, ó phost go dtí post eile ina sheirbhis agus go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinniollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Bhord do réir bhrí ailt 37 d'Acht 1950, ag a mbeidh feidhm chun críocha an ailt seo, íocfaidh an Bord cúiteamh leis i bhfoirm chnapshuime de pé méid is réasúnach. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (a bhaineas le cinneadh cúitimh faoin Acht sin) maidir le cúiteamh faoin alt seo. | |
[EN] |
Airleacan inaisíoctha £2,462,369 d'áireamh mar dheontas neamhinaisíoctha. |
5. —Aireofar mar dheontas neamh-inaisíoctha dhá mhilliún cheithre chéad, seasca agus dhá mhíle, trí chéad, seasca agus naoi bpuint, is é sin. iomlán na n-airleacan inaisíoctha chun an Bhoird le haghaidh caiteachais chaipitiúil a ndearnadh. arna gcur i Meastachán Forlíontach a cheadaigh Dáil Éireann an 30ú lá de Shamhain, 1949, iad a dheonadh leis an Acht Príomh-Chiste, 1950 (Uimh. 8 de 1950) , agus a leithreasú chun na críche sin leis an Acht Leithreasa, 1950 (Uimh. 20 de 1950) . |
[EN] |
Tréigean línte iarnróid áirithe. |
6. —Beidh réim ag alt 110 den Acht Iompair, 1944 ( Uimh. 21 de 1944 ), ag alt 21 d'Acht 1950 agus ag alt 26 d' Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953 (Uimh. 17 de 1953) . (a dhéanas socrú i dtaobh línte iarnróid áirithe a thréigean) maidir leis na línte iarnróid seo a leanas: |
[EN] | (a) líne iarnróid ar scoireadh a seirbhísí uile go buan sarar ritheadh Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933) , agus | |
[EN] | (b) iarnród nó trambhealach éadrom a rinneadh faoi na Tramways (Ireland) Acts, 1860 to 1900. | |
[EN] |
Deireadh le dliteanas chun oibreacha garachta seachas droichid a chothabháil, etc. |
7. —(1) Ní dhéanfaidh ordú chun líne iarnróid a thréigean difir do dhliteanas na cuideachtan iarnróid chun aon oibreacha (seachas droichid, áirsí nó lintéirí thar an líne iarnróid nó fúithi) den tsórt a luaitear in alt 68 den Railways' Clauses Consolidation Act, 1845, a chothabháil. |
[EN] | (2) Féadfaidh an chuideachta iarnróid, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt d'únaer agus (murb é an duine céanna é) d'áitithcoir talún ar chun garachta dhó a rinneadh aon oibreacha den tsórt sin, deireadh a chur lena dliteanas amhail ón dáta (nach lú ná mí i ndiaidh dáta an fhógra ná nach luaithe ná dáta an orduithe thréigin a theacht i bhfeidhm) a sonrófar sa bhfógra, agus íocfaidh an chuideachta le haon únaer nó áititheoir den tsórt sin cúiteamh i ngach díobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó toise deireadh a bheith leis an dliteanas sin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 21 d'Acht 1950 i leith cúitimh is iníoctha ag aon chuideachta iarnróid faoin alt seo, agus dá réir sin déanfar tagairtí iontu don Bhord a léamh mar thagairtí a fholaíos tagairtí don chuideachta sin. | |
[EN] | (4) Féadfar fógra faoin alt seo a thabhairt do dhuine in aon tslí acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) trína sheachadadh dhó, | |
[EN] | (b) trína fhágaint ag an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí air. | |
[EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheas dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air, nó | |
[EN] | (d) trína chur suas ag an talamh atá i gceist nó ina haice. | |
[EN] | (5) Athghairmtear leis seo mír (d) d'fho-alt (4) d'alt 110 den Acht Iompair, 1944 , agus mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 21 d'Acht 1950. | |
[EN] |
Cumhachta cuideachtan iarnróid i leith líne iarnróid a tréigeadh. |
8. —I gcás ina n-údaraítear do chuideachta iarnróid aon líne iarnróid a thréigean, féadfar an chumhacht a tugtar le haon achtachán chun talamh faoin líne agus á tadhall a dhíol, trí ghnóthaíocht phríobháideach, le húnaer na talún ar dhá thaobh na líne, d'fheidhmiú i bhfabhar aon únaera talún ar cheachtar taobh den líne; agus chun deireadh a chur le hamhrais dearbhaítear leis seo go bhféadfar an talamh sin nó aon chuid di a choinneáil, in ionad í a dhíol, agus go bhféadfar aon talamh a coinneofar amhlaidh a léasú, a ligean nó d'úsáid chun aon cheann de chríocha na cuideachtan. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
9. —Féadfar an tAcht Iompair, 1955 , a ghairm den Acht seo. |