An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghnéitheach agus Ginearálta.)

13 1955

AN tACHT AIRGEADAIS, 1955

CUID V.

Dleachta Stampa.

Deireadh le dleacht stampa ar dheimhnithe bliantúla nótairí poiblí.

16. —(1) Scoirfidh an dleacht stampa is inmhuirir, de bhuaidh ailt 1 den Stamp Act, 1891, ar an deimhniú atá le tógaint amach gach bliain ag nótaire poiblí (is ionstraim a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin) de bheith iníoctha.

(2) Más rud é, an 26ú lá de Mhárta, 1955, nó dá éis sin, go mbeidh aon nótaire poiblí tar éis deimhniú cuí-stampáilte a thógaint amach, beidh sé i dteideal, ar é dá éileamh sin, dleacht d'aisíoc leis de mhéid is comhionann leis an méid a gheofar tríd an gcodán a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a chur i bhfeidhm ar an méid dleachta a híocadh i leith an deimhnithe.

(3) Is é codán dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo an codán arb é is uimhreoir dó an méid lá sa tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an 25ú lá de Mhárta. 1956, agus arb é is ainmneoir dó 366.

Comhaontuithe díola ar-cairde.

17. —Maidir le haon chomhaontú díola-ar-cairde do réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946 ( Uimh. 16 de 1946 ), nó maidir le haon ionstraim (seachas comhaontú díola-ar-cairde den tsórt sin) is comhaontú, nó meabhrán comhaontuithe, a rinneadh le haghaidh nó i leith díol aon earraí nó marsantais—

(a) pé acu faoi láimh agus faoi sin amháin é nó faoi shéala, ní bheidh dleacht stampa faoin mírcheann “Bond, Covenant or Instrument” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, inmhuirir air, agus

(b) i gcás ina mbeadh dleacht stampa mar adúradh inmhuirir air mura mbeadh mír (a) den alt seo—

(i) más faoi láimh agus faoi sin amháin é, ní bheidh feidhm maidir leis ag an díolúine darb uimhir (3) faoin mírcheann “Agreement or any Memorandum of an Agreement” sa Chéad Sceideal sin agus muirearófar dleacht stampa faoin mírcheann sin air, agus

(ii) más faoi shéala é, beidh dleacht stampa faoin mírcheann “Deed of any kind whatsoever, not described in this schedule” sa Chéad Sceideal sin inmhuirir air.