An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1955) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.)

13 1955

AN tACHT AIRGEADAIS, 1955

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1955-56.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, ag na forála ar leithligh reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1955, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí agus ar an tórainn le hioncam linbh.

2. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of one hundred pounds” a chur in ionad “a deduction of eighty-five pounds” (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 )).

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí “sixty pounds a year” a chur in ionad “forty pounds a year”.

Leasú maidir le brabúis as trádála a bhíos ar siúl ag carthanais a dhíolmhadh ó cháin ioncaim

3. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 30 den Finance Act, 1921, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (c):

“(c) from income tax under Schedule D in respect of the profits of a trade carried on by any charity, if the profits are applied solely to the purposes of the charity and either—

(i) the trade is exercised in the course of the actual carrying out of a primary purpose of the charity, or

(ii) the work in connection with the trade is mainly carried on by beneficiaries of the charity.”

Faoiseamh i leith íocaíochtaí ar arachas in aghaidh costas tinnis.

4. —(1) Má dhéanann pearsa éileamh chuige sin sa tslí a forordaítear leis na hAchta Cánach Ioncaim agus go dtabharfaidh tuairisceán sa bhfoirm fhorordaithe ar ioncam iomlán na pearsan agus go gcruthóidh go ndearna an phearsa nó, más fear pósta an phearsa, go ndearna a bhean chéile, sa bhliain roimh an mbliain mheasúnuithe, íocaíocht le hárachóir údaraithe faoi chonradh árachais a fhorálas go sonrach, pé acu i dteannta sochar eile é nó nach ea, go n-aisíocfar nó go n-íocfar, go hiomlán nó go páirteach, dearbh-chostais liachta, mháinliachta nó altranais (lena n-áirítear costas cothabhála in ospidéal, teach altranais nó sanatorium) de dheasca tinneas nó tionóisc a bhaint don phearsa nó do chéile na pearsan nó do leanaí nó cleithiúnaithe eile leis an bpearsa nó le céile na pearsan, ansin—

(a) mura n-árachaíonn an íocaíocht aon tsochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, déanfar méid iomlán na híocaíochta a bhaint d'aon ioncam, né d'fhritháireamh i gcoinne aon ioncaim, de chuid na pearsan, más é an phearsa a rinne an íocaíocht, nó de chuid bhean chéile na pearsan más ise a rinne an íocaíocht, in aghaidh na bliana measúnuithe, agus

(b) má árachaíonn an íocaíocht sochair seachas an t-aisíoc nó an t-íoc sin, bhéarfar a shamhail d'fhaoiseamh in aghaidh an mhéid den íocaíocht is inchurtha i leith an aisíoca nó an íoca sin,

agus, más gá, glanfar nó aisíocfar cáin dá réir sin agus déanfar ioncam iomlán na pearsan in aghaidh na bliana measúnuithe a ríomh dá réir sin chun críocha uile na nAcht Cánach Ioncaim.

(2) Nuair a déanfar amach do réir fo-ailt (1) den alt seo suim atá le baint d'ioncam duine den lánúin, nó le fritháireamh ina choinne, ansin—

(a) mura bhfuil aon ioncam de chuid an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnuithe ar féidir faoiseamh faoin bhfo-alt sin a thabhairt ina leith, féadfar an faoiseamh a thabhairt i leith ioncaim de chuid an duine eile den lánúin in aghaidh na bliana sin, agus

(b) má tá an tsuim a déanfar amach mar adúradh níos mó ná ioncam an duine sin den lánúin in aghaidh na bliana measúnuithe, féadfar an bhreis a bhaint d'aon ioncam de chuid an duine eile den lánúin in aghaidh na bliana sin nó í d'fhritháireamh ina choinne.

(3) Má tugtar faoiseamh faoin alt seo ní tabharfar ná ní lamhálfar aon fhaoiseamh ná asbhaint faoi aon fhoráil eile de na hAchta Cánach Ioncaim i leith na híocaíochta nó na coda d'íocaíocht (pé acu é).

(4) Beidh feidhm maidir le faoiseamh, faoin alt seo, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forála uile de na hAchta Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le lamháltais nó asbhaintí do réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Finance Act, 1920.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “árachóir údaraithe” aon duine a bhfuil gnó árachais den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo ar siúl aige go dleathach sa Stát;

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim.

loc úis ar stoc comhairle contae, bardais chontaebhuirge nó bhuirge eile nó comhairle ceantair uirbigh.

5. —(1) Measfar i dtaobh aon stoic faoi alt 87 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), a heiseofar tar éis an tAcht seo a rith, gur urrúis arna n-eisiúint faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , an stoc sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.

(2) (a) Ní bheidh feidhm ag Riail 6 de na Rialacha Ilghnéith eacha a bhaineas le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná ag Rialacha 19 agus 21 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceidil A, B, C, D agus E den Acht sin i gcás úis (dá ngairmtear an t-ús sin san alt seo) a ndéanfar, le hordú ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , mar bheirtear feidhm dó leis an alt seo, é d'íoc gan cáin a bhaint as.

(b) I gcás feidhm a bheith ag mír (a) den fho-alt seo maidir le comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh (dá ngairmtear an t-údarás áitiúil sa mhír seo), ní bheidh an cháin iomlán is iníoctha ag an údarás áitiúil trí asbhaint nó eile, in aghaidh aon bhliana measúnuithe níos mó ná suim a déanfar amach tríd an gcáin iomlán d'áireamh ar dtúis dob iníoctha, mura mbeadh an t-alt seo, ag an údarás áitiúil, trí asbhaint nó eile, in aghaidh na bliana sin agus ansin suim a bhaint de sin is ionann agus cáin ar an méid den ús sin d'íoc an t-údarás áitiúil in aghaidh na bliana sin.

(3) Cuirfear an clásal seo a leanas le Riail 1 de Chás III le Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918, is é sin te rá:

“(j) interest on stock under section 87 of the Local Government Act, 1946 (No. 24 of 1946), in cases where such interest is paid without deduction of tax.”