11 1955


Uimhir 11 de 1955.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1955

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH MÉADUITHE AR NA RÁTAÍ PINSEAN FAOI ACHTA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1952, AGUS AR RÁTAÍ PINSEAN (NEAMHRANNÍOCACH) BAINTREACH FAOI NA hACHTA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1952. [21 Meitheamh, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar rátaí pinsean sean-aoise.

1. —Amhail ón 29ú lá d'Iúil, 1955, déanfar gach ceann de na rátaí 21s. 6d., 16s. 6d., 11s. 6d., agus 6s. 6d., atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 77 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , a mhéadú 2s. 6d.

Méadú ar rátaí pinsean (neamhranníocach) baintreach.

2. —(1) I dTáible B a ghabhas le halt 20 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ( Uimh. 29 de 1935 ), is é sin an t-alt a cuireadh isteach san Acht sin le halt 105 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952) , cuirfear na rátaí atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí atá leagtha amach sa Táible B sin.

AN TÁIBLE.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach.

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí, arna ríomh go cuí— gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ...     ...     ...     ...

22

6

29

6

36

6

níos mó ná

£52

10s.

0d.

gan bheith níos mó ná

£65

10s.

0d.

17

6

24

6

31

6

,,     ,,     ,,

£65

10s.

0d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£78

10s.

0d.

12

6

19

6

26

6

,,     ,,     ,,

£78

10s.

0d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£104

15s.

0d.

7

6

14

6

21

6

,,     ,,     ,,

£104

15s.

0d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£117

15s.

0d.

Neamhní

7

0

4

0

,,     ,,     ,,

£117

15s.

0d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,

£130

15s.

0d.

Neamhní

Neamhní

7

0

,,     ,,     ,,

£130

15s.

0d.

...

...

...

...

...

Neamhní

Neamhní

Neamhní

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 29ú lá d'Iúil, 1955.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1955, a ghairm d'Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.

(3) Féadfar na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1955, a ghairm de na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.