An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Oifigí agus Fostaíochtaí agus Leasuithe ar Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.) Ar Aghaidh (CUID III Bóithre.)

9 1955

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955

Caibidil II.

Leasuithe ar Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.

An Príomh-Acht.

25. —(1) Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) .

(2) In aon chás ina ndearnadh le haon Acht eile feidhm maidir le haon oifig nó fostaíocht áirithe, nó maidir le haon bhord, coiste nó comhlucht eile (corpraithe nó neamhchorpraithe), a thabhairt don Phríomh-Acht, beidh feidhm ag an bPríomh-Acht maidir leis an oifig nó an fhostaíocht sin nó maidir leis an gcomhlucht sin i dteannta agus faoi réir na leasuithe air a déantar leis na hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo.

Alt 2 den Phríomh-Acht a leasú.

26. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht trí “(nach oifig shealadach, oifig pháirt-aimsire mar innealltóir nó suirbhéir faoi chomhairle bhaile-cheantair nó coimisinéirí baile nó oifig mhúinteora)” a chur i mír (b) d'fho-alt (1) in ionad “agus gach fostaíocht (nach oifig ná fostaíocht mhúinteora)” agus trí “nó teicniciúla” a scrios as an mír sin.

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

27. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—

“(5) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) den alt seo faoi réir an choinníll, má shonraíonn an t-údarás áitiúil tréimhse (nach 1ú ná trí mhí) ina mbeidh ar an duine a mholfas na Coimisinéirí nó a mheasfas an t-údarás áitiúil is cóir a cheapadh (do réir mar bheas) dul i mbun dualgas agus má chuirid an tréimhse a bheas sonraithe amhlaidh in iúl dó, nach gceapfaidh an t-údarás áitiúil an duine sin mura dté sé i mbun dualgas laistigh den tréimhse sin.

(6) Mura dté duine dá dtagartar i bhfo-alt (5) den alt seo i mbun dualgas laistigh den tréimhse a cuireadh in iúl dó—

(a) iarrfaidh an t-údarás áitiúil ar na Coimisinéirí duine a mholadh dhóibh lena cheapadh chun na hoifige,

(b) mura n-iarra an t-údarás áitiúil, laistigh de thrí mhí tar éis deireadh na tréimhse sin, ar na Coimisinéirí duine a mholadh dhóibh lena cheapadh chun na hoifige, féadfaidh an tAire thar ceann an údaráis áitiúil a iarraidh ar na Coimisinéirí duine a mholadh don údarás áitiúil lena cheapadh chun na hoifige,

(c) ar iarratas a bheith déanta mar adúradh ag an údarás áitiúil nó ag an Aire (do réir mar bheas), beidh feidhm i dtaca leis an iarratas sin ag fo-ailt (3), (4) agus (5) den alt seo agus ag an bhfo-alt seo.”

(2) I dteannta feidhm a bheith acu maidir le haon chás ina ndéanfar iarratas nó moladh faoi alt 6 den Phríomh-Acht tar éis tosach feidhme an ailt seo, beidh feidhm freisin ag na forála atá i bhfo-alt (1) den alt seo in aon chás ina dtarlóidh, ar an tosach feidhme sin, go mbeidh iarratas nár lean moladh as, nó moladh nár lean ceapachán as, arna dhéanamh faoin alt sin 6.

Alt 10 den Phríomh-Acht a leasú.

28. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 10 den Phríomh-Acht:—

(I) i bhfo-alt (1) cuirfear “pé táille (lena n-áirítear, má mheasann na Coimisinéirí gur cuí é, táille ar scrúdú dochtúra) is dóigh leis na Coimisinéirí is ceart” in ionad “pé táillí is dóigh leo is ceart”,

(II) cuirfear an fo-alt seo a leanas leis an alt:

“(3) Féadfaidh na Coimisinéirí an táille is féidir d'éileamh de bhun an ailt seo a shocrú ó am go ham, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire, go ginearálta maidir le gach oifig de ghrád áirithe.”

Scrúdú comórtais a ligean thar ceal.

29. —(1) Más dóigh leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, le comhthoiliú an Aire oiriúnaigh, gurb amhlaidh, ag féachaint don chineál dualgas a ghabhas le hoifig áirithe lena mbaineann an Príomh-Acht nó a ghabhas leis na hoifigí sin uile d'aicme, tuairisc nó grád áirithe, don eolas agus don taithí is riachtanach chun na dualgais sin a chomhlíonadh go héifeachtúil agus do na cáilíochtaí (mar atáid cheana nó mar atá beartaithe iad a bheith) le haghaidh na hoifige nó na n-oifigí sin, nach féidir an duine nó na daoine a bheas le moladh lena gceapadh chun na hoifige nó na n-oifigí sin a roghnú go sásúil trí scrúdú comórtais, féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, maidir leis an oifig nó na hoifigí sin, an scrúdú comórtais a ceanglaítear leis an bPríomh-Acht a ligean thar ceal agus an duine nó na daoine a bheas le moladh acu a roghnú i pé slí is cuí leo.

San alt seo, tá le “an tAire oiriúnach” an bhrí atá le “an tAire” sa Phríomh-Acht arna leasú agus arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Phríomh-Acht in aon chás a bhfuil fo-alt (1) den alt seo infheidhme maidir leis mura ndearna na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, roimh thosach feidhme an ailt seo, an scrúdú comórtais a ligean thar ceal sa chás sin de bhun an ailt sin 9.

Rollaí de dhaoine atá cáilithe lena gceapadh chun oifigí.

30. —(1) San alt seo ciallaíonn “rolla-aicmíocht” aon aicme, tuairisc nó grád oifige a chinnfeas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla chun críocha an ailt seo.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, más oiriúnach leo é, do réir rialacha faoi fho-alt (4) den alt seo, a shocrú ó am go ham go scrúdófar maidir, le gach ceann nó aon cheann de na hoifigí de rolla-aicmíocht áirithe, cáilíochtaí daoine ar mian leo go gceapfaí iad chun aon fholúntas atá nó a bheas ann agus go n-ullmhófar rolla de na daoine sin óna bhféadfar moladh a dhéanamh do réir iarratais (pé acu roimh chríochnú an rolla nó dá éis sin a gheofar é) faoi alt 6 den Phríomh-Acht nó faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ).

(3) Má hiarrtar ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, faoi alt 6 den Phríomh-Acht nó faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), duine a mholadh lena cheapadh chun oifige de rolla-aicmíocht áirithe, féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, más oiriúnach leo é, duine a roghnú as an rolla iomchuí a hallmhaíodh faoi fho-alt (2) den alt seo agus an duine sin a mholadh lena cheapadh.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, le toiliú an Aire oiriúnaigh, rialacha a dhéanamh chun críocha fo-ailt (2) den alt seo a mbeidh feidhm acu go ginearálta maidir le gach rolla-aicmíocht nó maidir le haon rolla-aicmíocht áirithe.

San alt seo tá le “an tAire oiriúnach” an bhrí atá le “an tAire” sa Phríomh-Acht, arna leasú agus arna oiriúnú le hachtachán ina dhiaidh sin.