An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Leasuithe ar Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.)

9 1955

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955

CUID II.

Oifigí agus Fostaíochtaí agus Leasuithe ar Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.

Caibidil I.

Oifigí agus Fostaíochtaí.

Mínithe do Chaibidil I de Chuid II.

6. —Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo tá le “Aire oiriúnach”, “údarás áitiúil”, “mór-oifig”, agus “oifig” na bríonna atá leo faoi seach i gCuid II d'Acht 1941.

Athrú ar dhualgais i gcásanna áirithe.

7. —Más rud é, trí chomhaontú nó comhshocraíocht arna dhéanamh faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile, go bhfeidhmíonn nó go gcomhlíonann údarás áitiúil cumhacht, feidhm nó dualgas de chuid chomhluchta eile—

(a) beidh ar gach oifigeach don údarás áitiúil pé dualgais a chomhlíonadh a gcinnfidh an t-údarás áitiúil gur dualgais iad is iomchuí don chineál sin cumhachta, feidhme nó dualgais, agus

(b) más údarás áitiúil an comhlucht eile, beidh ar gach oifigeach don údarás áitiúil sin gan na dualgais sin a chomhlíonadh a gcinnfidh an t-údarás áitiúil sin gur dualgais iad is iomchuí don chineál sin cumhachta, feidhme nó dualgais.

Ceadú nó toiliú ginearálta ón Aire oiriúnach.

8. —Maidir le haon chumhacht de chuid an Aire oiriúnaigh—

(a) is cumhacht faoi Chuid II d'Acht 1941, faoi Cuid III d'Acht 1946 nó faoin gCaibidil seo den Chuid seo den Acht seo, agus

(b) is cumhacht chun gníomhartha aon údarás áitiúla a cheadú nó chun toiliú leo,

féadfaidh an tAire oiriúnach, maidir leis na húdaráis sin go léir nó le haon cheann nó cinn áirithe nó le haon aicme áirithe de na húdaráis sin, ceadú nó toiliú ginearálta a thabhairt a bhainfeas le gníomhartha dá sórt a déanfar feasta i gcásanna inarb eisean an tAire oiriúnach agus ag a mbeidh éifeacht ar an údarás nó na húdaráis a bheas i gceist do chomhlíonadh coinníollacha nó ceanglas sonraithe agus ar an gcomhlíonadh sin amháin.

Luach saothair uileghabhálach.

9. —(1) Féadfaidh an tAire oiriúnach a ordú gur luach saothair uileghabhálach an luach saothair do na hoifigí uile arb eisean an tAire oiriúnach ina leith, nó do pé méid de na hoifigí sin a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád sonraithe, nó d'oifig shonraithe de na hoifigí sin.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, íocfaidh sealbhóir oifige lena mbaineann treoir faoin alt seo, leis an údarás áitiúil faoina bhfuil an oifig ar seilbh aige, aon táillí nó airgead eile (seachas a luach saothair uileghabhálach) is iníoctha leis an sealbhóir sin agus a fuair sé de bhuaidh na hoifige nó i leith seirbhísí a ceanglaítear ar an té a shealbhaíos an oifig a chomhlíonadh le haon achtachán nó faoi.

(3) Ní bheidh feidhm ag treoir faoin alt seo, mura dtoilí sé féin léi, maidir le duine a bheas, tráth na treorach a thabhairt, ina shealbhóir ar oifig lena mbaineann an treoir an fhad a fhanfas sé i seilbh na hoifige sin.

(4) I gcás sealbhóir oifige lena mbaineann treoir faoin alt seo a bheith freisin i seilbh oifige faoi Roinn Stáit, measfar, chun críocha an ailt seo, gur de bhuaidh na hoifige tosaigh sin a fuair sé aon táillí nó airgead eile a bheas faighte aige de bhuaidh na hoifige deiridh sin.

(5) Aon ordachán a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i bhfeidhm faoi alt 22 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1941 maidir le sealbhóir oifige, leanfaidh sé d'éifeacht a bheith aige amhail is dá mba threoir faoin alt seo é maidir leis an oifig sin.

Oifigí a chónascadh.

10. —(1) Más é an t-aon Aire amháin an tAire oiriúnach maidir le haon oifigí áirithe, féadfaidh an tAire sin, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla a bheas i gceist, na hoifigí a chónascadh le hordú, agus air sin déanfar aon oifig amháin de na hoifigí sin agus is aon oifig amháin a bheas iontu faoi pé teideal (más ann) a sonrófar san ordú.

(2) Más rud é, maidir le haon oifigí áirithe, go bhfuil beirt Airí nó níos mó ann agus gach duine acu ina Aire oiriúnach maidir le hoifig amháin nó níos mó ná oifig amháin de na hoifigí sin, féadfaidh na hAirí sin, faoi réir forál an ailt seo agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil nó leis na húdaráis áitiúla a bheas i gceist, na hoifigí a chónascadh le hordú, agus air sin déanfar aon oifig amháin de na hoifigí agus is aon oifig amháin a bheas iontu faoi pé teideal (más ann) a sonrófar san ordú agus faoi pé Aire a sonrófar san ordú mar Aire oiriúnach chun críocha Coda II d'Acht 1941, Coda III d'Acht 1946 agus na Caibidle seo den Chuid seo den Acht seo.

(3) Ní cónascfar oifigí faoin alt seo mura rud é—

(a) go bhfuil gach hoifig acu folamh, nó

(b) gurb é an t-aon duine amháin atá i seilbh gach oifige acu, nó

(c) i gcás nach bhfuil gan bheith folamh ach oifig amháin acu, go dtoileoidh sealbhóir na hoifige sin le déanamh an orduithe, nó

(d) in aon chás eile, gurb é an t-aon duine amháin atá i seilbh gach oifige acu nach bhfuil folamh agus go dtoileoidh an duine sin le déanamh an orduithe.

(4) I gcás gan gach aon cheann d'oifigí a cónascfar faoin alt seo a bheith faoin aon údarás áitiúil amháin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) is é a dhéanfas ceapacháin chun na hoifige cónasctha ná pé ceann de na húdaráis áitiúla a bheas i gceist a shonrós an tAire oiriúnach le hordú,

(b) íocfaidh an t-údarás áitiúil a dhéanfas ceapacháin chun na hoifige cónasctha a luach saothair le sealbhóir na hoifige cónasctha, agus féadfaidh an t-údarás áitiúil sin pé cuid den luach saothair a ghnóthú ó aon údarás áitiúil eile a bheas i gceist a ndéanfar socrú ina taobh trí chomhaontú eatarthu nó, cheal comhaontuithe, a shocrós an tAire oiriúnach nó má bhíonn beirt Airí nó níos mó i gceist, a socrófar trí chomhaontú idir na hAirí sin.

(5) Aon ordú a rinneadh nó a meastar a rinneadh faoi alt 36 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1946, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt seo agus é a bheith inleasuithe nó inchúlghairmthe dá réir sin.

Amhrais, etc., áirithe a chinneadh.

11. —(1) Má tharlaíonn aon amhras, díospóid nó ceist, nó más dóigh leis an Aire oiriúnach gur dócha é a tharlachtaint, i dtaobh aon duine áirithe, nó daoine d'aon aicme, tuairisc nó grád áirithe, atá fostaithe ag údarás áitiúil nó údaráis áitiúla, a bheith ina oifigeach nó ina n-oifigigh, nó gan a bheith, chun críocha an Achta seo nó aon cheann de na hAchta Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, nó i dtaobh aon phoist áirithe, nó postanna d'aon aicme, tuairisc nó grád áirithe, faoi údarás áitiúil nó údaráis áitiúla, a bheith ina oifig nó ina n-oifigí, nó gan a bheith, chun na gcríocha sin, is é an tAire oiriúnach a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist agus is cinneadh críochnaitheach a bheas ann.

(2) Aon chinneadh a rinneadh faoi alt 12 (a hathghairmtear leis an Acht seo) d'Acht 1941, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

Alt 10 d'Acht 1941 a leasú.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1941 trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—

“(4) Chun críocha an ailt seo, féadfaidh údarás áitiúil, le haontú ginearálta nó sonrach an Aire oiriúnaigh, oifigí a bhunú ar fhoras buan nó ar fhoras sealadach.

(5) Féadfaidh údarás áitiúil, le haontú ginearálta nó sonrach an Aire oiriúnaigh, deireadh a chur le hoifigí, ach i gcás oifige a bheas ar seilbh ag duine i gcáil bhuan ní cuirfear deireadh léi ach amháin le toiliú an duine sin.

(6) Ní déanfar achomharc faoi fho-alt (2) den alt seo tar éis sé mhí i ndiaidh na breithe a chur in iúl don oifigeach.”

(2) I gcás breithe a tugadh roimh thosach feidhme an ailt seo, forléireofar an tagairt atá i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 10 d'Acht 1941 do shé mhí i ndiaidh na breithe a chur in iúl don oifigeach mar thagairt do shé mhí i ndiaidh na breithe a chur in iúl don oifigeach nó i ndiaidh an tosach feidhme sin, pé acu is déanaí.

Ailt 13 agus 16 d'Acht 1941 a leasú.

13. —Forléireofar na tagairtí in ailt 13 agus 16 d'Acht 1941 do Chuid II den Acht sin mar thagairtí a fholaíos tagairtí do Chuid III d'Acht 1946 agus don Chaibidil seo den Chuid seo den Acht seo.

Alt 19 d'Acht 1941 a leasú.

14. —Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1941 mar leanas:

(I) cuirfear na míreanna seo a leanas in ionad míre (j) d'fho-alt (1):—

“(j) ag déanamh socruithe, i gcás sealbhóirí a bheith breoite, as láthair nó faoi éagumas, chun go gcomhlíonfaidh ionadaí a ndualgais,

(k) ag déanamh socruithe chun srian a chur le sealbhóirí do ghabháil le haon obair shochrach eile,

(l) ag déanamh socruithe chun údaráis áitiúla do chur sealbhóirí a shealbhaíos oifigí i gcáil bhuan as seilbh na n-oifigí sin agus ag forordú an nós imeachta a bheas le leanúint agus na gcoinníollacha a bheas le comhlíonadh maidir lena gcur as oifig,

(m) ag déanamh socruithe chun údaráis áitiúla do chur sealbhóirí ar fionraí ó chomhlíonadh a ndualgas (lena n-áirítear smacht-fhionraí gearrthréimhse, nach sia ná seacht lá), chun gan luach saothair d'íoc ar feadh na fionraí agus, ar dheireadh a theacht leis an bhfionraí, chun an luach saothair a ndéanfaí, mura mbeadh an fhionraí, é d'íoc le linn tréimhsí na fionraí, d'fhorghéilleadh (go hiomlán nó go páirteach) nó d'íoc nó a dhiúscairt ar shlí eile,

(n) ag déanamh socruithe chun na rialacháin d'fhorlíonadh trí threoracha (is treoracha chun éifeacht a thabhairt do na rialacháin, ach nach ndéanann leathnú ar na rialacháin ná fairsingiú ar a réim) a bhéarfas an tAire oiriúnach ó am go ham.”

(II) cuirfear na fo-ailt seo a leanas leis an alt:—

“(4) Más rud é, chun críocha aon achtacháin nó orduithe, gur gá do shealbhóir oifige aon ordú nó moladh a dhéanamh, aon deimhniú, aontú nó ceadú a thabhairt nó aon ghníomh eile a dhéanamh, beidh an t-ordú, an moladh, an deimhniú, an t-aontú, an ceadú nó an gníomh sin, ar a bheith déanta nó tugtha ag ionadaí a bheas ag comhlíonadh dualgas an tsealbhóra de bhun rialachán faoin alt seo le linn an sealbhóir a bheith breoite, as láthair nó faoi éagumas, chomh bailí chun gach críche agus dá mba é an sealbhóir féin a rinne nó a thug é.

(5) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”

Alt 20 d'Acht 1941 a leasú.

15. —Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

“(3) Féadfar na cumhachta a bheirtear leis an alt seo maidir le haon oifig áirithe d'fheidhmiú d'ainneoin go mbaineann an oifig sin le haicme, tuairisc nó grád ar feidhmíodh cheana maidir léi na cumhachta a bheirtear leis an alt seo.”

Alt 21 d'Acht 1941 a leasú.

16. —Déantar leis seo alt 21 d'Acht 1941, arna leasú le halt 40 d'Acht 1946, a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

“(12) Más rud é, maidir le haon oifig, gur dearbhaíodh faoin alt seo gur cháilíocht don oifig sin nárbh fholáir d'aon bhean a shealbhódh í bheith neamhphósta nó ina baintreach, ní bheidh feidhm ag an gcáilíocht sin i gcás mná pósta a shealbhaíos, i gcáil bhuan, oifig a mbaineann a dualgais le nithe atá comhionann nó cosúil leis na nithe lena mbaineann dualgais na hoifige céadluaite agus nach raibh an cháilíocht sin, ná an coinníoll go gcaithfeadh an sealbhóir éirí as an oifig ar phósadh dhí, ag baint leis an oifig nuair a ceapadh í (lena n-áirítear cás inar de bhuaidh an fho-ailt seo a tharla an neamhbhaint sin).”

Alt 24 d'Acht 1941 a leasú.

17. —Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1941 mar leanas:—

(I) cuirfear an focal agus an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh míre (b) d'fho-alt (1):—

“nó

(c) gurb é leas na poiblíochta, mar gheall ar aon athrú (pé acu bheas sé déanta cheana nó a beifear ag cuimhneamh ar é a dhéanamh) ar chineál nó méid na ndualgas a ghabhas leis an oifig sin, deireadh a chur leis an oifig sin,”

(II) i bhfo-mhír (iii) de mhír (b) d'fho-alt (3) cuirfear “aon údarás áitiúil” in ionad “an t-údarás áitiúil iomchuibhe”,

(III) i bhfo-mhír (v) de mhír (b) d'fho-alt (3) cuirfear “oiriúnach” i ndiaidh “an tAire”,

(IV) cuirfear an fo-alt seo a leanas leis an alt:—

“(5) Chun críocha fo-mhíre (v) de mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, má bhíonn dualgais na hoifige eile le comhlíonadh tamall ón áit nó ó na háiteanna inar comhlíonadh dualgais na céad oifige, ní measfar go ndéanann an ní sin ann féin dochar ábhartha do staid an tsealbhóra.”

Alt 27 d'Acht 1941 a leasú.

18. —Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1941 trí “údarás áitiúil nó” a scrios as fo-mhír (1), trí “faoi údarás áitiúil” a chur inti in ionad “fén údarás áitiúil sin”, agus trí “ar aon tslí eile”, “an t-údarás áitiúil sin no” agus “(do réir mar a bheidh)” a scrios as an bhfo-mhír sin.

Alt 29 d'Acht 1941 a leasú.

19. —Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1941 mar leanas:—

(I) cuirfear “nó sealbhóirí na mór-oifigí sin a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád áirithe” isteach i ndiaidh “aon mhór-oifige áirithe” agus cuirfear “nó na hoifigí” isteach i ndiaidh “an oifig”,

(II) cuirfear an mhír seo a leanas leis an alt:—

“Féadfar na cumhachta a bheirtear leis an alt seo maidir le sealbhóirí mór-oifige áirithe d'fheidhmiú d'ainneoin go mbaineann an oifig sin le haicme, tuairisc nó grád ar feidhmíodh cheana maidir léi na cumhachta a bheirtear leis an alt seo.”

Srian leis an gcumhacht chun luach saothair a cheapadh.

20. —(1) Ní feidhmeofar cumhacht údaráis áitiúil faoi alt 10 d'Acht 1941 chun luach saothair a cheapadh d'oifigeach ach amháin do réir pé ceann nó cinn acu seo a leanas is iomchuí ó am go ham:—

(a) aon ordú a bhéarfas an tAire oiriúnach faoi alt 29 d'Acht 1941,

(b) aon rialachán a dhéanfas an tAire oiriúnach faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1941,

(c) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair oifigeach i gcoitinne a rialú dá réir,

(d) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair oifigeach d'aicme, tuairisc nó grád sonraithe a rialú dá réir, is aicme, tuairisc nó grád lena mbaineann an t-oifigeach,

(e) ceadú an Aire oiriúnaigh.

(2) Ní feidhmeofar cumhacht údaráis áitiúil faoi alt 10 d'Acht 1941 chun luach saothair a cheapadh do sheirbhíseach ach amháin do réir pé ceann nó cinn acu seo a leanas is iomchuí ó am go ham:—

(a) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair seirbhíseach i gcoitinne a rialú dá réir,

(b) aon treoir a bhéarfas an tAire oiriúnach i dtaobh na gcúinsí ar chóir luach saothair seirbhíseach d'aicme, tuairisc nó grád sonraithe a rialú dá réir, is aicme, tuairisc nó grád lena mbaineann an seirbhíseach,

(c) ceadú an Aire oiriúnaigh.

(3) Féadfaidh an tAire oiriúnach treoracha a thabhairt chun críocha an ailt seo.

Srian le hoifig a shealbhú nó le bheith ar fostú.

21. —(1) Ní shealbhóidh duine ar bith aon oifig shochair faoi aon údarás áitiúil, ná ní bheidh ar fostú ar luach saothair aige ná faoi, le linn dó bheith ina chomhalta den údarás sin.

(2) Ní shealbhóidh duine ar bith aon mhór-oifig faoi údarás áitiúil le linn dó bheith ina chomhalta d'aon údarás áitiúil eile arb é is límistéir fheidhmiúcháin dó an chontae nó an chontaebhuirg chéanna is límistéir fheidhmiúcháin don údarás áitiúil sin nó a bhfuil a límistéir fheidhmiúcháin laistigh den chontae nó den contae-bhuirg chéanna sin nó in aon chontae nó contaebhuirg atá i dtadhall leis an gcontae nó leis an gcontae-bhuirg sin.

(3) Nuair a scoirfeas duine de bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil ar shlí seachas trí dhul in éag dá théarma oifige, measfar chun críocha fo-alt (1) agus (2) den alt seo é do leanúint de bheith ina chomhalta den tsórt sin go ceann dhá mhí dhéag tar éis an scoir sin nó go dtí go mbeadh deireadh, mura mbeadh an scor sin, lena théarma oifige, pé tréimhse acu sin is giorra.

(4) San alt seo forléireofar aon tagairt d'údarás áitiúil mar thagairt nach bhfolaíonn tagairt d'aon chomhlucht nach mbaineann a fheidhmeanna ach le comhairliú, breithniú, tuairisciú nó comhchomhairliú.

(5) Scoirfidh fo-alt (1) d'alt 70 d'Acht 1925 d'éifeacht a bheith aige, faoi réir an choinníll go leanfaidh gach srian le haon oifig shochair a shealbhú nó le bheith fostaithe ar luach saothair, is srian a tharla de dhroim aon Acht eile do thabhairt feidhme don alt sin agus a bhí i ngníomh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, de bheith i ngníomh.

Cumhachta, etc., áirithe d'aistriú.

22. —(1) Déantar leis seo gach cumhacht, feidhm nó dualgas a bheirtear le reacht d'aon tsuirbhéir nó suirbhéir cúnta faoi údarás áitiúil d'aistriú chun an údaráis áitiúil sin.

(2) Ní measfar gur dochar ábhartha dá staid an t-aistriú a déantar le fo-alt (1) den alt seo ó aon tsuirbhéir nó suirbhéir cúnta.

Forála speisialta do dhaoine áirithe.

23. —(1) Más rud é—

(a) go mbeidh ag duine, i dtosach feidhme an ailt seo, tréimhse de sheirbhís áitiúil inphinsin chun críocha Coda II den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 (Uimh. 4 de 1948) , agus

(b) ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí, nach ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1954, gur chomhlíon an duine sin dualgais údaráis áitiúil de bhuaidh ceapacháin a rinneadh faoi reacht, féadfar an tréimhse dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo agus an tréimhse nó na tréimhsí dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo a chomhshuimiú agus a mheas gur seirbhís chun críocha na Coda sin II iad.

(2) Más rud é i dtosach feidhme an ailt seo, go sealbhóidh Séamas O Murchadha oifig phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin Bhord Cúnaimh Bhaile Atha Cliath:—

(a) measfar a ainm a bheith taifeadta sa chlár atá á choimeád ag an mBord sin faoi Chuid II den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 , agus a bheith taifeadta amhlaidh de dhroim iarratais arna dhéanamh go cuí faoi fho-alt (1) d'alt 37 den Acht sin,

(b) féadfar iad seo a leanas a chomhshuimiú agus a mheas gur seirbhís chun críocha na Coda sin II iad:

(i) a sheirbhís mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an Bhoird sin,

(ii) a sheirbhís mar choimisinéir don Bhord sin,

(iii) an tseirbhís a thug sé roimh an tseirbhís a luaitear i bhfo-mhír (ii) den mhír seo agus is ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1954, agus

(iv) a sheirbhís mar choimisinéir d'Aontas Bhaile Atha Cliath, agus

(c) measfar gurb oifigeach inphinsin don Bhord sin é i leith na seirbhíse a luaitear i bhfo-mhíreanna (i), (ii) agus (iv) de mhír (b) den fho-alt seo, ach ní bheidh feidhm maidir leis ag fo-alt (6) d'alt 37 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 .

Tórainn aoise d'oifigí áirithe.

24. —(1) (a) Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1941 tríd an bhfo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur leis.

(b) Measfar an fo-alt seo a theacht i ngníomh ar thosach feidhme ailt 23 d'Acht 1941 agus beidh gach dearbhú a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, i riocht dearbhuithe faoin alt sin, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí agus dá dtagadh an t-alt seo i ngníomh an uair sin faoi réir an choinníll nach bhforléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar ní a dhéanas difir d'aon imeachta a tionscnadh san Ard-Chúirt roimh an 7ú lá d'Iúil, 1954, i leith aon dearbhuithe den tsórt sin maidir leis na páirtithe sna himeachta sin.

(c) An leasú ar alt 23 d'Acht 1941 atá i mír (a) den fho-alt nua a chuireas an fo-alt seo leis an alt sin, ní measfar é a bheith ina dhearbhú, ná dearbhú a bheith le tuiscint as, go raibh an dlí faoin alt sin, nó gur mheas an tOireachtas go raibh sé, neamhionann leis an dlí faoin alt sin arna leasú amhlaidh.

(2) (a) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 ( Uimh. 9 de 1944 ), tríd an bhfo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur leis.

(b) Measfar an fo-alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 , a rith, agus beidh gach dearbhú a rinneadh, roimh an Acht seo a rith, i riocht dearbhuithe faoin alt sin, agus measfar go raibh sé riamh, chomh bailí agus dá dtagadh an t-alt seo i ngníomh an uair sin.